YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 9

9
Caibidil IX
Tig athrughadh crotha ar Íosa. Teilgeann sé amach an spiorad balbh. Teagascann sé uirísleacht a chleachtadh agus scainneal a sheachnadh.
1Agus i gcionn shé lá gabhann Íosa chuige Peadar agus Séamus agus Eoin,#Mait. 17, 1; Lúc. 9, 28. agus bheir sé leis leo féin ar leith iad suas ar shliabh an-árd, agus h-athruigheadh a chruth ina bhfiadhnaise.
2Agus dʼéirigh a chuid éadaigh lonnrach agus an-gheal mar shneachta, ar chuma nach dtiocfadh le h-aon úcaire ar talamh a ngealadh.
3Agus taidhbhsigheadh dóibh Elías mar aon le Maoise, agus bhí siad ag cainnt le h-Íosa.
4Agus dʼfhreagair Peadar agus deir le h-Íosa: A Mháighistir, is maith dúinn a bheith annseo, agus déanamaois trí botha, ceann duit-se, agus ceann do Mhaoise, agus ceann do Elías.
5Óir ní raibh a fhios aige cad é bhí dá rádh aige; óir bhí siad scannruighthe leis an eagla.
6Agus tháinic néall a chuir a scáile ortha, agus tháinic guth as an néall, ag rádh: Is é seo mo Mhac ró-ionmhuin: éistigidh leis.
7Agus ag amharc thart dóibh ar an bhall, ní fhaca siad aoinneach ní ba mhó acht amháin Íosa ina dteannta.
8Agus ag teacht anuas óʼn tsliabh dóibh,#Mait. 17, 9. dʼórduigh sé dóibh gan na neithe a chonnaic siad dʼinnse dʼaoinneach, acht nuair a dʼéireochadh Mac an Duine arís ó mharbhaibh.
9Agus chongbhuigh siad an chainnt sin eatortha, ag fiafruighe dá chéile cad é ba chiall le “Nuair a dʼéireochadh sé arís ó mharbhaibh.”
10Agus cheistigh siad é, ag rádh: Cad chuige, mar sin, a n-abrann na Fairisínigh agus na Scríobhaidhthe go mbʼéigean do Elías teacht a chéadradh?#Mal. 4, 5.
11Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: Nuair a thiocfas Elías a chéadradh, dhéanfaidh sé gach nídh dʼathnuadhadh; agus mar atá scríobhtha#Isaias 53, 3 agus 4. fá Mhac an Duine, go bhfulaingeochaidh sé mórán neithe agus go dtabharfar tarcuisne dó.
12Acht deirim-se libh go dtáinic#Mait. 17, 12. Elías fosta, agus rinne siad leis cibé a ba toil leo, do réir mar atá scríobhtha fá dtaoibh de.
13Agus ar theacht chuig a dheisciobail dó, chonnaic sé sluagh mór ina dtimcheall, agus na Scríobhaidhthe ghá gceistiughadh.
14Agus láithreach nuair a chonnaic na daoine Íosa, bhí iongantas agus eagla ortha go léir, agus rith siad chuige gur bheannuigh dó.
15Agus dʼfhiafruigh sé díobh: Cá faoi a bhfuil sibh ag ceistiughadh a chéile?
16Agus dubhairt duine deʼn tsluagh,#Lúc. 9, 38. ghá fhreagairt: A Mháighistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann,
17Agus gach uair a mbeireann sé air, caitheann sé ar lár é, agus bíonn cubhar le n-a bhéal, agus ghní sé díoscarnach le n-a fhiacla, agus seargann sé: agus dubhairt mé le do dheisciobail é a theilgean amach, agus ní tháinic leo.
18Agus dubhairt sé leo, ghá bhfreagairt: A ghlúin gan chreideamh, cá fhad a bhéas mé i bhur measc? Cá fhad a fhulaingeochas mé sibh? Beirigidh chugam é.
19Agus thug siad chuige é. Agus nuair a chonnaic sé é, chuir an spiorad mí-órdughadh air láithreach, agus ar thuitim ar an talamh dó, bhí sé ghá ionfairt féin, ag cur chubhair de.
20Agus dʼfhiafruigh sé dá athair: Cad é an fad aimsire atá sé ó thárla seo dó? Agus dubhairt seisean: Ó bhí sé ina leanbh.
21Agus is minic a chaith sé i dteinidh agus i n-uisce é chun é a mharbhadh; acht máʼs féidir duit aon rud a dhéanamh, bíodh truaighe agat dúinn agus cabhruigh linn.
22Agus dubhairt Íosa leis: Máʼs féidir leat creidbheáil, tá gach nídh indéanta doʼn té a chreideas.
23Agus ar an bhomaite scairt athair an ghasúir amach agus na deora leis, agus dubhairt: Creidim, a Thighearna: fóir ar mo dhíchreideamh.
