Gníomhartha 4
4
CAIBIDIOL IV.
Gabháil Pheadair agus Eóin. A seasamhacht. An Eaglais dá méadú.
1Agus an fhaid a bhíodar ag cainnt leis na daoine tháinig na sagairt agus oificeach an teampuil agus na Sadduicínigh, 2Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobhuil agus ag craobhsgaoile na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa. 3Agus chuireadar a lámha ortha agus chuireadar i bpríosún iad go maidin lár n-a mháiréach, óir bhí sé n-a thráthnóna an uair sin. 4Ach do chreid a lán de sna daoine a bhí ag éisteacht leis an gcainnt agus b’é uimir na bhfear ná chúig mhíle.
5Agus do thárla ar maidin lár n-a mháireach gur chruinnigh a n-uachtaráin agus a seanóirí agus a sgribhneóirí i n-Ierúsalem, 6Agus Annas an t-árdshagart, agus Caiphas, agus Eóin, agus Alecsandar, agus gach ar bhain le treibh na sagart. 7Agus chuireadar iad-san i láthair agus cheistighdar iad: Cad í an chómacht nú an ainim le n-ar dheineabhairse an nídh seo? 8Ansan do líonadh Peadas leis an Spioraid Naomh agus dubhairt sé leo: A uachtarána an phobhuil agus a sheanóirí, éistidh liom: 9Ó táimídne indiu d’ár gceistiú i dtaobh, na maitheasa a deineadh do’n mhairtíneach so, conus do leighseadh é, 10Bíod ’fhios agaibh go léir, agus ag pobul Israéil go léir, gur i n-ainim ár dTighearna Íosa Críost ó Nasaret, an t-é a chuireabhairse chun bháis, agus a thóg Dia ó sna mairbh, gur i n’ainim sin atá an duine sin ’n-a sheasamh os bhúr gcómhair ’n-a shláinte. 11#Salm 117:22; Isáias 28:16; Mait. 21:42; Marc. 12:10; Lúc. 20:17; Rómh. 9:32; 1 Pead. 2:7.Is í seo an chloch úd a fuair diúltadh uaibhre, sa tsaoirseacht, agus gun deineadh cloch chínn chúinne dhi, Agus ní’l slánú i n-aoinne eile. 12Óir níor tugad do dhaoine ainim eile fá neamh le ’na gcaithfar sinn a shábháil.
13Ansan, nuair a chonnacadar Peadar agus Eóin agus iad chómh seasamhach, agus nuair a fuaradar gur dhaoine iad a bhí gan tabhairt suas, gan foghluim, bhí iongna ortha; agus d’aithníghdar iad, go mbídís i bhfochair Íosa; 14agus nuair a chonnacadar, ’na sheasamh ’n-a n-aice an fear a leighseadh, ní raibh focal le rádh acu ’n-a gcoinnibh. 15Dubhradar leó dul amach, lasmuigh de’n chómhairle, agus dheineadar cainnt eatartha féin, Agus dubhradar: 16Cad a dhéanfam leis na daoine seo? Tá mírbhúilt shoiléir déanta tríotha, agus a fhios agá bhfuil de dhaoine i n-Ierúsalem, agus ní féidir dúinn é shéanadh. 17Ach i dtreó ná leathfadh sé níos mó ameasg na ndaoine bhagraimís pionós ortha má labhraid siad a thuille le h-aon duine ar an ainim sin. 18Do ghlaodhadar chúcha iad agus thugadar foláramh dóibh gan cainnt ’ná teagasg a dhéanamh i n-aon chor i n-aimm Íosa. 19Ansan do freagair Peadar agus Eóin agus dubhradar: Breithnighidh féin cia’cu is ceart i láthair Dé, rud a dhéanamh, oraibhre ’nú rud a déanamh ar Dhia: 20Óir ní féidir dúinn gan an nídh a chonnacamair agus a chloiseamair a dh’innsint. 21Ach do bhagradar-san pionós ortha agus chuireadar chun siubhail iad, óir ní raibh fhios acu conus a déanfaidís díoltas ortha, mar gheall ar na daoine, mar bhí na daoine go léir ag molad an ruda a thárla, sa méid a deineadh. 22Mar, an duine gur deineadh an mhírbhúilt sláinte sin dó, bhí sé os cionn dachad bhlian.
23Agus nuair a cuireadh chun siubhail iad thánadar chun a ndaoine féin agus d’innseadar dóibh gach a ndubhairt uachtaráin na sagart agus na seanóirí leó. 24Agus nuair a chloiseadar-san d’árduighdar a nguth chun Dé agus dubhradar: A Thighearna, is tú a dhein neamh agus talamh agus muir agus gach nídh d’á bhfuil ionta, 25Is tú a dubhairt, sa Spioraid Naomh, tré bhéal ár n-athar do sheirbhísigh Dáibhid: #Salm 2:1.“Cad fá an fhearg mhór ar na geintibh agus na pobuil ag beartú neithe baoithe? 26Ríghthe an domhain ag cur cos i dtalamh agus na priúnsaí ag teacht i gceann a chéile i n-aghaidh an Tighearna agus i n-aghaidh a Chriost?” 27Óir do tháinig i gceann a chéile, go fíor, sa chathair seo, i n-aghaidh do Mhic naomhtha Íosa ar an chuiris onga, Héród agus Pontius Pílát, agus na geinte agus pobul Israéil, 28Agus dheineadar an nídh a cinneadh ó d’láimh agus ó d’chómhairle féin a dhéanamh. 29Agus anois, a Thighearna, féach ar an mbagairt seo acu ’á dhéanamh, agus tabhair do d’sheirbhísigh do bhriathar a labhairt go seasamhach, 30Le d’láimh a shíne amach ag déanamh leigheas agus mírbhúiltí agus iongnaí tré ainim do Mhic naomhtha Íosa.
31Agus nuair a bhí an ghuídhe déanta acu do chrith an áit ’na rabhdar cruinnighthe agus do líonadh leis an Spioraid Naomh iad go léir agus do labhradar briathar Dé le seasamhacht aigne.
32Agus bhí ag an sluagh a chreid, aon chroidhe amháin agus aon aigne amháin, agus ní deireadh aoinne go mba leis féin aon nídh a bhíodh ’n-a sheilbh ach bhí gach nídh cómhchoitchian acu. 33Agus dhein na h-Aspoil fiadhnaise ar aiseiríghe Chriost, ár dTighearna, le cómhacht mhór, agus bhí grásta mór ortha go léir, 34Agus ní raibh aoinne ortha a bhí i ngátar. Mar, an mhuinntir ’n-a raibh talamh nú tighthe acu, do dhíolaidís iad agus thugaidís isteach an méid a gheibhdis ortha, 35Agus chuiridís ag cosaibh na Aspol é. Agus ansan do rainntí é fé mar a bhíodh gádh ag gach duine leis.
36Agus Ióseph, an t-é ar a dtugadh na h-Aspuil Barnabas, (focal a míníghthar i gcéill Mac Sóláis,) Lebhíteach a rughad i gCuprus, 37Bhí talamh aige agus dhíol sé an talamh agus thug sé leis an luach agus chuir sé ag cosaibh na n-Aspol é.
Currently Selected:
Gníomhartha 4: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: