YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 17

17
CAIBIDIOL XVII.
Teagasg ar conus sgannal do sheachaint: ar éifeachtamhlacht creidimh, ⁊rl. An deichniúbhar lobhar. An modh ar a dtiocfaidh Críost.
1Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Ní féidir gan sgannail do theacht, ach is léanmhar do’n t-é tré n-a dtagaid siad. 2B’ fhearra dhó gur bró mhuilinn a curfaí ar a mhuineál agus é chaitheamh sa bhfaraige ’ná go dtabharfadh sé sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so.
3Tugaidh aire dhaoibh féin. #Lebhit. 19:17; Eccli. 19:13; Mait. 18:15.Má dheineann do dhritháir beart ad’ choinnibh, cas leis é; agus má bhíonn cathú air, maith dhó é. 4Agus má dheineann sé beart ad’ choinnibh seacht n-uaire sa lá, agus má iompuigheann sé chúghat seacht n-uaire sa lá agus go ndéarfaidh sé, Tá cathú orm: maith dhó.
5Agus dubhairt na h-Aspoil leis an dTighearna: Méaduigh creideamh dúinn. 6Agus dubhairt an Tighearna: #Mait. 17:19.Dá mbeadh oiread gráinne mustáird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann sícamín seo, Tógtar as do phréamhachaibh thú agus curtar sa bhfaraige thu, agus dhéanfadh sé rud oraibh.
7Agus cé h-é an duine agaibh-se go bhfuil seirbhíseach aige, ag treabhadh nó ag aedhreacht, agus a déarfaidh leis nuair a thiocfaidh sé isteach ó’n bpáirc, Imthigh láithreach agus suidh chun bídh? 8Agus ná déarfaidh leis, Faigh rud le n-ithe dhom, agus criosuigh thu féin agus dein friothálamh orm go mbeidh ithte agus ólta agam, agus ’n-a dhiaidh san déanfair-se ithe agus ól. 9An amhlaidh a gheobhaidh sé a bhuidheachas leis an seirbhíseach san toisg gur dhein sé an rud a dh’órduigh sé dhó a dhéanamh? 10Ní h-eadh, dar liom. Mar sin daoibh-se, nuair a bheidh gach nídh déanta agaibh mar atá órduighthe dhaoibh, abraidh: Seirbhísigh gan mhaith iseadh sinn; an rud a bhí fhiachaibh orainn a dhéanamh isé a dheineamair.
11Agus do thárla, agus é ag dul go Ierúsalem, go raibh sé ag gabháil tré lár Shamaria agus Ghaililí; 12Agus ag dul isteach dó i mbaile áirithe do bhuail deichniúbhar lobhar uime, agus do sheasuigheadar abhfad amach uaidh, 13Agus d’árduigheadar a nglór agus dubhradar: A Íosa, a Mháighistir, déin trócaire orainne. 14Agus nuair a chonaic sé iad dubhairt sé leó: #Lebhit. 14:2.Imthighidh agus taisbeánaidh sibh féin do sna sagairt. Agus do thárla, ar an slígh dhóibh, gur glanadh iad. 15Ach bhí duine acu agus nuair a chonaic sé go raibh sé glan, d’fhill sé thar n-ais agus é ag moladh Dé go h-árd, 16Agus chaith sé é féin ar a bhéal a’s ar a aghaidh ag cosaibh Íosa ag gabhail a bhuidheachais leis, agus Samaritánach dob’ eadh é. 17Agus d’fhreagair Íosa é agus dubhairt: Nár glanadh deichniúbhar? Agus an naonbhúr eile, cá bhfuil siad? 18Nár fuaradh aoinne chun teacht agus glóire thabhairt do Dhia ach an duine iasachta so? 19Agus dubhairt sé leis: Eirigh agus imthigh leat, óir do shlánuigh do chreideamh thú.
20Agus d’fhiafraigh na Fairisínigh de: Cathain a thiocfaidh rígheacht Dé? Agus dubhairt sé ’ghá bhfreagradh: Ní thiocfaidh rígheacht Dé i riocht go bhféadfar bheith ag faire air. 21Na ní déarfar, Féach anso é, ná Féach ansúd é. Óir, féach, tá rígheacht Dé i nbhúr measg.
22Agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Tiocfaidh na laethanta ’n-a mbeidh dúil agaibh aon lá amháin de laethibh Mhic an Duine a dh’fheisgint, agus ní fheicfidh sibh é. 23Agus déarfaid siad libh, Féac anso é, agus, Féach ansúd é. Ná téighidh ann, agus ná leanaidh iad.
24Óir, mar an splannc a lasann fé’n spéir, ar na neithe atá fé’n spéir, iseadh bheidh Mac an Duine ’n-a lá féin. 25Ní foláir dó an dtúis, ámhthach, mórán d’fhulang, agus an tsliocht só ’ghá shéanadh. 26#Gen. 7:7.Agus mar a thárla i laethibh Nóe iseadh bheidh i laethibh Mhic an Duine. 27Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag pósadh ban agus ag tabhairt ban le pósadh, go dtí an lá ’n-ar chuaidh Nóe isteach sa n-áirc; agus tháinig an díle agus do bháidh sí iad go léir. 28#Gen. 19:25.Díreach mar a thárla i laethibh loit: Bhíodar ag ithe agus ag ól, ag ceannach agus ag díol, ag cur síl agus ag déanamh tighthe; 29Agus an lá a dh’imthigh Lot amach a’ Sodomaibh do thuit an cith teine agus an chlochghorm ó neamh ortha, agus do loisgeadh iad go léir. 30Mar sin isead bheidh, an lá a taisbeánfar Mac an Duine.
31An lá san, an t-é bheidh ar bhuaic an tighe, agus a chuid sa tigh, ná téigheadh sé isteach a d’iarraidh a choda; agus an t-é a bheidh sa pháirc, ar an gcuma gcéadna, ná téigheadh sé thar n-ais. 32Cuimhnighidh ar mhnaoi Loit. 33Pé duine bheidh a d’iarraidh a anama shábháil, caillfidh sé é; agus an t-é a chaillfidh a anam sábhálfaidh sé é.
34Deirim libh, beidh, an oidhche sin, beirt i n-aon leabaidh: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. Beidh beirt bhan ag meilt i n-aonfheacht: tógfar bean acu agus fágfar an bhean eile; 35Beirt fhear sa pháirc: tógfar duine acu agus fágfar an duine eile. 36Dubhradar leis ’ghá fhreagradh: Canad, a Thighearna? 37Agus dubhairt sé leó: An áit ’n-a mbeidh an corp, is ann a cruinneofar na fiolair.

Currently Selected:

Lúcás 17: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in