Lúcás 11
11
CAIBIDIOL XI.
Críost ghá mhúineadh d’á dheisgiobolaibh conas guidhe chun Dé. Deamhan bailbhe dá chur amach a’ duine aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus mairgí dá bhfógairt ortha, tré na bh feall.
1Agus do tharla, agus é i n-áit áirithe ag déanamh úrnuighthe, go ndubhairt duine dh’á dheisgiobuil leis nuair a stad sé: A Thighearna, teagaisg dúinn conus úrnuighthe déanamh fé mar a theagaisg Eóin d’á dheisgiobuil. 2Agus dubhairt sé: Nuair a bheidh sibh chun úrnuighthe déanamh abraidh: #Mait. 6:9.Ár n-Athair atá ar neamh, go naomhthar t’ainim, go dtagaidh do rígheacht, go ndeintear do thoil ar an dtalamh mar a deintear ar neamh. 3Ár n-arán laethamhail tabhair dúinn indiu. 4Agus maith dhúinn ár gcionta mar mhaithimídne do chách a dheineann cionta i n-ár u-aghaidh; agus ná leig sin i gcathaíbh, ach saor sin ó olc.
5Agus dubhairt sé leó: Cé’cu agaibh-se go mbeadh duine muinteartha aige, agus a raghadh ag triall air i lár na h-oidhche, agus a déarfadh leis: A dhuine mhuinteartha, tabhair trí bulóga aráin ar iasacht dom, 6Óir do tháinig cara dhom ag triall orm as a shlígh agus ní’l aon nídh agam le cur os a chómhair, 7Agus go ndéarfadh an fear istigh, Ná bí a’m chrádh; tá an dorus dúnta, agus tá mo chlann sa leabaidh am’ theannta; ní fhéadfainn eirighe agus rud a thabhairt duit; 8Agus má leanann seisean ag bualadh, deirim libh, bíodh ná n-eireóchadh sé agus rud a thabhairt dó toisg gur b’é a dhuine muinteartha é, go n-eireóchaidh sé agus go dtabharfaidh sé dhó pé neithe atá i n-easnamh air, mar gheall ar é bheith chómh leanamhnach. 9Agus deirim-se libh-se: #Mait. 7:7; 21:22; Marc. 11:24; Eóin 14:13; Séam. 1:5.Iarraidh, agus tabharfar daoibh; loirgidh, agus gheobhaidh sibh; buailidh, agus osgalófar daoibh. 10Óir gach n-aon a dh’iarrann tugtar dó; agus an t-é a loirgeann gheibheann sé; agus an t-é a bhuaileann osgalófar dó. 11Agus cé’cu agaibh-se a dh’iarrfaidh arán ar a athair, agus gur cloch a thabharfaidh sé dhó? nó iasg, agus gur athair nimhe a thabharfaidh sé dhó i n-inead éisg? 12Nó má iarrann sé ubh, an dtabharfaidh sé scorpión dó? 13Ar an adhbhar san, má’s eól daoibh-se, atá go h-olc, neithe fóghanta thabhairt d’bhúr gclainn, nách mó ’ná san go mór a thabharfaidh bhúr n-Athair ó neamh an Spioraid mhaith do’n mhuintir a dh’iarrfaidh air é?
14Agus bhí deamhan aige d’á dhíbirt as duine, agus deamhan balbh ab eadh é. Agus nuair a bhí an deamhan curtha amach aige do labhair an duine balbh; agus bhí iongna ar an sluagh. 15Dubhairt cuid acu, ámhthach, Is le cómhacht Bheelsebub, rí na ndeamhan, a chuireann sé na deamhain amach. 16Agus d’iarr tuille acu air, ag déanamh fromhtha air, cómhartha ó neamh a thaisbeáint dóibh. 17Agus, ó chonaic sé na smuínte a bhí acu, dubhairt sé leó: Gach rígheacht a bheidh deighilte coinnibh féin, dhéanfaidh fásach de, #Mait. 12:25; Marc. 3:25.tuitfidh tigh ar thigh. 18Agus má tá Sátan deighilte ’n-a choinnibh féin conus a sheasóchaidh a rígheacht? Agus go ndeirthí-se gur le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach. 19Má’s le cómhacht Bheelsebub a chuirim-se na deamhain amach, cad í an chómhacht le n-a gcuirid bhúr gclann féin amach iad? D’a bhrígh sin tabharfaid siad-san breith oraibh-se. 20Agus má’s le cómhacht Dé a chuirim amach na deamhain, dar ndó siné rígheacht Dé tagaithe i nbhúr measg. 21Nuair a bíonn fear láidir, armtha, ag coimeád a thighe bíonn síothcháin ar gach nídh ’n-a sheilbh. 22Ach má thagann fear is treise ’na é agus go mbuadhann sé air, tógfaidh sé leis an t-arm go léir ar a raibh a sheasamh-san, agus rainnfidh sé a chuid. 23An t-é ná fuil liom tá sé am’ choinnibh, agus an t-é ná deineann cnuasach mar aon liom deineann sé sgaipeadh.
