Gníomhartha 10
10
CAIBIDIOL X.
Cornélius d’á ghlachadh isteach sa n-Eaglais. Aisling Pheadair.
1Ach bhí i gCaesaréa fear n-ar bh’ainim dó Cornélius, taoiseach céad ar an mbuidhin airm ar a dtugtar an Eadáileach, 2Fear diadha n-a raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach, do thugadh mórán déarca uaidh do sna daoine, agus a bhíodh ag guidhe Dé coitchianta.
3Do chonnaic an fear san, i n-aisling, go soiléir, tuairim an naomhadh tráth sa lá, aingeal ó Dhia ag teacht chuige isteach, agus dubhairt an t-aingeal leis: A Chornélius! 4Agus dubhairt seisean, agus é ag féachainc air agus eagla mór air: Cad é sin, a Thighearna? Agus dubhairt sé leis: Taid t’úrnuighthe agus do dhéirc imighthe suas, i gcuímhne, i láthair Dé. 5Agus anois cuir fir go Ioppé agus glaoidh chughat Símón, ar a dtugtar Peadar. 6Tá sé ar lóisdín i dtigh Shímóin, fear leasuighthe leathair, n-a bhfuil a thigh ar bruach na faraige; neósfaidh sé sin duit cad ’tá le déanamh agat. 7Agus nuair a d’imthigh an t-aingeal, a bhí ag cainnt leis, do ghlaoidh sé chuige beirt d’á theaghlach féin agus fear airm n-a raibh eagla an Tighearna air, daoine a bhí úmhal dó. 8Agus d’innis sé dhóibh gach nídh agus chuir sé go Ioppé iad.
9Amáireach a bhí chúghainn, agus iadsan ag cur na slíghe dhíobh agus ag teacht chun na catharach, tuairim an sémhadh tráth, chuaidh Peadar suas i n-uachtar an tighe chun úrnuighthe dhéanamh. 10Ansan tháinig ocras air agus ba mhian leis bia do chaitheam. Agus an fhaid a bhíodar ag ollmhú an bhídh dó tháinig támhnéal air. 11Chonnaic sé na flathais ar osgailt agus árthach, mar a bhéadh bairlín ana-mhór agus í d’á leigint anuas, le n-a cheithre cúinníbh, as na flathais chun an tailimh. 12Agus bhí uirthi an uile shaghas ainmhighthe cheithre gcos, agus piastaí, agus éanlaithe an aéir. 13Agus do labhair guth leis: Eirigh, a Pheadair, agus mairbh agus ith! 14Ach dubhairt Peadar: Nár leigidh Dia go ndéanfainn san, a Thighearna, óir níor itheas riamh bia coitchian ná bia neamhghlan. 15Agus do labhair an guth airís leis: An nídh a ghlan Dia ná tabhairse coitchian air! 16Do deineadh san trí h-uaire as a chéile agus ansan do tógadh an t-árthach thar n-air isteach ins na flathais.
17Agus an fhaid a bhí Peadar ’ghá bhreithniú i n’ aigne cad é an saghas an radharc san a chonnaic sé, féach, bhí na fir a chuir Cornélius uaidh ’n-a seasamh ag an ndorus, ’ghá fhiafraighe cá raibh thigh Shímóin. 18Agus do ghlaodhadar agus d’fhiafraighdar an raibh Símón ar a dtugtar Peadar, ar lóistín sa tigh. 19Bhí Peadar, ámhthach, ag cuímhneamh ar an aisling agus dubhairt an Spioraid leis: Féach, tá triúr fear ad’ lorg. 20Eirigh, dá bhrígh sin, agus imthigh síos agus gluais leó, óir is mise chuir chúghat iad. 21D’imthigh Peadar síos chun na bhfear agus dubhairt sé: Féach, is mise atá uaibh: Cad chuige go dtánabhair? 22Agus dubhradar-san: Cornélius, an taoiseach céad, fear atá fíoraonta úmhal do Dhia agus go bhfuil meas mór ag na Iúdaígh go léir air, fuair sé freagra ó aingeal naomhtha ’ghá rádh leis fios a chur ortsa chun a thíghe agus éisteacht le cainnt uait. 23Do rugh sé isteach iad ansan i gcóir na h-oidhche. Agus d’eirigh sé amáireach a bhí chúghainn agus ghluais sé i n-aonfheacht leó, agus chuaidh raint de sna bráithnibh ó Ioppé le n-a chois.
24Chuaidh sé isteach i gCaesaréa an lá ’n-a dhiaidh san, agus bhi Cornélius ag feitheamh leó agus a ghaolta agus a cháirde cruinnighthe aige. 25Asus do thárla nuair a tháinig sé isteach go dtáinig Cornélius ’n-a choinnibh agus gur shléacht sé agá chosaibh ghá onórú. 26Ach do thóg Peadar suas é agus dubhairt sé: Éirigh! Duine iseadh mise féin, leis. 27Agus tháinig sé isteach sa tigh agus é ag cainnt leis, agus fuair sé an mhórchuid daoine cruinnighthe istigh,
28Agus dubhairt sé leó: is eól daoibhse conus mar is urghráin d’fhear Iúdach baint ná comhluadar a dhéanamh le cine iasachta, ac do thaisbeáin Dia dhómhsa gan coitchian ná neamhghlan a thabhairt ar aon duine. 29Dá bhrígh sin, chómh luath agus a cuireadh sios orm thánag gan stad. Fiafraighim, uime sin, cad chuige gur chuiregbhair fios orm?
