YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 16

16
CAIBIDIOL XVI.
Parabal an stíbhaird mhí-mhacánta, agus parabal an fhir shaidhbhir agus Lasaruis.
1Ansan dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Bhí duine saidhbhir ann agus bhí stíbhard aige, agus do h-innseadh do, ’n-a thaobh, go raibh sé ag sgaipeadh a choda. 2Agus do ghlaoidh sé chuige é, agus dubhairt sé leis, Cad é seo a chloisim ad’ thaobh-sa? Tabhair cúntas ad’ stíbhardaidheacht, mar ní fhéadfair bheith ad’ stíbhard feasda. 3Ansan dubhairt an stíbhard i n’aigne féin. Cad a dhéanfad, ó tá mo mháighistir ag baint na stíbhardaidheachta dhíom? Ní’lim ábalta ar rómhar a dhéanamh; is nár liom déirc do lorg. 4Tá fhios agam cad a dhéanfad, i dtreó, nuair a curfar as an stíbhardaidheacht mé, go nglacfaid siad ’n-a dtighthibh mé. 5Agus do ghlaoidh sé chuige, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine, an mhuintir go raibh fiacha agá mháighistir ortha, agus dubhairt sé leis an gcéad duine: An mór atá agam’ mháighistir ort? 6Agus dubhairt seisean: Céad bairille oíle. Agus dubhairt sé leis: Tóg do bhille láithreach agus suidh ansan, agus sgríbh caogad bairille. 7Ansan dubhairt sé le duine eile: Agus tusa, an mór atá ort? Agus dubhairt seisean: Céad ceathramhadh cruithneachtan. Dubhairt sé leis: Glac do bhille agus sgríbh cheithre fichid ceathramhadh. 8Agus do mhol an máighistir an rógaire stíbhaird, mar gur dhein sé beart ghasta; óir tá clann an tsaoghail seo níos gasta ’ná clann an tsoluis do réir a gcinéil féin. 9Agus deirim-se libh-se: Deinidh daoine muinteartha dhaoibh féin leis #16:9 Ver. 9. an saidhbhreas claon mammon na malluightheachta — cialluígheann Mammon saidhbhreas. Tugtar annso ar shaidhbhreas “mammon na malluightheachta,” óir is minic a gheibhtear go h-olc é, agus is minic a curtar go h-olc é, agus is minic olc ag teacht as. Agus pé maith atá ann is rud saoghalta é agus is rud bréagach é. Ní h-é an fíor-shaidhbhreas é do’n Chríostaídhe.an saidhbhreas claon so, i #16:9 Ver. 9. i dtreó...go nglacfaidís — ibid. Taisbeánann san dúinn go mb’ fhéidir go bhféadfadh bochta Dé, gur thugamair faoiseamh ortha le déirc anso, ár n-anam do bhreith isteach i bhflathas Dé ’n-a dhiaidh so le n-a nguidhe.dtreó, nuair a bheidh sibh claoidhte, go nglacfaidís sibh isteach ins na tighthibh síoruidhe.
10An t-é a bhíonn dílis sa rud is lúgha, bíonn sé dílis i rud mór; agus an t-é a bhíonn mí-mhacánta i rud beag, bíonn sé mí-mhacánta, i rud mór, leis. 11D’á bhrígh sin, murar dhílis sibh-se sa tsaidhbhreas bhréagach, cé chuirfidh ar bhúr láimh an saidhbhreas fírinneach? 12Agus murar dílis sibh i gcuid duine eile, cé thabharfaidh daoibh bhúr gcuid féin? 13#Mait. 6:24.Ní féidir d’aon tseirbhíseach rud a dhéanamh ar dhá mháighistir; óir beidh fuath aige do dhuine acu, agus grádh do’n duine eile; nó claoidhfidh sé le duine acu, agus cuirfidh sé neamhshuim sa duine eile. Ní féidir daoibh Dia d’fhriothalamh agus #16:13 .i. saidhbhreas saoghaltamammon.
14Agus bhí na Fairisínigh ag éisteacht leis na neithe sin go léir, agus daoine sanntacha b’eadh iad, agus bhíodar ag déanamh magaidh faoi. 15Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.
16An dlígh agus na fáidhe go dtí Eóin; #Mait. 11:12.as san amach tá rígheacht Dé d’á chraobhsgaoileadh, agus gach aoinne ag cur ’n-a choinnibh go dian.
17Ach is usa neamh agus talamh do dhul ar neamhnídh ’ná aon phúnc amháin de’n dlígh do dhul ar neamhnídh.
18 # Mait. 5:32; Marc. 10:11; 1 Cor. 7:10,11. Gach aoinne a chuireann uaidh a bhean agus do phósann bean eile, deineann sé adhaltranas; agus an t-é a phósann an bhean a cuireadh ó n-a fear, deineann sé adhaltranas.
19Bhí duine saidhbhir ann agus é i n-éadach chorcra agus i lín-éadach mhín agus é ag caitheamh bídh bhuacaigh gach lá. 20Agus bhí lasmuigh d’á dhorus sínte, bochtán dár bh’ainim Lasarus, agus é lán d’othrasaibh; 21Agus ba mhian leis an t-ocras a bhaint de féin leis an mbrúscar bídh a bhí ag tuitim de bhórd an fhir shaidhbhir, agus ní tabharfaí dhó é; agus thagadh na gadhair agus do lighdís a chréachta. 22Agus thárla go bhfuair an duine bocht bás, agus gur rug na h-aingil suas é go #16:22 Ver. 22. ucht Ábrahaim .i. an t-inead suainis ’n-a raibh anamnacha na naomh a fuair bás roimh Chríost go dtí gur osgail Críost geataí na bhflathas.h-ucht Ábrahaim. Agus fuair an fear saidhbhir bás, agus do cuireadh i n-ifreann é. 23Agus nuair a bhí sé ag fulang na bpian d’fhéach sé suas agus chonaic sé, abhfad uaidh, Lasarus agus é i n-ucht Ábrahaim; 24Agus do liúigh sé amach agus dubhairt sé: A athair Ábrahaim, glac truagh dhom agus cuir chúgham Lasarus go gcuiridh sé bara a mhéire i n-uisge agus go bhfuaraidh sé mo theanga, óir táim a’m losgadh sa lasair seo. 25Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin. 26Agus d’á éaghmuis sin a’s uile, tá doimhneas mór suidhte daingean idir sibh-se agus sinne, i dtreó an t-é gur mhian leis dul as so ag triall oraibh-se nách féidir dó é, ná teacht as sán ag triall orainne. 27Agus dubhairt sé: Iarraim ort, d’á bhrígh sin, a athair, é chur go tigh m’athar: Mar tá cúigear drithár agam: 28go dtabharfadh sé foláramh dóibh, i dtreó ná tiocfaidís anso ins na piantaibh seo. 29Agus dubhairt Ábraham leis: Tá Maois acu, agus na fáidhe; éistidís leó san. 30Agus dubhairt seisean: Ní h-eadh, a athair Ábrahaim, ach má théigheann duine de sna mairbh ag triall ortha déanfaid siad aithrighe. 31Agus dubhairt sé leis: Mura n-éistid siad le Maois agus leis na fáidhe, ní chreidfidis duine de sna mairbh féin, dá dtéigheadh sé ag triall ortha.

Currently Selected:

Lúcás 16: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Lúcás 16