24Nuair a bhionn an spioraid truaillighthe imthighthe as an nduine gluaiseann sé tré áiteanaibh gan uisge a d’iarraidh suaimhnis, agus nuair a theipeann air, deir sé: Fillfead chun mo thighe as a dtánag amach. 25Agus nuair a thagann sé gheibheann sé an thigh sguabtha glan órnáideach. 26Ansan imthigheann sé agus tugann sé leis seacht spioraidí eile is measa ’ná é féin, agus téighid siad isteach agus cómhnuighid siad sa tigh sin. Agus is measa staid deirineach an duine sin ’ná a chéad staid.
27Agus do thárla, nuair a dubhairt sé an méid sin, gur labhair bean sa tsluagh do ghuth árd agus go ndubhairt sí: Is beannuighthe an bhroinn a d’iompar thu agus na cíocha a dheólais. 28Ach dubhairt seisean: Abair, ámhthach, is beannuighthe an mhuintir a chloiseann briathar Dé agus do choimeádann é.
29Agus nuair a bhailigh na daoine chuige thusnuigh sé ar a rádh leó: #Mait. 12:39.Sliocht mhalluighthe iseadh an tsliocht so; tá cómhartha uatha, ach ní tabharfar aon chómhartha dhóibh ach cómhartha Iónais an fáidh. 30#Ión. 2:1.Óir, fé mar a bhí Iónas ’n-a chómhartha do mhuintir Ninebhe, beidh Mac an Duine ’n-a chómhartha do’n tsliocht so. 31Eireóchaidh #11:31 .i. banríghin Séba; Feic 3 Rígh. 10:1.Banríghin na deisceirte i mbreitheamhantas i gcoinnibh muintire an tsleachta so, agus tabharfaidh sí daorbhreith ortha; óir do tháinigs í ó imeallaibh an domhain chun éisteacht le h-eagna Shalomóin; agus féach duine anso is mó ’ná Salomón. 32Eireóchaid muintir Ninebhe i mbreitheamhantas i n-aghaidh an tsleachta so, agus tabharfaid siad daor-bhreith ortha; #Ión. 3:5.mar do dheineadar aithrighe nuair fhógair Iónas dóibh é; agus féach duine anso is mó ’ná Iónas.
33Ní dheineann aoinne coinneal do lasadh agus ansan í chur i bhfolach, nó i chur fé bhéal árthaigh, ach ar choinnleóir, ionus go bhfeicfeadh na daoine a thagann isteach an solus. 34Is í do shúil solus do chuirp. Má bhíonn do shúil glan beidh do chorp go léir soillseach, ach má bíonn sí go h-olc beidh do chorp go léir i ndorchadas. 35Tabhair aire, d’á bhrígh sin, gan an solus atá ionat a bheith ’n-a dhoircheacht agat. 36Dá bhrígh sin, má bhíonn do chorp go léir soillseach, gan aon chuid aige de dhorchadas, beidh sé soillseach go h-iomlán, agus soíllseóchaidh sé thu mar a dhéanfadh lóchran soluis.
