YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 14

14
CAIBIDIOL XIV.
An duine go raibh an líonadh ann dá leigheas ag Críost. Parabal an tsuipéir. An riachtanas atá le gach nídh do thréigean chun go leanfí Críost.
1Agus do thárla go ndeaghaidh Íosa isteach i dtigh uachtaráin do sna Fairisínigh sa tsabbóid chun bídh a chaitheamh, agus go rabhadar san ag faire air. 2Agus féach bhí ’n-a láthair duine go raibh líonadh ann. 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis an lucht dlíghe agus leis na Fairisínigh: An ceart leigheas a dhéanamh sa tsabbóid? 4Agus níor labhradar. Ach thóg sé an duine agus do leighis sé é, agus chuir sé chun siúbhail é. 5Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagairt sin: Cé’cu agaibh-se, n-a dtuitfeadh asal leis nó bó leis i bpoll, ná taraiceóchadh amach é lá na sabbóide? 6Agus níor fhéadadar freagra thabhairt air sin.
7Dubhairt sé ansan soluíd leis an muintir a fuair cuireadh nuair a chonaic sé iad ag dul suas ins na suidhchánaibh uachtaracha. 8Nuair a gheobhair cuireadh chun bainise ná suidh sa tsuidhchán uachtarach, le h-eagla go mbeadh duine is onóráighe ’ná thu tar éis cuireadh dh’fhághail uaidh, 9Agus nuair a thiocfadh sé sin go ndéarfadh an t-é a thug cuireadh dhuit-se agus dó-san leat, Tabhair an áit sin dó so; agus ansan go gcaithfá dul agus fanmhaint sa n-áit is ísle agus náire ort. 10Ach nuair a gheobhair an cuireadh suidh sa n-áit is ísle, i dtreó, nuair a thiocfaidh an t-é a thug cuireadh dhuit, go ndéarfaidh sé leat: #Sean-ráidhte 25:7.A chara, eirigh níos sia suas. Ansan beidh onóir ag dul duit ó’n gcuideachtain. 11Óir #Mait. 23:12.gach aoinne a dh’árdóchaidh é féin, ísleófar é; agus an t-é a dh’ísleóchaidh é féin, árdófar é.
12Agus dubhairt sé leis an t-é a thug an cuireadh dhó féin: #Tobias 4:7; Sean-ráidhte 3:9.Nuair a dhéanfair dínnéar nó suipéar ná glaoidh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithre, ná ar do ghaolta, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre, le h-eagla dtabharfaidís sin cuireadh thar a cheann duit-se, agus go dtabharfaí do chuid thar n-air duit. 13Ach nuair a dhéanfair féasda glaoidh chúghat na daoine bochta, na daoine gortuighthe, na bacaigh, na daill, 14Agus beidh áthas ort, mar ní bheidh ar a gcumas cúiteamh a dhéanamh leat; agus déanfar an cúiteamh leat i n-aiseirighe na bhfíoraon.
15Nuair a dh’airigh duine d’á raibh láithreach an focal san dubhairt sé: Is aoibhinn do’n t-é a dh’íosfaidh arán i rígheacht De. 16Agus dubhairt seisean leis: #Mait. 22:2; Apoc. 19:9.Do dhein fear féasda mór, agus thug sé cuireadh d’á lán daoine. 17Agus chuir sé a sheirbhíseach amach, nuair a tháinig am an fhéasda, chun a rádh leis an muintir a fuair cuireadh gur mhithid dóibh teacht mar go raibh gach nídh ollamh. 18Agus chromadar go léir i n-aonfheacht ar leathsgéal do ghabháil. Dubhairt an chéad duine, Tá tigh ceannuighthe agam, agus ní mór dhom dul amach ’ghá fheisgint: iarraim ort mo leathsgéal a ghabháil. 19Agus dubhairt duine eile, Cheannuigheas chúig seisreacha damh, agus táim ag dul ’ghá dtriail: iarraim ort mo leathsgéal, a ghabháil. 20Agus dubhairt duine eile, Phósas bean, agus d’á bhrígh sin ní féidir dom teacht. 21Agus d’fhill an seirbhíseach agus d’innis sé na neithe sin d’á mhaighistir. Ansan tháinig fearg ar fhear an tighe, agus dubhairt sé le n-a sheirbhíseach, Imthigh amach d’urachar i sráidibh agus i bpóirsíbh na catharach, agus tabhair leat anso isteach na daoine bochta agus na daoine gortuighthe agus na daill agus na bacaigh. 22Agus dubhairt an seirbhíseach, A thighearna, do deineadh mar a dh’órduighis, agus tá slígh fós. 23Agus dubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fan na mbóithre agus fan na sgart, agus comáin isteach iad, i dtreó go líonfar mo thigh. 24Deirim libh ámhthach, an mhuintir úd a fuair cuireadh, ní bhlaisfidh aon fhear acu mo bhia.
25Agus bhí mórán daoine ag gluaiseacht i n-aonfheacht leis, agus d’iompuigh sé agus dubhairt sé leó: 26Má thagann duine chúgham-sa agus #14:26 Ver. 26. gan fuath aige — Ní cheaduigheann dlígh Chríost dúinn fuath a thabhairt d’ár namhaid féin, gan trácht ar ár n-athair agus ár máthair. Ach isé brígh atá leis an gcaint ’ná so, .i. gur ceart dúinn ár n-aigne bheith socair againn ar sgaramhaint le gach nídh, agus le gach duine d’á annsacht, do choisgfadh sinn ar Chríost do leanmhaint.gan fuath aige d’á athair agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi agus d’á chlainn, agus d’á dhritháracha agus d’á dhriféaracha, agus fós d’á anam féin, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam. 27Agus an t-é ná deineann a chros féin d’iompar agus teacht am’ dhiaidh, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam. 28Óir cé’cu agaibh-se gur mhaith leis túr do chur suas ná suidhfeadh síos ar dtúis chun an chosdais, nár bhfoláir a dhéanamh, do mheas, féachaint an mbeadh dóithin na h-oibre aige? 29Le h-eagla, tar éis an bhuinn do chur agus gan ar a chumas críochnú, go dtusnóchadh gach a bhfeicfeadh é ar mhagadh fé, 30Agus go ndéarfaidís: Dhein an duine seo tusnú ar chur suas, agus ní’l ar a chumas críochnú. 31Nó cé h-é an rí a bheadh ag dul chun cogaidh a dheanamh le rí eile, ná suídhfeadh síos ar dtúis ag déanamh machtnaimh, féachaint ar bh’ fhéidir dó, le deich míle, seasamh i n-aghaidh an t-é atá ag teacht ’n-a choinnibh agus fiche míle aige? 32Agus mura féidir, an fhaid a bheidh an fear eile abhfad uaidh, cuirfidh sé teachtaireacht chuige ag fiafraighe i dtaobh síothchána. 33Ar an gcuma gcéadna, gach duine agaibh-se ná tugann druim lámha le n-a bhfuil aige, ní féidir dó bheith ’n-a dheisgiobul agam-sa.
34Is maith an rud salann, ach má chailleann an salann a bhlas, cad leis go ndéanfar deigh-bhlasta é? 35Ní’l tairbhe ann do’n talamh ná chun aoiligh; caithtear amach é. An t-é go bhfuil cluasa air chun éisteachta cloiseadh sé.

Currently Selected:

Lúcás 14: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in