Gníomhartha 12
12
CAIBIDIOL XII.
Géarleanmhaint Héróid. Peadar dá fhuasgailt aingeal. Pionós ar Héród.
1Le linn na h-aimsire céadna do chuir Héród, an rí, á lámha chun uilc a dhéanamh ar chuid de mhuinntir na h-eagailse. 2Agus do mhairbh sé Séamus, dritháir Eóin, le claidheamh.
3Ansan, nuair a chonnaic sé gur thaithn an gníomh san leis na Iúdaígh cheap sé Peadar leis do ghabháil. I laethibh an aráin gan giost ab eadh é ámhthach. 4Do ghaibh sé é agus chuir sé i bhpríosún é agus chuir sé cheithre ceathrair de lucht airm ’ghá chimeád, chun go dtabharfadh sé i láthair an phobuil é tar éis na cásga.
5Ansan bhí Peadar sa phríosún, fé chimeád, ach bhí úrnuighthe ag dul suas chun Dé ar a shon, gan stad, ó’n eaglais go léir.
6Agus nuair a bhí Héród chun é thabhairt os cómhair ná ndaoine, bhí sé an oidhche chéadna san ’n-a luighe idir bheirt lucht airm, agus é ceangailte le dhá shlabhra. agus bhí lucht cimeádta lasmuich de’n dorus ag cimeád an phríosúin. 7Agus féach, do sheasaimh aingeal ó’n d-Tighearna i n-aice leis, agus do las solus sa tseómra, agus do bhuail an t-aingeal sa chliathán é agus dhúisgh sé é, agus dubhairt sé: Éirigh d’urchar! Agus do thuit na slabhraí d’á lámhaibh. 8Agus dubhairt an t-aingeal leis: Cuir umat do chrios agus do bhróga Agus do dhein. Agus dubhairt sé leis: Cuir umat do bhrath agus lean me. 9Agus bhí sé ’ghá leanmhaint amach, agus ní raibh ’fhios aige gur bh’fhíor gur bh’aingeal a bhí ’gá dhéanamh; ach is amhlaidh a cheap sé gur bh’aisling a bhí aige dá fheisgint. 10Agus chuadar thar an gcéad lucht faire agus thar an tarna lucht faire, agus thánadar chun an gheata iarainn, an geata chun na catharach, agus d’osgail an geata uaidh féin dóibh. Chuadar amach agus shiúbhluigheadar aon tsráid amháin, agus ansan d’imthigh an t-aingeal go h-obann uaidh.
11Ansan do tháinig Peadar chuige féin agus dubhairt sé: Tá fhios agam anois go fíor gur b’é an Tighearna do chuir a aingeal chugham ’am fhuasgailt a’ láimh Héróid agus ó gach nídh ’na bhfuil an pobhul Iúdach ag súil leis. 12Ansan, as a mhachtnamh, tháinig sé chun tighe Mháire, máthair Eóin ar a dtugtí Marcus, agus bhí mórán daoine cruinnighthe ann agus iad ag déanamh úrnuighthe. 13Bhuail sé cómhla an doruis. Tháinig amach, ’ghá fhreagairt, cailín ’nar bh’ainim di Rodé. 14Agus d’aithin sí guth Peadair, agus le méid an áthais a bhí uirthi níos osgail sí an dorus ach do rith sí isteach agus d’innis sí go raibh Peadar ag an ndorus. 15Dubhradar-san léi: Ar buile ataoí. Ach dubhairt sisi gur bh’fhíor é. Agus dubhradar-san: Isé a aingeal atá ann. 16Ach do lean Peadar ag bhualadh. Ansan nuair osgaladar agus chonnacadar é bhí uathbhás ortha. 17Ach do bhagair sé le n-a láimh ortha éisteacht, agus d’innis sé dhóibh conus a thug Dia amach as an bpríosún é, agus dubhaint sé: Innis na neithe sin do Shéamus agus do sna bhráithribh! Agus chuaid sé amach agus d’imthigh sé go h-áit eile.
18Nuair a tháinig an lá bí céimighrád#12:18 .i. cur thre chéile nár bheag imeasg na saighdiúirí i dtaobh cad a bhí imighthe ar Pheadar. 19Agus nuair a dh’iarr Héród é agus ná raibh sé le fághail chuir sé ceistiú ar an lucht cimeádta agus d’órduigh sé iad do chur chun báis, agus d’imthig sé síos ó Iúdaea go Caesaréa agus d’fhan sé ann.
20Agus bhí fearg air chun muinntire Tuíre agus chun muinntire Shídón. Thánadar-san ámhthach, do thoil a chéile, ag triall air, agus dheineadar muinntearthas le Blastus, fear seómra an rí, agus d’iarradar siothcháin, toisg a dtír féin a bheith d’á chothú ó’n rí. 21Ansan, lá a bhí ceapaithe chuige, bhí Héród ’n-a shuidhe sa tsuidhe breithe agus éadach ríoghdha uime agus dhein sé óráid dóibh. 22Agus deireadh na daoine, ’ghá mholadh: Ni guthana ó dhuine iad ach guthana ó dhia éigin. 23Ansan, láithreach bonn, do bhuail aingeal an Tighearna é, toisg nár thug sé an onóir do Dhia, agus dhein bró phiastaí dhé agus iad ’á dh’ithe, agus fuair sé bhás.
24Agus d’fhás briathar an Tighearna agus do méadúigheadh é.
25Agus tháinig Barnabas agus Saul thar n-ais ó Ierúsalem #Supra 11:30.nuair a bhí a bhfrithálamh déanta acu, agus thugadar leó Eóin ar a dtugtí Marcus.
Currently Selected:
Gníomhartha 12: POL
Highlight
Share
Copy
![None](/_next/image?url=https%3A%2F%2Fimageproxy.youversionapistaging.com%2F58%2Fhttps%3A%2F%2Fweb-assets.youversion.com%2Fapp-icons%2Fen.png&w=128&q=75)
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.