24Agus nuair a chonnaic Íosa an sluagh ag teacht ina rith, bhagair sé ar an spiorad neamhghlan, ag rádh leis: A spioraid bhodhair, bhailbh, órduighim duit, imthigh amach as, agus ná téigh isteach ann níos mó.
25Agus ag béicigh dó, stróc sé go mór é, agus dʼimthigh amach as, agus dʼéirigh sé mar dhuine marbh, ionnas gur dhubhairt mórán: Tá sé marbh.
26Acht rug Íosa ar a láimh gur thóg sé é, agus dʼéirigh sé.
27Agus nuair a tháinic sé isteach chun tighe, dʼfhiafruigh a dheisciobail de fá rún: Cad chuige nach dtáinic linne é a theilgean amach?
28Agus dubhairt seisean leo: Ní féidir doʼn chinéal seo dul amach tré aon nídh acht tré urnaighe agus troscadh.
29Agus ar fhágáil na h-áite sin dóibh, chuaidh siad fríd an Ghailile, agus níorbh áil leis go mbéadh a fhios sin ag aoinneach.
30Agus thug sé teagasc dá dheisciobail, agus dubhairt sé leo: Bhéarfar Mac an Duine i lámha daoine,#Mait. 17, 21; Lúc. 9, 22, agus 9, 44. agus cuirfidh siad chun báis é, agus i ndiaidh a mharbhtha éireochaidh sé arís ar an treas lá.
31Acht níor thuig siad an chainnt, agus bhí eagla ortha fiafruighe de.
32Agus tháinic siad go Capharnaum. Agus nuair a bhí siad san tigh, dʼfhiafruigh sé díobh: Cá h-air a raibh sibh ag trácht ar an bhealach?
33Acht dʼfhan siad ina dtost; óir ar an bhealach bhí siad ag díospóireacht#Mait. 18, 1; Lúc. 9, 46. le chéile, cé acu ba mhó.
34Agus ag suidhe síos dó, ghoir sé chuige an dáréag, agus deir leo: Máʼs mian le h-aoinneach bheith i dtoiseach, béidh sé ar an duine deiridh deʼn iomlán agus ina sheirbhíseach ag an iomlán.
35Agus ag breith ar leanbh dó, chuir sé ina sheasamh i lár báire eatortha é; agus nuair a chuach sé ina ucht é, dubhairt sé leo:
36Cibé a ghabhfas chuige ceann dá leithéidí seo de pháistí, gabhann sé mise chuige, agus cibé ar bith a ghabhfas mise chuige, ní mise a ghabhas sé chuige, acht an té a chuir uaidh mé.
37Dʼfhreagair Eoin é,#Lúc. 9, 49. ag rádh: A Mháighistir, chonnacamar duine, nach leanann sinne, ag cur amach deamhan i dʼainm-se, agus choscamar é.
38Agus dubhairt Íosa: Ná coscaigidh é; óir ní fhuil aoinneach#1 Cor. 12, 3. a ghní míorbhail i mʼainm-se a dtigidh leis labhairt go h-olc orm gan mhoill.
39Óir an té nach mbíonn i bhur n-aghaidh, bíonn sé i bhur leith.
40Óir cibé a bhéarfas cupán uisce le h-ól díbh i mʼainm-se, de bhrígh gur le Críost sibh, amén adeirim libh, ní chaillfidh sé a luach saothair.#Mait. 10, 42.
41Agus cibé a bhéarfas scainneal do chionn de na rudaí beaga seo a chreideas ionnam-sa, bʼfheárr dó go mór dá gcuirtí bró asail fá n-a mhuinéal, agus go gcaithtí san fhairrge é.#Mait. 18, 6; Lúc. 17, 2.
42Agus má bheir do lámh scainneal duit,#Mait. 5, 30, agus 18, 8. gearr díot í; is feárr duit dul isteach ciothramach san bheatha, ná dhá láimh a bheith ort agus dul go h-ifreann, san teinidh nach féidir a múchadh,
43Áit nach n-éagann a bpéist,#Isaias 66, 24. agus nach múchtar an teine.
44Agus má bheir do chos scainneal duit, gearr díot í; is feárr duit dul isteach bacach chun na beatha síorraidhe, ná dhá chois a bheith ort agus do theilgean isteach go h-ifreann na teineadh do-mhúchta,
45Áit nach n-éagann a bpéist, agus nach múchtar an teine.
46Agus má bheir do shúil scainneal duit, caith uait í; is feárr duit dul isteach i ríoghacht Dé ar leath-shúil, ná dhá shúil a bheith agat agus do theilgean isteach go h-ifreann na teineadh,
47Áit nach n-éagann a bpéist, agus nach múchtar an teine.
48Óir saillfear#Leibh. 2, 13. gach aoinneach le teinidh, agus saillfear gach íodhbairt le salann.
49Is maith an rud salann;#Mait. 5, 13; Lúc. 14, 34. acht má bhíonn an salann leamh, cá leis a ndéanfaidh sibh déaghbhlasta é? Bíodh salann ionnaibh, agus bíodh síothcháin eadraibh.

Currently Selected:

Marcus 9: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in