37Agus an fhaid a bhí sé ag chaint, d’iarr duine de sna Fairisínigh air dul agus bia chaitheamh i n’fhochair. Agus chuaidh sé isteach agus shuidh sé chun bídh. 38Agus do chrom an Fairisíneach ar mhachtnamh i n-a aigne agus ar a rádh leis féin: Cad n’a thaob ná nígheann se é féin roim bhia chaitheamh? 39Agus dubhairt an Tighearna leis: Anois, a Fhairisíneacha, glanann síbh-se an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis; agus bíonn an taobh istigh díbh féin lán de ghadaidheacht agus de mhalluightheacht. 40A dhaoine gan chiall, nách é an t-é a dhein an taobh amuigh do dhein an taobh istigh? 41Ach cheana, d’á bhfuil agaibh tugaidh déirc uaibh, agus féach, tá gach nídh glan daoibh.
42Ach is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir cuireann sibh deachmhadh ar an miontuis agus ar an ruibh agus ar gach uile luibh, agus ní’l suim agaibh i mbreitheamhantas Dé ná i ngrádh Dé. Is amhlaidh ba cheart so do dhéanamh agus gan rúd do leigint ar lár.
43Is mairg daoibh, a Fhairisíneacha, óir isiad na suidhcháin uachtaracha ins na sinagógaibh atá uaibh, agus daoine bheith ag beannú dhaoibh i n-áit an mhargaidh. 44Is mairg daoibh, óir is cuma sibh nó na h-uaghna ná feictear, agus nách eól do sna daoine a shiúbhlann ortha.
45Agus d’fhreagair duine de’n lucht dlíghe é, agus dubhairt: A Mháighistir, ag rádh na cainte sin duit tá masla agat ’á thabhairt dúinne, leis. 46Agus dubhairt sé leis: Agus is mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, óir cuireann sibh ar na daoine ualaí nách féidir dóibh a dh’iompar, agus ní chuireann sibh féin bara méire chun na n-ualaí.#11:46 Ver. 46. mairg daoibh-se féin, a lucht eóluis ar an ndlígh, .i. dochtúirí dlíghe Maoise, .i. na Sgríbhneóirí.
47Is mairg daoibh-se a chuireann suas na leachta do sna fáidhibh, agus gur b’iad bhúr n-aithreacha do mharbhuigheadh na fáidhe.#11:47 Ver. 47. Is mairg daoibh-se — Ní ghá rádh é gur dhroch-nídh na tuamaí chur suas do sna fáidhibh chun onóra thabhairt dóibh, ach ag imdheargadh na gcuirptheach úd a bhíodh ag déanamh na n-oibreacha san ar mhaithe leó féin, chun creideamhna dh’fhághail dóibh féin, chun ainim cráibhtheachta dh’fhaghail, i dtreó go bhféadfidís easonóir a thabhairt do Rí na bhfáidhí. 48Go deimhin taisbeánann sibh go bhfuiltí ar aon aigne le nbhúr n-aithreachaibh ’n-a ngníomharthaibh, bhúr n-aithreacha ’ghá marbhadh agus sibh-se ag cur na leacht suas dóibh. 49Uime sin iseadh adubhairt eagna Dé: Cuirfead chúcha fáidhí agus aspoil agus déanfaid siad cuid acu do mharbhú agus do chrádh; 50I dtreó go n-éileófar ar an sliocht so fuil na bhfáidh go léir, a doirteadh ó chruithniú an domhain. 51#Gen. 4:8.Ó fhuil Ábeil go fuil #2 Par. 24:22.Shacariais a marbhuigheadh idir an altóir agus an teampal. Mar sin, adeirim libh, éileófar é ar an sliocht so.
52Is mairg daoibh-se atá oilte ar an ndlígh, óir do thógabhair libh eochair na h-eagna; níor chuadhabhair féin isteach, agus an mhuintir a bhí ag dul isteach do choisgeabhair iad.
53Agus nuair a bhí na neithe sin aige ’á rádh leó, do chrom na Fairisínigh agus lucht na dlíghe ar aighneas leis go h-ana-dhian, agus ar a bhéal do chluiche ar a lán neithe, 54Ag déanamh fill air, a d’iarraidh go dtógfaidís suas focal éigin uaidh agus go gcuirfidís ’n-a leith é.
Currently Selected:
Lúcás 11: POL
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
historic text maintained by the Bible Society.

: