Gníomhartha 5
5
CAIBIDIOL V.
Breith Dé ar Ananías agus ar Shaphíra. Na h-Aspoil dá gcur i bpríosún.
1Ach do dhíol fear dár bh’ainim Ananías agus a bhean, Saphíra, feirm thailimh, 2Agus, go fiosach d’á mhnaoí, do cheil sé cuid d’fhiachaibh an tailimh agus chuir sé cuid de’n airgead ag cosaibh na n-Aspol. 3Dubhairt Peadar, ámhthach: A Ananíais, cad uime gur sprioc Sátan do chroidhe chun bréige a dh’innsint do’n Spioraid Naomh agus cuid d’fiachaibh an tailimh a cheilt? 4Nár leat féin é an fhaid a bhí sé agat? agus nuair a dhíolais é ná raibh sé ar do #5:4 .i. Ní raibh bac air é go léir do chimeád.chumas féin? Cad chuige dhuit an nídh seo do cheapadh ad chroidhe? Ní do dhaoinibh atá bréag innste agat ach do Dhia. 5Nuair airigh Ananías na focail sin do thuit sé agus fuair sé bhás. Agus tháinig eagla mór ar a raibh ag éisteacht leis an nídh sin. 6Agus dh’eírigh na fir óga agus thógadar é agus do rugadar amach é agus do chuireadar é.
7Agus do thárla, i gceann tímpall trí h-uaire ’chloig, go dtáinig an bhean isteach agus gan a fhios aici cad a bhí tuitithe amach. 8Agus dubhairt Peadar léi: Innis dom, a bhean, an ar a leithéid seo dh’fhiacha do dhíolabhair an fheirm? Agus dubhairt sisi: Is air. 9Dubhairt Peadar léi: Cad a bhain daoibh gur dheineabhair fromhadh ar Spioraid an Tighearna? Siniad ag an ndorus cosa na ndaoine atá tar éis t’fhir a chur, agus béarfaid siad tusa amach. 10Agus do thuit sí láithreach agá chosaibh agus fuair sí bhás. Agus tháinig na fir óga isteach agus fuaradar go raibh sí marbh agus do rugadar amach í agus do chuireadar í, i n-aice a fir. 11Agus tháinig eagla mór ar an eaglais go léir agus an gach aoinne a dh’airigh na neithe sin.
12Agus bhí mírbhúiltí agus iongnaí móra d’á ndéanamh ameasg na ndaoine tré lámhaibh na n-Aspol. Agus bhídís go léir, do thoil a chéile, i bpóirse Shalomóin. 13agus níor leómhaidh aoinne de’n chuid eile dul i bpáirt leó, ach do thug an pobhul onóir dóibh. 14Agus bhí na daoine a chreid sa Tighearna, fir agus mná, ag dul i n-iomadamhlacht go mór, 15I dtreó gur amach ar na sráidibh, ar thochtaibh agus as shúsaíbh, a curtí na daoine breóite, ionus, nuair a bhead Peadar ag teacht, dá mba ná déanfad ach a sgáil tuitim an dhuine acu go léighisfí ó n-a mbreóiteacht iad. 16Agus bhiodh slóighte ag teacht go Ierúsalem as na cathrachaibh sa chómharsanácht agus daoine breóite acu ’á thabhairt leó, agus daoine a bhíodh dá gcrádh ag deamhnaibh, agus do leighistí iad go léir.
17Ansan, d’eirigh an t-árdshagart agus gach a raibh i n’fhochair (bh’iad san aicme na Sadducíneach), agus iad lán de thnúth, 18Agus chuireadar a lámha ar na h-Aspoil agus chuireadar sa phríosún puibilídhe iad. 19Ach d’osgail aingeal an Tighearna dóirse an phríosúin sa n-oidhche agus do leig sé amach iad agus dubhairt sé: 20Imthighidh, agus seasaighidh, agus labhraidh sa teampul, leis na daoine, bréithre uile na beatha so. 21Agus nuair airíghdar an chainnt sin chuadar isteach sa teampul go moch ar maidin agus bhíodar ag teagasg.
Agus ansan tháinig an t-árdshagart agus na daoine a bhí i n’fhochair agus chruinníghdar cómhairle, agus seanóirí clainne Israéil go léir, agus chuireadar fios ortha chun an phríosúin, go dtabharfí chúcha iad. 22Agus tháinig na teachtairí agus d’osgladar an charcair agus ní bhfuaradar ann iad, agus thánadar thar n-ais agus d’innseadar san, Agus dubhradar: 23Fuaramair an charcair dúnta go cruinn agus an lucht coimeádta ’n-a seasamh ag na dóirsibh, ach nuair a d’osgalamair an charcair ní bhfuaramair aoinne istigh. 24Nuair airigh oificeach an theampuil agus uachtaráin na sagart an chainnt sin bhí iongna ortha cad a bhí imighthe ar na priosúnaigh. 25Le n-a linn sin tháinig duine agus dubhairt sé leó: Féach, na fir úd a chuireabhair sa charcair táid siad n-a seasamh sa teampul ag teagasg na ndaoine. 26Ansan d’imthigh an t-oificeach agus na fir a bhí aige agus thug sé leis iad gan #5:26 .i. go breágh réidh.éigean, óir bhí eagla na ndaoine ortha, go ngeobhthí do chlochaibh ionta. 27Agus nuair na thugadar leó iad chuireadar ’n-a seasamh i láthair na cómhairle iad agus do cheistigh uachtarán na sagart iad, Agus dubhairt sé: 28D’órduighmair daoibh le h-órdú daingean gan teagasg a dhéanamh sa n-ainim sin agus féach tá Ierúsalem líonta agaibh le nbhúr dteagasg, agus ní foláir libh fuil an duine sin do tharac anuas orainne. 29Agus d’fhreagair Peadar agus na h-Aspoil agus dubhradar: Is cirte rud a dhéanamh ar Dhia ’ná an dhaoinibh. 30Do thógh Dia ár sinnsear ós na mairbh Íosa, an t-é a chuireabhairse chun báis, ghá chrochadh ar an gcrann. 31Do thóg Dia suas le n-a laimh dheis é ’n-a Phriúnsa agus ’n-a Shlánuightheoir chun go dtabharfadh sé aithríghe agus maitheamhnachas peacaí d’Israél. 32Agus is fínnithe sinne ar na focalaibh sin, agus an Spioraid Naomh, a thug Dia do sna daoine atá úmhal dó.
33Nuair airighdar san an chainnt sin bhíodar sgólta, agus mheasadar iad a chur chun báis. 34Ach d’eirigh, sa chómhairle, duine de sna Fairisínigh dár bh’ainim Gamaliél, dochtúir dlíghe a bhí creideamhnach ameasg na ndaoine go léir, agus d’órduigh sé na fir do chur amach thar dorus an fead tamail bhig, 35agus dubhairt sé leó-san: A fheara Israéil, tugaidh aire dhaoibh féin i dtaobh na ndaoine sin agus cad a dhéanfaidh sibh leó. 36D’eirigh, sa n-aimsir a chuaidh thorainn, Teodas, agus dubhairt sé gur dhuine mór é féin, agus d’aontuigh tímpal cúig chéad duine leis. Ach do marbhuigheadh é, agus an mhuinntir a chreid ann do sgaipeadh iad agus chuadar an neamhnídh. 37I ndiaidh an fhir sin d’eirigh Iúdás Gaililíach, i laethibh an chómhairimh, agus tharraig sé na daoine ’n-a dhiaidh, ach do fuair sé sin bás, leis, agus do sgaipeadh a chuallacht go léir. 38Deirim libh anois, d’á bhrígh sin, éirighidh de sna daoine seo agus sgaoilidh leó, óir, má’s ó dhaoine an íntinn seo agus an gnó so, raghaidh sé ar neamhníd, 39Ach má’s ó Dia é ní féidir daoibh é chur ar neamhnídh, agus ba bhaoghal go mbeadh sibh ag iomaidh le Dia féin. Dheineadar rud air.
40Ansan do ghlaodhadar isteach na h-Aspoil agus do sgiúrsáladar iad agus dubhradar leó gan labhairt i n-aon chor i n-ainim Íosa. Ansan do chuireadar chun siubhail iad. 41Ach d’imthighdar san a’ radharc na cómhairle agus áthas ortha toisg gur tuigeadh gur bh’ fhiú iad tarcuisne thabhairt dóibh le fulang mar gheall ar ainim Íosa. 42Agus níor stadadar i gcaitheamh an lae go léir ach teagasg na ndaoine agus ag craobhsgáoile Íosa Críost, sa teampul agus ó thigh go tigh.
Currently Selected:
Gníomhartha 5: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: