YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 10

10
Caibidil X
Tá ceangal an Phosta do-scaoilte. Contabhairt an tsaidhbhris. Glóirmhian chlann Sebede. Leigheastar dall.
1Agus ar éirghe as sin dó, tháinic sé go críocha Iudaia#Mait. 19, 1. taobh thall deʼn Iordáin, agus chruinnigh na sluaighte chuige arís, agus mar ba ghnáthach leis, thug sé teagasc arís dóibh.
2Agus tháinic na Fairisínigh chuige gur fhiafruigh de, ag cur féachála air: An ceadmhach do fhear a bean a chur ar shiubhal?
3Agus dubhairt seisean leo, ghá bhfreagairt: Cad é dʼórduigh Maoise díbh?
4Agus dubhairt siad-san: Cheaduigh Maoise#Deut. 24, 1. litir dhealuighthe a scríobhadh, agus í chur ar shiubhal.
5Agus dʼfhreagair Íosa iad agus dubhairt: Mar gheall ar chruádhas bhur gcroidhe scríobh sé an aithne sin díbh:
6Acht ó thús an chruthuighthe rinne Dia#Gein. 1, 27. fireann agus baineann iad.
7Mar gheall ar sin fágfaidh duine a athair agus a mháthair, agus claoidhfidh sé le n-a mhnaoi,#Gein. 2, 24; Mait. 19, 5; 1 Cor. 7, 10; Eph. 5, 31.
8Agus béidh siad beirt i n-aon cholainn amháin.#1 Cor. 6, 16. Ar an adhbhar sin, ní dhá cholainn iad feasta, acht aon cholann amháin.
9An nídh, dá bhrígh sin, a cheangail Dia, ná scaoileadh duine é.
10Agus san tigh cheistigh a dheisciobail é arís fáʼn nídh céadna.
11Agus deir sé leo: Cibé ar bith a chuirfeas a bhean ar shiubhal agus bean eile a phósadh, ghní sé adhaltranas ina h-aghaidh.
12Agus má chuireann bean a fear ar shiubhal agus fear eile a phósadh, ghní sí adhaltranas.
13Agus thairg siad leinbh dó chun go gcuireadh sé a lámha ortha. Acht bhí na deisciobail ag cosc na ndaoine a bhí ghá dtabhairt chuige.
14Agus nuair a chonnaic Íosa iad, bhí sé mí-shásta, agus dubhairt leo: Leigigidh do na leinbh teacht chugam-sa, agus ná cuirigidh cosc ortha: óir is le n-a leithéidí sin ríoghacht Dé.
15Amén adeirim libh: An té nach nglacfaidh chuige ríoghacht Dé ar nós leinbh, ní rachaidh sé isteach inntí.
16Agus ghá nglacadh chuige ina ucht dó, agus ag cur a lámh ortha, bheannuigh sé iad.
17Agus nuair a chuaidh sé amach ar an bhóthar, rith duine áirithe#Mait. 19, 16; Lúc. 18, 18. roimhe, chrom a ghlún ós a chómhair, agus dʼfhiafruigh de: A Mháighisthir mhaith, cad é dhéanfas mé chun go bhfaghainn an bheatha shíorraidhe?
18Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige a ngoireann tú maith díom? Ní maith aoinneach#10, 18 Ní maith aoinneach. Ní maith aoinneach ar fad agus te bhrígh a nádúna, acht amháin Dia: is féroir do dhaoine a bheit maith fosta tré bheith páirteach i maitheas Dé. acht Dia amháin.
19Is eol duit na h-aitheanta:#Ecs. 20, 13. Ná déan adhaltranas; ná déan marbhadh; ná déan goid; ná tabhair fiadhnaise bhréige; ná déan feall; tabhair onóir do dʼathair agus do do mháthair.
20Acht dubhairt seisean leis, ghá fhreagairt: A Mháighistir, choimhéad mé na neithe sin uilig ó mʼóige.
21Agus dʼfhéach Íosa air, thug sé grádh dó, agus dubhairt leis: Tá tú i n-easbaidh aon nídh amháin: imthigh, díol a bhfuil agat agus tabhair do na bochta é, agus béidh stór ar neamh agat; agus tar, lean mise.
22Acht chuir an chainnt sin buaidhreamh mór air agus dʼimthigh sé fá bhrón; óir ba duine é a raibh mórán saidhbhris aige.
23Agus ag amharc thart timcheall do Íosa, deir sé le n-a dheisciobail: Nach deacair dóbhtha sin a mbíonn saidhbhreas acu dul isteach i ríoghacht Dé.
24Agus ghabh uathbhás na deisciobail ná n-a bhriathra. Acht dʼfhreagair Íosa agus deir sé: A chlann, nach deacair dóbhtha sin a mbíonn a muinighin as saidhbhreas dul isteach i ríoghacht Dé.
25Is fusa do chamall dul fríd chró snáthaide ná do dhuine saidhbhir dul isteach i ríoghacht Dé.
26Agus rinne siad ní ba mhó iongantais, ag rádh le n-a chéile: Agus cé ar féidir dó bheith sábháilte?
27Agus dearcann Íosa ortha agus deir: Ní fhuil sé ar chumas daoine, acht tá ar chumas Dé; óir tá gach uile nídh so-dhéanta ag Dia.
28Agus thoisigh Peadar a rádh leis:#Mait. 19, 27; Lúc. 18, 28. Féach, thréigeamar gach uile nídh, agus leanamar thusa.
29Dʼfhreagair Íosa agus dubhairt: Amén adeirim libh, ní fhuil aoinneach dá bhfágfaidh teach, nó dearbhráithre, nó deirbhsheathracha, nó athair, nó máthair, nó clann, nó talamh, ar mo shon-sa agus ar son an tsoiscéil,
30Nach bhfuighidh a chéad oiread anois ins an aimsir seo, tighthe, agus dearbhráithre, agus deirbhsheathracha, agus máithreacha, agus clann, agus talamh, mar aon le géirleanamhaint, agus beatha shíorraidhe ar an tsaoghal atá le theacht.
31Óir béidh mórán dá bhfuil i dtoiseach ar deireadh,#Mait. 19, 30. agus dá bhfuil ar deireadh i dtoiseach.
32Agus bhí siad ar an bhealach ag dul suas go h-Ierusalem, agus bhí Íosa ag siubhal rompa, agus bhí iongantas ortha, agus ghá leanamhaint dóibh, bhí eagla ortha. Agus ghabh sé chuige an dáréag arís agus thoisigh sé a innse dóibh#Lúc. 18, 31. na neithe a bhí le tuitim amach dó:
33Féach, támuid ag dul suas go h-Ierusalem, agus bhéarfar Mac an Duine suas do uachtaráin na sagart, agus do na Scríobhaidhthe agus na seanóirí, agus daorfaidh siad chun bá is é, agus bhéarfaidh siad suas do na cinidheacha é,
34Agus dhéanfaidh siad magadh faoi, agus caithfidh siad seileogaí air, agus sciúrsálfaidh siad é, agus cuirfidh siad chun báis é, agus éireochaidh sé arís ar an treas lá.
35Agus tig Séamus agus Eoin, clann Sebede, chuige,#Mait. 20, 20. ag rádh: A Mháighistir, is mian linn go ndéanthá dúinn cibé nídh a iarrfas sinn ort.
36Acht dubhairt seisean leo: Cad é is mian libh go ndéanfainn díbh?
37Agus dubhairt siad: Tabhair dúinn go suidhidh duine againn ar do láimh dheis agus an duine eile ar do láimh chlí i do ghlóir.
38Acht dubhairt Íosa leo: Ní fhuil a fhios agaibh cad é atá dá iarraidh agaibh: an féidir libh an chailís a ólaim-se dʼól, nó bhur mbaisteadh leis an bhaisteadh le n-a mbaistear mise?
39Agus dubhairt siad-san leis: Is féidir. Acht dubhairt Íosa leo: Ólfaidh sibh go dearbhtha an chailís a ólaim-se, agus baistfear sibh leis an bhaisteadh le n-a mbaistear mise:
40Acht suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí ní liom-sa a thabhairt díbh-se, acht doʼn méid dár h-ullmhuigheadh é.
41Agus nuair a chuala an deichneabhar seo, thoisigh siad a ghlacadh feirge le Séamus agus Eoin.
42Acht ghoir Íosa chuige iad agus deir leo: Tá a fhios agaibh an lucht a shamhluightear a bheith ós cionn na gcinidheach, go mbíonn tighearnas acu ortha,#Lúc. 22, 25. agus bíonn smacht ag a bprionnsaí ortha.
43Acht ní mar sin a bhíos sé eadraibh-se, acht cibé ar mian leis bheith ina dhuine mhór, béidh sé ina fhreastalaidhe agaibh,
44Agus cibé ar mian leis bheith i dtoiseach oraibh, béidh sé ina sheirbhíseach ag an iomlán.
45Óir ní tháinic Mac an Duine féin chun freastal dʼfhagháil, acht chun freastal a dhéanamh, agus chun a anam a thabhairt mar éiric ar son mhóráin.
46Agus tig siad go h-Ierico.#Mait. 20, 29; Lúc. 18, 35. Agus le linn dul amach dó féin agus dá dheisciobail agus do shluagh an-mhór as Ierico, bhí an dall, Bartimaeus, mac Timaeuis, ina shuidhe cois an bhóthair ag iarraidh déirce.
47Agus nuair a chuala sé gurbh é Íosa as Nasair a bhí ann, thoisigh sé a scairtigh agus a rádh: A Íosa, a Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm.
48Agus bhí mórán a bhagair air a bheith ina thost. Acht ba mhó go mór a scairt seisean amach: A Mhic Dháibhidh, déan trócaire orm.
49Agus stad Íosa agus dʼórduigh sé glaodhach air. Agus glaodhann siad ar an dall, ag rádh leis: Bí níos ciúine, éirigh: tá sé ag glaodhach ort.
50Agus ag caitheamh de a fhallainge dó, léim sé ina sheasamh, agus tháinic chuig Íosa.
51Agus dʼfhreagair Íosa agus dubhairt leis: Cad é is toil leat go ndéanfainn duit? Agus dubhairt an dall leis: A Mháighistir, amharc mo shúl dʼfhagháil.
52Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh, rinne do chreideamh slán thú. Agus fuair sé amharc na súl ar an bhomaite, agus lean sé é ar an bhealach.

Currently Selected:

Marcus 10: ASN1943

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in