YouVersion Logo
Search Icon

Eóin 2

2
CAIBIDIOL II.
Uisge á atharú i n’fhíon ag Críost. Na díoltóirí á dtiomáint aige amach as an dteampul.
1Agus an trímhadh lá bhí pósadh d’á dhéanamh i gCána, sa Ghaililí, agus bhí máthair Íosa ann. 2Agus bhí cuireadh fághalta ag Íosa, leis, agus agá dheisgiobuil, chun na baineise. 3Agus do chuaidh d’á gcuid fíona agus dubhairt máthair Íosa leis: Ní’l aon fhíon acu. 4Agus dubhairt Íosa léi: Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin, á bhean? Níor tháinig m’aimsir-se fós.#2:4 Ver. 4. Cad é sin dómh-sa agus duit-se sin ⁊rl. Tuigid raint mínightheóirí go raibh a bheag nú a mhór de ghéire ins na focalaibh sin do labhair ár Slánuightheóir le n-a Mháthair. Ní thuigfidís, dá mb’áil leó féachaint ar an gcaint a thagann láithreach ’n-a dhiaidh san. “Pé rud a déarfidh sé libh a dhéanamh, deinidh é,” ansan Mhaighdean leis na seirbhísigh. Taisbeánann an chaint sin go raibh fhios aici go raibh sé chun mírbhúilte éigin a dhéanamh bíodh ná raibh “a thráth tagaithe.” An bhféadfadh uraim d’á Mhathair dul níba shia ’ná a thabhairt le tuisgint di go raibh sé chun a toile do thabhairt di bíodh ná raibh a thráth ann fós? Do dhein sé an mhírbhúilt ná déanfadh sé mura mbeadh í ghá iarraidh air. Uraim mhírbhúilteach ab eadh é sin. D’á éaghmuis sin, níor bh’fhéidir d’aoinne ach do dhuine a bheadh láithreach an chaint do thuisgint i gceart, .i. cia ’cu bhí géire inti nú na raibh. An chaint a bheadh feargach nuair a labharfí í i nguth agus i nglór áirithe, d’fhéadfadh sí bheith ana-shéimh i n-a mhalairt de ghuth agus de ghlór. 5Agus dubhairt an mháthair leis na seirbhísigh: Pé rud a déarfaidh sé libh a dhéanamh, deinidh é. 6Agus bhí sa n-áit sé dabhacha cloiche, a cuireadh ann chun lámh do nighe, do réir nóis na n-Iúdach; agus do raghadh dó nó trí mheadraibh ins gach dabhach díobh. 7Dubhairt Íosa leó: Líonaidh na dabhacha d’uisge. Agus do líonadar iad go bara. 8Agus dubhairt Íosa leó: Tarraingidh anois é agus beiridh ag triall ar an bhfear tighis é. Agus do rugadar. 9Agus nuair a bhlais an fear tighis an t-uisge agus é i n’fhíon, agus gan a fhios aige cá dtáinig sé (ach a fhios ag an lucht friothálmha do tharraing an t-uisge), do ghlaoidh sé ar an bhfear nua-phósta, 10Agus dubhairt sé leis: Cuireann gach aoinne an fíon fóghanta an bórd ar dtúis, agus ansan, nuair a bhíonn cuid mhaith ólta ag daoine, an fíon ná bíonn chómh maith. Ách do choimeádais-se an fíon fóghanta go dtí so. 11Dhein Íosa an tusnú san ar a mhírbhúiltíbh i gCána na Gaililí, agus do thaisbeáin sé a chómhacht, agus do chreid a dheisgiobuil ann. 12Ansan do chuaidh sé síos go Capharnaum, é féin agus a mháthair agus a bhráithre agus a deisgiobuil, agus d’fhanadar ann beagán laethanta.
13Agus bhí cáisg na n-Iúdach i n-achmaireacht, agus chuaidh Íosa suas go Ierúsalem. 14Agus fuair sé sa teampul daoine agus ba acu ’á dhíol, agus caoire, agus colúir, agus lucht airgid do shóinseáil ’n-a suidhe ann. 15Agus dhein sé mar bheadh sgiúirse de théadaibh caola, agus chomáin sé iad go léir amach as an dteampul, agus na caoire agus na ba, agus do sgaip sé an t-airgead ar an lucht sóinseála, agus do leag sé na búird ortha. 16Agus dubhairt sé leis an muintir a bhí ag díol na gcolúr: Tógaidh na neithe sin as so, agus ná bídhidh ag déanamh tighe margaidh de tigh m’Athar. 17Ansan do chuimhnigh a deisgiobuil ar an nídh atá sgríobhtha: #Salm 68:10.Tá díogras do thíghe a’m ithe.
18Agus d’fhreagair na Iúdaigh agus dubhradar: Cad é an cómhartha a thaisbeánann tú dhúinn, fá a ndeineann tú na neithe seo? 19D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Leagaidh ar lár an teampal so, agus cuirfead suas é i n-aon trí lá amháin. 20Agus dubhairt na Iúdaigh: Sé bliana agus dachad a bhítheas ag cur an teampail seo suas, agus cuirfir-se suas é i n-aon trí lá amháin? 21Ach is ar theampul a chuirp féin a dubhairt seisean an chaint. 22Agus nuair a d’eirigh sé ós na mairbh do chuimhnigh a dheisgiobuil ar conus mar a dubhairt sé an chaint sin, agus #Salm 3:6; 16:9.chreideadar an scriptiúir agus an chaint adubhairt Íosa.
23Agus nuair a bhí sé i n-Ierúsalem sa cháisg, lá na féile, do chreid a lán daoine i n-a ainim nuair a chonacadar na mírbhúiltí a bhí aige ’á dhéanamh. 24Ach níor thug Íosa é féin ar iontaoíbh dóibh, toisg eólus a bheith aige ar an uile dhuine, 25Agus toisg gan aon ghádh bheith aige le teistiméireacht ó aoinne ar aon duine; óir dob’ eól dó féin cad a bhí sa duine.

Currently Selected:

Eóin 2: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in