YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 1

1
CAIBIDIOL I.
Diadhacht Críost agus a Incholnadh. Fiadhnaise á dhéanamh ag Eóin air. Críost ag tosnú ar a dheisgiobuil do ghlaodhach.
1I dtusach do bhí an Briathar, agus bhí an Briathar i bhfochair Dé, agus Dia ad eadh an Briathar. 2Do bhí so i dtusach i bhfochair Dé. 3Is tríd a deineadh an uile nídh, agus gan é níor deineadh aon nídh d’ár deineadh. 4Is ann á bhí beatha, agus b’é solus na ndaoine an bheatha. 5Agus taithneann an solus sa dorchadas, agus níor ghlac an dorchadas é.
6 # Mait. 3:1; Marc. 1:2. Bhí fear a cuireadh ó Dhia, agus Eóin ab ainim dó. 7Tháinig sé sin chun fiadhnaise, ionus go ndéanfadh sé fiadhnaise i dtaobh an tsoluis, ionus go gcreidfeadh gach aoinne tríd. 8Níor bh’é an solus é, ach chun fiadhnaise dhéanamh i dtaobh an tsoluis. 9Dob’ é sin an solus fíor a shoillsigheann gach duine d’á dtagann ar an saoghal so. 10Bhí sé ar an saoghal, #Eabhr. 11:3.agus is tríd a deineadh an saoghal, agus níor aithin an saoghal é. 11Is chun a choda féin a tháinig sé, agus níor ghlac a mhuintir féin é. 12Ach an méid a ghlac é thug sé dhóibh go ndéanfaí clann Dé dhóibh, an mhuintir a chreideann i n-a ainim. 13Nác a’ folaibh, ná a’ toil na colna, ná ó thoil fir, a shíolradar, ach ó Dhia.
14 # 1:14 .i. Do ghlac Mac Dé colann daona. Féach Mait. 1:16; Lúc. 2:7.Agus do dhein feóil de’n Bhriathar, agus do chómhnuigh i n-ár measg, agus chonacamair a ghlóire mar ghlóire Aon Mhic an Athar, lán de ghrásta agus d’fhírinne. 15Tugann Eóin fiadhnaise ’n-a thaobh, agus labhrann sé os árd agus deir sé: B’é seo an t-é ar a ndubhart: An t-é atá le teacht am’ dhiaidh do cuireadh rómham é, óir bhí sé rómham. 16#1 Tim. 6:17.Agus as a líonmhaire iseadh ghlacamairne go léir, agus grásta ar ghrásta. 17Óir do tugadh an dlígh tré Mhaois, agus do deineadh grásta agus fírinne tré Íosa Críost. 18#1 Tim. 6:16; 1 Eóin 4:12.Ní fheacaidh aoinne riamh Dia; an t-Aon Mhac atá i n-ucht an Athar isé dh’aithris.
19Agus sidé fiadhnaise Eóin, nuair a chuir na Iúdaig ag triall air ó Ierúsalem sagairt agus lebhíteacha chun a fhiafraighe dhe, Cé h-é thusa? 20Agus d’adhmhuigh sé, agus níor shéan sé; agus d’adhmhuigh sé: Ní mise Críost. 21Agus d’fhiafraigheadar de: Cad eile má ’seadh? An tu Elias? Agus dubhairt sé: Ní mé. An tu an fáidh? 22Agus dubhairt sé: Ní mé. Dubhradar leis, d’á bhrígh sin: Cé h-é thu, ionus go mbéarfaimís freagra ag triall ar an muintir a chuir anso sinn? 23Cad deirir ad’ thaobh féin? Dubhairt sé: #Isáias 40:3.Guth duine iseadh mé ag glaodhach sa bhfásach, Deinidh slígh an Tighearna do dhíriú; mar adubhairt Isáias fáidh. 24Agus de sna Fairisínigh ab eadh na teachtairí. 25Agus do cheistigheadar é, agus dubhradar leis: Cad chuige go ndeineann tú baisteadh mura tu Críost ná Elias, ná an fáidh? 26D’fhreagair Eóin iad agus dubhairt sé leó: #Mait. 3:11; Gníomh. 1:5; 11:16; 19:4.Deinim-se baisteadh i n-uisge, ach tá ’n-a sheasamh i nbhúr measg duine nách aithin daoibh-se. 27Siné an t-é atá ag teacht am’ dhiaidh-se agus go bhfuil tusach aige orm, agus nách fiú mise go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. 28Do thárla na neithe sin i mBetánia lastall de’n Iórdan, mar a raibh Eóin ag baisteadh na ndaoine.
29An lá ’n-a dhiaidh san do chonaic Eóin Íosa ar teacht fá n-a dhéin, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé, féach an t-é a thógann peacadh an domhain. 30Sidé an t-é ar a ndubhart: Tá fear ag teacht am’ dhiaidh, agus do luadhadh rómham é, óir do bhí sé rómham; 31Agus níor aithingheas-sa é, ach ionus go dtaisbeánfaí d’Israél é, uime sin iseadh do thánag-sa ag déanamh baiste i n-uisge.
32Agus do thug Eóin fiadhnaise uaidh agus dubhairt: #Mait. 3:16; Marc. 1:10; Lúc. 3:22.Do chonac an Spioraid Naomh ag teacht anuas ó neamh i riocht colúir, agus do stad sé air. 33Agus níor aithnigheas-sa é, ach an t-é a chuir mé ag déanamh baiste i n-uisge dubhairt sé liom: An t-é go bhfeicfir an Spioraid ag túirling air agus ag fanmhaint air, siné an t-é a dheineann baisteadh sa Spioraid Naomh. 34Agus do chonac; agus thugas fiadhnaise gur b’é Mac Dé é seo.
35An lá ’n-a dhiaidh san airís bhí Eóin ’n-a stad, agus beirt d’á dheisgiobuil, 36Agus bhí sé ag féachaint ar Íosa ag siubhal, agus dubhairt sé: Féach Uan Dé. 37Agus d’airigh an bheirt deisgiobul é ag rádh na cainte, agus do Leanadar Íosa. 38Agus d’iompuigh Íosa, agus chonaic sé iad ’ghá leanmhaint, agus dubhairt sé leó: Cad ’tá uaibh? Agus dubhradar leis: A Rabbí (sé sin le rádh, a Mháighistir), cá gcómhuigheann tú? 39Agus dubhairt sé leó: Tagaidh agus feicidh. Agus thánadar agus chonacadar cár chómhnuigh sé, agus d’fhanadar i n’fhochair an lá san; agus bhí sé tímpal an deichmhadh h-uair.
40Agus duine de’n bheirt a bhí ag éisteacht le h-Eóin agus do lean Íosa ab eadh Aindrias, driotháir Shímóin ar ar tugadh Peadar. 41Do fuair sé sin ar dtúis a dhriotháir féin, Símón, agus dubhairt sé leis; do fuaramair an Messias (sé sin le rádh, an Críost). 42Agus thug sé leis é ag triall ar Íosa. Agus d’fhéach Íosa air, agus dubhairt sé: Tusa Símón mac Ióna. Tabharfar ort Céphas (eadhon Peadar).
43Ba mhian leis dul, lár n-a mháireach, go Gaililí, agus do fuair sé Pilib; agus dubhairt Íosa leis; lean mise. 44Agus ó Bhetsaida, ó chathair Aindriais agus Pheadair, ab eadh Pilib. 45Agus do fuair Pilib Natanaél agus dubhairt sé leis: #Gen. 49:10; Deut. 18:18.An t-é úd ar ar sgríbh Maois sa dlígh, agus #Isáias 40:10; 45:8; Ierem. 23:5; Ezech. 34:23; 37:24; Dan. 9:24,25.na fáidhe, do fuaramair é, Íosa mac Ióseph ó Nasaret. 46Agus dubhairt Natanaél: An féidir aon nídh fóghanta theacht ó Nasaret? Deir Pilib leis, Tar agus feic. 47Agus chonaic Íosa Natanaél, agus dubhairt sé: Sin Israél-íteach fírinneach ná fuil feall ann. 48Agus dubhairt Natanaél: Conus aithnigheann tú mé? Dubhairt Íosa leis ’ghá fhreagradh: Sar ar ghlaoidh Pilib ort, nuair a bhís fé’n gcrann fíge, do chonac tu. 49D’fhreagair Natanaél agus dubhairt sé: A Mháighistir, is tusa Mac Dé, is tusa rí Israéil. 50D’fhreagair Íosa agus dubhairt: Toisg mé ’gha rádh leat: Bhíos ag féachaint ort agus tú fé’n gcrann fíge, creideann tú. Chífir neithe is mó ’ná san. 51Agus dubhairt sé leis: Go deimhin deimhin adeirim libh, chífidh sibh na flaithis ar osgailt, agus aingil Dé ag dul suas agus ag teacht anuas ar Mhac an Duine.

Currently Selected:

Eóin 1: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in