YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 10

10
CAIBIDIOL X.
Teagasg ag Críost á thabhairt do’n dáréag as trí fichid deisgiobul. Iad dá gcur amach chun oibre. An Samaritánach fóghanta.
1Tar éis na neith sin do cheap an Thíghearna dháréag agus trí fichid eile, agus chuir sé roimis amach iad, ’n-a mbeirt a’s ’n-a mbeirt, chun gach baile agus áit n-a raibh sé féin le teacht ann.
2Agus dubhairt sé leó: Fóghmhar mór agus meithiol suarach. Iarraidh, d’a bhrígh sin, ar an t-é gur leis an fóghmhar lucht oibre do chur chun an fhóghmhair.
3Imthighidh: Féach, táim ’bhúr gcur i nbhúr n-uanaibh ameasg machtírí. 4Ná bíodh agaibh mála ná sparán ná bróga, agus #4 Rígh. 4:29.ná deinidh beannachadh d’aoinne ar an slígh. 5Aon tigh n-a raghaidh sibh isteach ann abraidh ar dtúis, Síothcháin ar an dtigh seo. 6Agus má’s mac síothchána a bheidh ann fanfaidh bhúr síothcháin air; murab eadh fillfidh bhúr síothcháin oraibh féin. 7Agus fanaidh sa tigh chéadna, ag ithe agus ag ól na neithe atá acu, #Deut. 24:14; 1 Tim. 5:18.óir is fiú an fear oibre a thuarasdal fhagháil. Ná bídhidh ag imtheacht ó thigh go tigh.
8Agus pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus go nglacfar sibh, ithidh na neithe a curfar os bhúr gcómhair; 9Agus leighisidh na daoine breóite sa chathair sin, agus abraidh leó, Tá rígheacht Dé buailte libh. 10Ach pé cathair n-a raghaidh sibh isteach inti agus ná glacfar sibh, téighidh amach ar shráidibh na catharach san agus abraidh: 11#Gníomh. 13:51.Fiú ceó bhúr gcatharach atá ar ár gcosaibh glanaimíd dínn é i nbhúr gcoinnibh. Ach biodh fios an méid seo agaibh, go bhfuil rígheacht Dé i n-achmaireacht. 12Deirim libh gur saoire a raghaidh muintir Shodom as an lá san ’ná mar a raghaidh muintir na catharach san.
13Mairg duit-se, a Chorosáin, mairg, duit-se, a Bhetsáida, óir dá ndeintí i dTuíre agus i Sídón na mírbhúiltí a deineadh ionaibh-se, is fadó bheadh aithrighe déanta acu ’n-a suidhe i n-éadach garbh agus i luaithrigh. 14Agus is saoire a raghaid Tuíre agus Sídón as lá an bhreitheamhntais ’ná mar a raghaidh sibh-se as. 15Agus tusa, a Chapharnaum, a tógadh suas go neamh, curfar síos tu go h-ifreann.
16 # Mait. 10:40; Eóin 13:20. An t-é a dh’éisteann libh-se, is liom-sa a dh’éisteann sé; agus an t-é a thugann tarcuisne dhaoibh-se, is dómh-sa a thugann sé tarcuisne; agus an t-é a thugann tarcuisne dhómh-sa is do’n t-é a chuir uaidh mé a thugann sé tarcuisne.
17Agus tháinig an dáréag a’s trí fichid thar n-ais agus gáirdeachas ortha, agus dubhradar: A Thighearna, táid na deamhain féin fé n-ár smacht tré t’ainim-se. 18Agus dubhairt sé leó: Bhíos ag féachaint ar Sátan nuair a thuit sé ó neamh mar a thuitfeadh splannc. 19Féach, tá tabhartha agam daoibh cumas ar shatailt ar aithreachaibh nimhe agus ar scorpiónaibh, agus ar gach cómhacht de chómhachtaibh an namhad, gan dochar daoibh. 20Sa n-am gcéadna ná bíodh gáirdeachas oraibh toisg spioraidí bheith fé nbhúr smacht, ach bíodh gáirdeachas oraibh toisg bhúr n-ainimneacha bheith sgríobhtha ins na flathais.
21Le linn na h-uaire céadna san do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air#10:21 Ver. 21. do tháinig gáirdeachas an Spioraid Naoimh air .i. Do réir a dhaonachta do ghlac sé áthas sa Spioraid Naoimh agus ghaibh sé buidhchas le n’ Athair Síoruídhe., agus dubhairt sé: Admhuighim duit, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus eóluis, agus gur fhoillsighis iad do sna leanbhaíbh. Dheinis san, a Athair, óir b’é sin do thoil. 22Do thug m’Athair dómh-sa gach uile nídh, agus ní h-eól d’aoinne cé h-é an Mac ach do’n Athair, ná cé h-é an t-Athair ach do’n Mac agus do’n t-é d’ár toil leis an Mac é dh’fhoillsiú. 23Agus d’iompuigh sé chun a dheisgiobul, agus dubhairt sé: #Mait. 13:16.Is aoibhinn do sna súilibh a chíonn na neithe a chíonn sibh-se. 24Óir deirim libh gur mhian le mórán fáidhe agus righthe na neithe dh’fheisgint a chíonn sibh-se, agus ní fheacadar iad; agus na neithe do chlos a chloiseann sibh-se, agus níor chloiseadar iad.
25Agus féach, d’eirigh fear dlighe chun triail a bhaint as, agus dubhairt: A Mháighistir, cad tá le déanamh agam chun na beatha sióruidhe do shealbhú? 26Agus dubhairt seisean leis: Cad ’tá sgríobhtha sa dlígh? Conus a léigheann tú? 27Agus d’fhreagair sé agus dubhairt: #Deut. 6:5.Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó t’anam go h-iomlán, agus ó d’neart go h-iomlán, agus ó t’aigne go h-iomlán; agus do chómharsa mar thú féin. 28Agus dubhairt seisean leis: Thugais freagra cruinn. Dein an méid sin agus mairfir. 29Ach dubhairt sé le h-Íosa, a d’iaraidh é féin do cheartú: Agus cé h-é mo chómharsa? 30Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Bhí duine ag dul síos ó Ierúsalem go Ierichó, agus do seóladh ameasg bitheamhnach é, agus do robáladar é, agus do ghabhadar air, agus d’imthigheadar agus d’fhágadar ’n-a ndiaidh é leathmharbh. 31Agus do thárla go raibh sagart ag gabháil síos an bóthar céadna, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 32Mar an gcéadna do thárla go raibh Lebhíteach i n-aice na h-áite, agus chonaic sé an duine, agus bhuail sé thairis. 33Ach bhí Samaritánach ag gabháil an bóthar agus tháinig sé i n-aice an duine, agus chonaic sé é, agus tháinig truagh aige dhó; 34Agus chuaidh sé anonn chuige agus do cheangail sé suas a chneadhacha tar éis oíle agus fíona do chur ionta, agus chuir sé ar muin a bheithígh féin é, agus thug sé leis é go dtí an tigh ósda, agus thug sé aire dhó. 35Agus amáireach a bhí chúghainn thóg sé amach dhá phinginn agus thug sé do ’n fhear ósda iad, agus dubhairt sé: Tabhair aire dhó san, agus pé méid a bheidh tú caillte leis, nuair a thiocfad-sa airís tabharfad duit é. 36Cé ’cu de’n triúr san is dóigh leat-sa ba chómharsa do’n duine a seóladh ameasg na mbitheamhnach? 37Agus dubhairt seisean: An t-é a dhein an charthanacht air. Agus dubhairt Íosa leis: Imthigh-se agus dein mar an gcéadna.
38Do tharla, agus iad ar an slígh, go ndeaghaidh sé isteach i sráid, agus gur ghlac bean dár bh’ ainim Marta isteach ’n-a tigh féin é. 39Agus bhí ag an mnaoi sin drifiúr dár bh’ainim Máire, agus do shuidh sí ag cosaibh an Tighearna ag éisteacht le n-a bhriathar. 40Agus bí Marta ana-bhruideamhail ag déanamh mórán gnótha, agus do sheasaimh sí agus dubhairt: A Thighearna, an amhlaidh nách cás leat conus mar atá an gnó go léir fágtha orm-sa agam’ dhrifiúr? Abair léi anois congnamh a thabhairt dom. 41Agus d’fhreagair an Tighearna agus dubhairt sé léi: A Mharta, a Mharta, tá mórán neithe a’d chur thré chéile agus ag cur buartha ort, 42Agus gan ach aon nídh amháin ríachtanach. Do thogh Máire an nídh is fearr, agus ní tógfar uaithi é.

Currently Selected:

Lúcás 10: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in