YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 24

24
CAIBIDIOL XXIV.
Aiseiríghe Chríost, agus conus mar a thug sé é féin le feisgint d’á dheisgiobulaibh.
1Ach an chéad lá de’n tseachtmhain, go h-ana-mhoch ar maidin, thánadar go dtí an tuama agus thugadar leó an spíosra a bhí ollamh acu. 2Agus fuaradar an chloch iompuighthe siar ó’n dtuama. 3Agus chuadar isteach agus ní bhfuaradar corp an Tighearna Íosa. 4Agus do thárla, nuair a bhí an alltacht ortha mar gheall air sin, go raibh, féach, beirt fhear ’n-a seasamh ’n-a n-aice agus éadach lonnrach ortha. 5Agus tháinig eagal ortha, agus chromadar a n-agaidh chun an tailimh, agus dubhradar-san leó: Cad chuige dhaoibh bheith ag lorg an bheó ameasg na marbh? 6Ní’l sé anso, ach tá sé tar éis eirighthe; cuimhnighidh conus a labhair sé libh agus é fós i nGaililí, 7Nuair adubhairt sé: #Supra 9:22.Ní foláir Mac an Duine do thabhairt i láimh na bpeacach, agus é chéasadh, agus é dh’eirighe an trímhadh lá. 8Agus do chuimhnigheadar ar an gcaint a dubhairt sé. 9Agus d’fhilleadar ó’n dtuama, agus d’innseadar na neithe sin go léir don aoinne déag féin agus do’n chuid eile go léir. 10Agus isí Máire Mhagdelén, agus Ióanna agus Máire Iacóib, agus na mná eile a bhí ’n-a bhfochair, a d’innis na neithe sin do sna h-Aspolaibh. 11Agus do samhlúigheadh dóibh ná raibh sa chaint sin ach caint gan chiall agus níor thugadar aon chreideamhaint di. 12Ach d’eirigh Peadar agus do rith sé chun an tuama, agus nuair a chrom sé ní fheacaidh sé ach na h-éadaighe lín ann, agus d’imthigh sé agus é ag déanamh iongna d’á raibh tuitithe amach.
13Agus féach,#Marc. 16:12. bhí beirt acu-san ag imtheacht an lá céadna ag dul go dtí baile a bhí trí fichid stad ó Ierúsalem, agus Emmaus ainim an bhaile. 14Agus bhíodar ag caint eatartha féin ar na neithe sin go léir a bhí tuitithe amach. 15Agus do thárla, agus iad ag cómhrádh agus ag tagairt eatartha féin, go dtáinig Íosa chúcha agus gur shiubhluigh sé le n-a gcois; 16Agus do coimeádadh a súile gan é dh’aithint. 17Agus dubhairt sé leó: Cad í an chaint seo ar siúbhal agaibh eadraibh, ar an slígh, agus sibh buartha? 18Agus d’fhreagair duine acu é dár bh’ ainim Cleophas, agus dubhairt sé: An tusa an t-aoinne amháin iasachta atá i n-Ierúsalem nách eól dó na neithe a deineadh ann ins na laethantaibh seo? 19Agus dubhairt sé leó: Cad iad na neithe? Agus dubhradar: I dcaobh Íosa Nasareit a bhí i n-a fháidh, cómhachtach i ngníomh agus i mbriathar i láthair Dé agus daoine, 20Agus conus mar a dhein na h-árdshagairt agus ár n-uaisle é bhrath agus é dhaoradh chun báis, agus é chéasadh. 21Ach bhí súil againne go raibh sé chun Israéil a d’fhuasgailt, agus n-a theannta san a’s uile sidé an trímhadh lá ó thuit na neithe sin amach. 22Agus bhí mná linn ag an dtuama roimh sholus an lae, agus chuireadar sgannradh orainn, 23Agus ní bhfuaradar an corp, agus thánadar agus dubhradar go bhfeacadar aingil adeir go bhfuil sé beó. 24Agus d’imthigh daoine uainn go dtí an tuama agus fuaradar neithe mar adubhairt na mná, ach ní bhfuaradar é féin. 25Agus dubhairt sé féin leó: Ó, a dhaoine dalla dúr-chroídheacha chun gach nídh adubhairt na fáidhe do chreideamhaint. 26Ná raibh ar Chríost na neithe sin d’fhulang agus teacht ar an gcuma san isteach ’n-a ghlóire? 27Agus thusnuigh sé le Maois agus do nocht sé dhóibh brígh na bhfáidh go léir ins gach nídh a bhí sgríobhtha ’n-a thaobh féin.
