YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 15

15
CAIBIDIOL XV.
Parabal na caorach a cailleadh, agus parabal an mhic a bhí róchaithteach.
1Agus bhí na puibliocánaigh agus na peacaigh ag teacht chuige ag éisteacht leis. 2Agus bhí na Fairisínigh agus na Sgríbhneóirí ag ceisneamh, agus deiridís: Ar ndó, glacann an fear so na peacaigh agus itheann sé bia ’n-a bhfochair.
3Agus do labhair seisean leó an tsoluíd seo:
4 # Mait. 18:12. Cé’cu agaibh-se go mbeadh céad caora aige, agus go raghadh caora acu amú uaidh, ná fágfadh na naoi gcinn déag agus cheithre fichid sa bhfásach agus ná raghadh ar lorg an chinn a cailleadh go dtí go bhfaghadh sé í? 5Agus nuair a gheibheann sé í tógann sé ar a ghuaillibh í, agus áthas air, 6Agus nuair a thagann sé abhaile glaodhann sé chuige a cháirde agus a chómharsain agus deir sé leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras mo chaora do cailleadh. 7Deirim libh gurab shin mar a bheidh gáirdeachas ar neamh mar gheall ar aon pheacach amháin a dhéanfaidh aithrighe seachas naoi dhuine dhéag agus cheithre fichid de dhaoinibh córa ná fuil gádh le h-aithrighe acu.
8Nó cé h-í an bhean go mbeadh deich #15:8 ndrachma .i. Pingin Rómhánach: an t-ochtmhadh cuid d’uinge airgid.ndrachma aici agus go gcaillfeadh sí drachma dhíobh, ná déanfadh coinneal do lasadh agus an tigh do sguabadh, agus an drachma do lorg go géar go dtí go bhfaghadh sí é? 9Agus nuair a gheibheann sí é, glaodhann sí chúichi a cáirde agus a cómharsain agus deir sí leó: Deinidh gáirdeachas liom, mar do fuaras an drachma a chailleas. 10Deirim-se libh-se gur b’ shin mar a bheidh gáirdeachas #15:10 Ver. 10. i láthair aingeal Dé — Taisbeánann an chaint sin go bhfuil suím ag aingealaibh na bhflathas ionainne atá annso thíos, agus go mbíonn áthas ortha nuair a dheinimíd aithrighe, agus d’á bhrígh sin go mbíonn eólus acu air.i láthair aingeal Dé mar gheall ar aon pheacach amáin a dhéanfaidh aithrighe.
11Agus dubhairt sé: Bhí fear ann agus bhí beirt mhac aige; 12Agus dubairt an mac ab óige acu le n’athair, A athair, tabhair dómh-sa an méid atá ag dul dom de d’chuid, agus do rainn sé an chuid eatartha. 13Agus tar éis beagán laethanta do bhailigh an mac ab óige chuige a chuid go léir, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta abhfad ó bhaile, agus do sgaip sé a chuid le baois agus le rabairne. 14Agus nuair a bhí gach aon rud caithte aige tháinig gorta ana-dhian sa tír sin, agus thusnuigh sé ar bheith i n-uireasba. 15Agus d’imthigh sé agus do réidhtigh sé le duine de mhuintir na tíre sin. Agus do chuir seisean é amach chun a chod’ tailimh ag cothú mhuc. 16Agus ba mhaith leis a bholg a líonadh de sna féithleógaibh a dh’itheadh na muca, agus ní thabharfadh aoinne dhó iad. 17Agus do mhachtnaimh sé i n’aigne agus dubhairt sé: Cad a bhfuil de lucht tuarasdail a thuilleamh i dtigh m’athar agus a ndóithin aráin acu, agus mise anso ag fághail bháis do’n ghorta! 18Eireóchad agus raghad ag triall ar m’athair agus déarfad leis, A Athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; 19Ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. Leig dom bheith mar dhuine ded’ lucht tuarasdail a thuilleamh.
20Agus d’eirigh sé agus tháinig sé fé dhéin a athar. Agus an fhaid a bhí sé fós abhfad uaidh, do chonaic an t-athair é, agus tháinig ana-thruagh aige dhó, agus do rith sé chuige agus chaith sé é féin ar a bhrághaid agus do phóg sé é. 21Agus dubhairt an mac leis: A athair, tá peacadh déanta agam i n-aghaidh neimhe agus ad’ láthair-se; ní fiú mé feasda go ndéarfaí gur mac duit mé. 22Agus dubhairt an t-athair le n-a sheirbhíseachaibh, Brostuighidh agus tugaidh amach an chulaith éadaigh is fearr agus cuiridh uime í, agus cuiridh fáinne ar a láimh, agus bróga ar a chosaibh, 23Agus tugaidh libh an gamhain ramhar agus marbhuighidh é, agus ithimís agus bímís sóghach; 24Óir bhí an mac so liom marbh, agus tá sé beó airís; do cailleadh é, agus do fuaradh é. Agus chromadar ar bheith go sóghach.
25Ach bhí an mac ba shine aige amuigh sa pháirc, agus bhí sé ag teacht chun an tighe, agus d’airigh sé an ceól agus an rinnce, 26Agus ghlaoidh sé ar dhuine de sna seirbhísigh, agus d’fhiafraigh sé dhe cad é seo a bhí ar siubhal. 27Agus dubhairt seisean, Tháinig do dhritháir, agus do mhairbh t’athair an gamhain ramhar toisg é theacht slán chuige. 28Agus tháinig fearg air, agus ní raghadh sé isteach. Ansan tháinig an t-athair amach agus chrom sé ar thathant air. 29Agus dubhairt seisean le n’athair ’ghá fhreagradh: Féach, táim-se ag obair duit na blianta so go léir, agus níor dhiúltuigheas riamh do rud a déanamh ort, agus níor thugais riamh dom oiread agus mionán chun súbhachais a dheanamh le m’cháirdibh; 30Ach an mac so dhuit, chómh luath agus tháinig sé, tar éis a choda do chaitheamh le striapachaibh, mharbhuighis an gamhain ramhar dó. 31Dubhairt seisean leis ámhthach: A mhic, taoi-se am’ fhochair i gcómhnuighe, agus is leat a bhfuil agam; 32Ach ba chóir súbhachas agus gáirdeachas a dhéanamh, óir bhí do dhritháir anso marbh, agus tá sé beó airís; bhí sé caillte, agus do fuaradh é.

Currently Selected:

Lúcás 15: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in