30Agus dubhairt Cornélius: Cheithre lá ó shin, go dtí an uair seo, bhíos am thigh um an naomhadh tráth agus me ag guidhe, agus féach, do sheasaimh fear ar m’aghaidh amach agus éadach geal air agus dubhairt sé: 31A Chornélius, tá éistithe le d’ ghuidhe agus tá cuimhne ar do dhéirc i láthair Dé. 32Cuir fios go Ioppé, dá bhrígh sin, an Shímón ar a dtugtar Peadar: tá sé an lóisdín i dtigh Shímóin, an fear leasuighthe leathair, i n-aice na faraige. 33Ansan do chuireas fios ortsa láithreach agus is maith an teacht agatsa é. Agus táimíd go léir anso anois ad láthair chun éisteacht le gach uile níd a dh’órduigh Dia dhuit.
34Ansan d’osgail Peadar a bhéal agus dubhairt sé: Is léir dom le fírinne ná féachann Dia do #Deut. 10:17; 2 Par. 19:7; Iób 34:19; Eagna 6:8; Eccli. 35:15; Rómh. 2:11; Gal. 2:6; 1 Pead. 1:17.pheansain seachas pearsa, 35Ach go bhféachann sé do’n t-é sin, ins gach cine, ’na mbhíonn a eagla air agus a dheineann fíoraontacht.#10:35 Ver. 35. ins gach cine, ⁊rl., .i. Ní Iúdaígh amháin ach geinte leis, pé cine gur díobh iad, atá taithneamhach i láthair Dé, má tá eagla Dé ortha agus má dheinid siad deagh-oibreacha. Ach tuigtear i gcómhnuighe nách fuláir dóibh an creideamh fírinneach a bheith acu, óir “gan creideamh (adeir Pól naomhtha, Eabhr. 11:6) ní féidir Dia do shásamh.” Seachain, d’á bhrígh sin, an mhuinntir a deir, a’ bríg na cainnte sin, gur féidin do lucht gach creidimh bheith taithneamhach i láthair Dé. Mar ó nár tháinig ó Dia ach an creideamh fírinneach, ls léir gur ó athair an éithígh atá gach creideamh fallsa, agus nách féidir dóibh gan bheith míthaithneamhach i láthair Dé na fírinne. 36Do chuir Dia an briathar chun clainne Israéil, ag fógairt síothchána tré Íosa Críost, (siné is Tighearna ar gach uile nídh): 37Is eól daoibhse an focal a labhradh ar fuid Iúdaéa go léir, #Lúc. 4:14.óir do thusnuigh sé ó Ghaililí tar éis an bhaiste a chraobhsgaoil Eóin: 38Íosa ó Nasaret: chonus mar do ong Dia é leis an Spioraid Naomh agus le cómhacht, agus gur ghluais sé ag déanamh tairbhthe agus ag leigheas na ndaoine a bhí fé annsmacht an diabhail, toisg Dia bheith leis. 39Agus is fínnithe sinne ar gach nídh dár dhein sé i gcrích na nIúdach agus i n-Ierúsalem, gur cuireadh chun bháis é ’dhá chrochadh ar an gcrann. 40Agus do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá agus thug sé le feisgint é, 41Ní do’n phobul go léir, ach d’fhínnithibh a bhí ceapaithe ag Dia roim ré: dúinne, a chaith bia agus deoch n’fhochair tar éis éirighthe dhó ós na mairbh. 42Agus d’órduigh sé dhúinn craobhsgaoile dhéanamh do sna daoine, agus fiaidhnaise dhéanamh air gur b’é féin atá ceapaithe ag Dia chun bheith ’n-a bhreitheamh ar bheoibh agus ar mharbhaibh. 43#Ierem. 31:34.Is air seo a dheinid na fáidhe go léir fiadhnaise, gur i n’ainimsean atá maitheamhnachus peacaí le fághail ag gach aoinne a chreideann ann.
44An fhaid a bhí Peadar ag rádh na cainnthe sin do thúirling an Spioraid Naomh ar a raibh ag éisteacht leis an mbriathar. 45Agus lucht an tímpallghearrtha a tháinig i n-aonfheacht le Peadar, bhí uathbhás ortha a rádh gur tháinig grásta an Spioraid Naoimh ar na geintibh. 46Mar bhíodar ag éisteacht leó ag labhairt na dteangthacha agus ag móradh Dé. 47Ansan d’fhreagair Peadar: An féidir d’aoinne an t-uisge chimeád uainn san a mbaistfí na daoine seo atá tar éis an Spioraid Naoímh a ghlacadh chómh maith linn féin? 48Agus d’órduigh sé iad do bhaiste i n-ainim an Tighearna Íosa Críost. Ansan d’iarradar air fanmhaint ’n-a bhfochair raint laethanta.
Currently Selected:
Gníomhartha 10: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.