28Agus bhíodar tagaithe chun an bhaile go rabhadar ag dul ann, agus do leig seisean air go raibh sé ag dul níos sia. 29Agus dheineadar tathant air, agus dubhradar: Fan againne, mar tá sé n-a thráthnóna agus tá an lá caithte cheana féin. Agus chuaidh sé leó isteach. 30Agus do thárla, an fhaid a bhí sé ag caitheamh bídh ’n-a bhfochair, gur thóg sé arán, agus gur bheannuigh sé é agus gur bhris sé é, agus gur thug sé dhóibh é. 31Ansan do h-osgaladh a súile agus d’aithnigheadar é, agus d’imthigh sé as a radharc. 32Agus dubhradar le chéile: Ná raibh ár gcroidhe ar lasadh ionainn nuair a bhí sé ag caint linn agus ag nochtadh bríghe an scriptiúra dhúinn? 33Agus d’eirigheadar láithreach agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem; agus fuaradar an t-aoinne déag i bhfochair a chéile, agus a raibh i n-aonfheacht leó, 34Agus: Tá an Tighearna eirighthe go deimhin, agus thaisbeáin sé é féin do Shímón, ar siad. 35Agus d’innseadar féin cad a bhí d’éis tuitim amach ar an slígh, agus conus mar a dh’aithnigheadar é i mbriseadh an aráin.
36 # Marc. 16:14; Eóin 20:19. Agus an fhaid a bhiodar ag caint mar sin, do sheasaimh Íosa ’n-a measg agus dubhairt sé leó: Síothcháin daoibh. Is mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 37Ach bhí buaireamh ortha, agus sgannradh, mar do mheasadar gur spioraid a chonacadar. 38Agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an t-eagla bheith oraibh, agus smuínte bheith ag eirighe i nbhúr gcroidhe? 39Féachaidh mo lámha agus mo chosa, gur mé féin atá ann; cuiridh bhúr lámha orm agus feicidh; ní’l feóil agus cnámha ag spioraid mar a chíonn sibh atá agam-sa. 40Agus nuair a dubhairt sé an méid sin thaisbeáin sé dhóibh a lámha agus a chosa. 41Agus nuair ná creidfidís fós, ach iad ag déanamh iongna tré mhéid a n-áthais, dubhairt sé: An bhfuil anso agaibh aon nídh a dh’íosfí? 42Agus thugadar chuige blúire d’iasg rósta agus criathar meala. 43Agus nuair a bhí ithte aige os a gcómhair thóg sé an fuighleach agus thug sé dhóibh é.
44Agus dubhairt sé leó: Sidiad na focail a labhras libh nuair a bhíos fós i nbhúr measg, nách foláir gach nídh do chómhlíonadh d’á bhfuil sgríobhtha orm-sa i ndlígh Mhaoise agus ins na fáidhibh agus ins na salmaibh. 45Ansan d’osgail sé a n-aigne dhóibh i dtreó go dtuigfidís an scriptiúir. 46Agus dubhairt leó: #Salm 18:6.Sin mar atá sgríobhtha, agus sin mar nár bhfoláir do Chríost fulang, agus aiseirighe ó-s na mairbh an trímhadh lá, 47Agus go bhfógrófaí i n’ ainim, tré sna geinte go léir, ag tusnú ó Ierúsalem, aithrighe agus maitheamhnachas peacaí. 48#Gníomh. 1:8.Agus is fínnithe sibh-se ar na neithe sin. 49Agus táim-se ag cur #24:49 Ver. 49. geallamhna m’Athar .i. An Spioraid Naomh n-ar gheall Críost go gcuirfadh an t-athair chúcha é (Eóin 14:26, agus 17:7.)geallamhna m’Athar chúghaibh; ach fanaidh-se sa chathair go dtí go gcurfar umaibh cómhacht ó neamh.
50Agus do rug sé leis amach iad go Betania, agus thóg sé a dhá láimh os a gcionn agus chuir sé a bheannacht ortha. 51#Marc. 16:9; Gníomh. 1:9.Agus le linn a bheannacht do chur ortha dhó, do dhruid sé uatha, agus do tógadh suas ins na flathais é. 52Agus dheineadar-san Dia d’adhradh agus thánadar thar n-ais go Ierúsalem agus áthas mór ortha. 53Agus bhídís coitchianta sa teampul ag moladh Dé agus ’ghá adhradh. Amen.

Currently Selected:

Lúcás 24: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in