Marcus 11
11
Caibidil XI
Téigheann Íosa isteach go h-Ierusalem ar mhuin asail. Malluigheann sé an crann fíge neamhthorthach; agus ruaigeann sé na ceann-aidhthe amach as an teampall.
1Agus nuair a tháinic siad i n-aice le h-Ierusalem#Mait. 21, 1; Lúc. 19, 29. agus Betánia, ag Sliabh na gCrann Ola, cuireann sé beirt dá dheisciobail uaidh,
2Agus deir sé leo: Téighigidh isteach san bhaile sin thall ós bhur gcómhair, agus cómh luath agus rachas sibh isteach annsin gheobhaidh sibh searrach ceangailte nach ndearna aon duine marcaidheacht air ariamh go fóill: scaoiligidh agus tabhairigidh annseo é.
3Agus má deir aoinneach libh: Cad é tá dá dhéanamh agaibh? Abraigidh: Tá sé do dhíth ar an Tighearna: agus ar an bhomaite leigfidh sé annseo é.
4Agus ar imtheacht dóibh fuair siad an searrach ceangailte amuigh ag an gheafta i gcómhrac dhá bhóthar, agus scaoil siad é.
5Agus dubhairt daoine áirithe dá raibh ina seasamh annsin leo: Cad é seo atá dá dhéanamh agaibh, ag scaoileadh an tsearraigh?
6Agus dhubhairt siad-san mar a dʼórduigh Íosa dóibh; agus leig siad leo é.
7Agus thug siad an searrach chuig Íosa,#Eoin 12, 14. agus leagann siad a gcuid éadaigh air, agus chuaidh seisean a mharcaidheacht air.
8Agus spréidh mórán a gcuid éadaigh ar an bhóthar; acht ghearr tuilleadh géaga de na crainn agus chraith siad ar an bhóthar iad.
9Agus, an lucht a bhí ag dul roimhe agus an lucht a bhí ag teacht ina dhiaidh, bhí siad ag scairtigh, agus ag rádh: Hosanna:#Sailm 117, 26; Mait. 21, 9; Lúc. 19, 38.
10Is beannuighthe an té a thig i n-ainm an Tighearna; is beannuighthe ríoghacht ár n-athar Dáibhidh atá ag teacht; Hosanna ins na flaithis is áirde.
11Agus chuaidh Íosa isteach go h-Ierusalem agus isteach san teampall,#Mait. 21, 10. agus i ndiaidh amharc thart ar gach nídh dó, nuair a bhí an tráthnóna ann, chuaidh sé amach go Betánia leis an dáréag.
12Agus lá ar n-a bhárach nuair a bhí siad ag dul amach as Betánia, bhí ocras air.
13Agus nuair a chonnaic sé i bhfad uaidh crann fíge#Mait. 21, 19. a raibh duilleogaí air, tháinic sé a fhéachaint an bhfuigheadh sé aon nídh air; agus nuair a tháinic sé fhad leis, ní fhuair sé dadamh acht duilleogaí; óir ní raibh séasúr na bhfígí ann.
14Agus dʼfhreagair sé agus dubhairt leis: Feasta nár ithidh aoinneach toradh díot a choidhche níos mó. Agus chuala a dheisciobail é.
15Agus tig siad go h-Ierusalem. Agus nuair a chuaidh sé isteach san teampall,#Mait. 21, 12. thoisigh sé a thiomáint amach na ndaoine a bhí ag díol agus ag ceannach san teampall, agus leag sé táblaí na malartóirí airgid agus cathaoireacha lucht díolta na gcolmán,
16Agus níor cheaduigh sé dʼaoinneach soitheach dʼiomchar fríd an teampall,
17Agus thug sé teagasc, ag rádh leo: Nach bhfuil sé scríobhtha: Goirfear#Isaias 56, 7; Ier. 7, 11. teach urnaighthe do na cinidheacha go léir de mo thigh-sé? Acht rinne sibh-se uamhach ghadaidhthe de.
18Nuair a chuala uachtaráin na sagart agus na Scríobhaidhthe sin, bhí siad ar lorg slighe chun é chur chun báis; acht bhí eagla ortha roimhe, óir bhí an sluagh uilig ag déanamh iongantais dá theagasc.
19Agus nuair a bhí sé iná thráthnóna dʼimthigh sé amach as an chathair.
20Agus ag dul thairis dóibh ar maidin chonnaic siad an crann fíge smalta go fréamhacha.
21Agus chuimhnigh Peadar agus dubhairt sé leis: A Mháighistir, féach, an crann fíge a mhalluigh tú, smal sé.
22Agus deir Íosa leo, ghá bhfreagairt:#Mait. 21, 21. Bícdh creideamh Dé agaibh.
23Amén adeirim libh, cibé a déarfas leis an tsliabh seo: Tógtar agus caithtear san fhairrge thú, agus nach staonfaidh ina chroidhe, acht chreidfeas go ndéanfar cibé ar bith a déarfas sé, dhéanfar dó é.
24Dá bhrígh sin, deirim libh: Gach uile nídh#Mait. 7, 7, agus 21, 22. a iarras sibh ag guidhe díbh, creidigidh go bhfuighidh sibh é, agus gheobhaidh sibh é.
25Agus ag seasamh chun urnaighthe díbh, má bhíonn aon nídh agaibh i n-aghaidh duine éigin,#Mait. 6, 14 agus 18, 35; Lúc. 11, 9. maithigidh dó é, ionnas go maithidh bhur n-Athair atá ar neamh bhur bpeacaidhe díbh-se fosta.
26Óir muna maithidh sibh-se, ní mhaithfidh bhur n-Athair atá ar neamh bhur bpeacaidhe díbh-se.
27Agus tig siad go h-Ierusalem arís.#Lúc. 20, 1. Agus nuair a bhí sé ag siubhal san teampall, tig na h-Árdshagairt, agus na Scríobhaidhthe agus na seanóirí,
28Agus deir siad leis: Cad é an t-ughdarás le n-a ndéan tú na neithe seo? Agus cé thug an t-ughdarás seo duit, chun na neithe seo a dhéanamh?
29Acht dubhairt Íosa leo, ghá bhfreagairt: Cuirfidh mise fosta aon cheist amháin oraibh-se, agus freagraigidh mé, agus innseochaidh mise díbh cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo.
30Arbh ó neamh, nó ó dhaoine, Baisteadh Eoin? Freagraigidh mé.
31Acht mheabhruigh siad-san leo féin, ag rádh: Má deirimíd: Ó neamh, déarfaidh seisean: Cad chuige, mar sin, nár chreid sibh é?
32Agus má deirimíd: Ó dhaoine, tá eagla orainn roimh an phobal, óir bʼé a meas uilig ar Eoin gurbh fháidh go fíor é.
33Agus deir siad le h-Íosa, ghá fhreagairt: Ní fhuil a fhios againn. Agus freagrann Íosa iad-san, agus deir sé leo: Ní innsim-se díbh-se acht a oiread cad é an t-ughdarás le n-a ndéanaim na neithe seo.
Currently Selected:
Marcus 11: ASN1943
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
rights held by the Bible Society in Northern Ireland

: