YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 18

18
CAIBIDIOL XVIII.
Ní foláir dúinn bheith ag guídhe chun Dé i gcómhnuíghe. Na Fairisínigh agus na puibliocánaigh. An chontabhairt ata i saidhbhreas. A radharc a thabhairt do’n dall.
1Agus do labhair sé soluíd leó ar conus mar is ceart #Eccli. 18:22; 1 Tess. 5:17.bheith coitchianta ag guidhe chun Dé, agus gan bheith cortha dhe. 2Agus dubhairt sé: Bhí breitheamh i gcathair áirithe, agus ní raibh eagla Dé air ná beann ar dhaoine aige. 3Agus bhí baintreach sa chathair chéadna, agus tháinig sí chuige agus dubhairt sí: #18:3 Ver. 3. Dein díoghaltas dom ar mo namhaid. .i. “Bain mo cheart amach dom.” Nós cainte ab eadh é ag na h-Eabhraigh.Dein díoghaltas dom ar mo namhaid. 4Agus ní déanfadh ar feadh abhfad. Ach ’n-a dhiaidh san dubhairt sé i n’aigne féin, Bíodh ná fuil eagla Dé orm ná beann ar dhaoine agam, 5sa n-am gcéadna, ó tá an bhaintreach so a’m buaireamh déanfaidh mé ceart di, i dtreó ná beidh sí ag teacht choídhche go mbead ciapaithe aici. 6Agus dubhairt an Tighearna leó: Cloiseann sibh cad dubhairt an breitheamh aincheart; 7Agus an amhlaidh a dhéanfaidh Dia ríghneas agus gan ceart do chur i bhfeidhm d’á fhíoraonaibh féin, agus iad ag glaodhach air go ló agus d’oidhche? 8Deirim libh go gcuirfidh sé ceart i bhfeidhm dóibh go mear. Ach sa n-am gcéadna, nuair a thiocfaidh Mac an Duine an dóigh leat an bhfaghaidh sé creideamh ar talamh?
9Agus dubhairt sé an tsoluíd seo le raint daoine a bhí mainghíneach asta féin, mar dh’eadh go rabhadar fíoraonta, agus droch-mheas acu ar dhaoinibh eile: 10Chuaidh beirt suas sa teampul chun úrnuighthe dhéanamh. Fairisíneach ab eadh duine acu agus puibliocánach ab eadh an duine eile. 11Sheasaimh an Fairisíneach agus dhein sé a ghuidhe mar seo i n-a aigne féin: A Dhia, bheirim a bhuidheachas leat ná fuilim-se mar an chuid eile de sna daoine, bitheamhnaigh, lucht éagcóra, lucht adhaltranais, ar nós an phuibliocánaigh seo féin. 12Deinim-se trosgadh dhá uair sa tseachtmhain: tugaim deachmhadh as a bhfuil agam. 13Agus do sheasaimh an puibliocánach abhfad amach, agus níor bh’áil leis a shúile amháin d’iompáil suas chun na bhflathas, ach é ag bualadh a uchta agus a’ rádh: A Dhia, déin trócaire orm óir is peacach mé. 14Deirim libh, do chuaidh sé sin abhaile ar staid na ngrást, murab ionan a’s an fear eile. Óir gach duine dh’árdóchaidh é féin, úmhlófar é; agus gach duine a dh’úmhlóchaidh é féin, árdófar é.
15Agus bhíodar ag tabhairt na leanbh féin ag triall air go gcuirfeadh sé a lámh ortha; agus nuair chonaic na deisgiobuil an nídh sin bhíodar ’ghá gcosg. 16Agus ghlaoidh Íosa chuige iad, agus dubhairt sé: Leigidh do sna leanbhaí teacht chúgham agus ná bídhidh ’gha gcosg; óir is d’á leithéidí sin rígheacht Dé. 17Go deimhin adeirim libh: Aoinne ná glacfidh rígheacht Dé mar a dhéanfadh leanbh ní raghaidh sé isteach ann.
18Agus cheistigh duine de sna priúnsaíbh é, agus dubhairt sé: A Mháighistir mhaith, cad tá le déanamh agam i dtreó go mbeidh an bheatha shíoruidhe agam? 19Agus dubhairt Íosa leis: Cad chuige go ndeirir gur maith mé? Ní maith aoinne ach Dia amháin. 20Táid na h-aitheanta agat: #Exod. 20:13.Ná dein marbhadh; Ná dein drúis; Ná dein guid; Ná tabhair fiadhnuise bhréige; Tabhair do t’athair agus dod’mháthair onóir. 21Agus dubhairt seisean: Táid siad san go léir coimeádta agam ó m’ óige. 22Nuair airigh Íosa an nídh sin dubhairt sé: Tá aon rud amháin i n-easnamh ort fós: Díol amach gach a bhfuil agat agus tabhair do sna bochtaibh é, agus beidh stór agat ar neamh; agus tar agus lean mise. 23Nuair airigh seisean an méid sin tháinig buairt air, mar fear ana-shaidhbhir ab eadh é. 24Agus nuair a chonaic Íosa an bhuairt air dubhairt sé: Cad é a dheacracht do lucht saidhbhris dul isteach i rígheacht Dé! 25Is usa do chamal dul tré chró snáthaide ’ná do dhuine shaidhbhir dul isteach i rígheacht Dé. 26Agus dubhairt an mhuintir a bhí ag éisteacht leis: Má ’seadh cé fhéadfaidh dul saor? 27Agus dubhairt sé leó: Neithe nách féidir i láthair daoine is féidir i láthair Dé iad.
28Agus dubhairt Peadar: Féac, d’fhágamairne gach aon rud agus do leanamair tusa. 29Agus dubhairt sé leó: Deirim libh go fíor, ní’l aon duine a dh’fhág tigh ná muintir ná dritháracha ná bean ná clann ar son rígheachta Dé, 30ná faighidh mórán níos mó ar an saoghal so, agus an beatha shíoruidhe sa tsaoghal atá le teacht.
31 # Mait. 20:17; Marc. 10:32. Agus do thóg Íosa an dáréag, agus dubhairt sé leó: Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus cómhlíonfar gach nídh d’á bhfuil sgríobhtha ag na fáidhibh i dtaobh Mhic an Duine. 32Óir tabharfar suas do sna geintibh é, agus tarcuisneófar é, agus sgiúrsálfar é, agus caithfar seilí air; 33Agus tar éis é sgiúrsáil cuirfid siad chun báis é, agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá. 34Agus níor thuigeadar-san aon nídh de sna neithibh sin, agus bhí an chaint sin foluighthe uatha agus níor thuigeadar na neithe a dubhradh.
35 # Mait. 20:29; Marc. 10:46. Agus nuair a bhíodar ag teacht i gcómhgar do Ierichó do tharla go raibh dall i n-aice au bhóthair ag lorg déarca. 36Agus nuair airigh sé an tsluagh ag gabháil thairis d’fhiafraigh sé cad ab é sin. 37Agus dubhradar leis gur bh’é Íosa Nasareit a bhí ag gabháil an treó. 38Agus do liúigh sé agus dubhairt sé: A Íosa, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 39Agus na daoine a bhí ag gabháil thairis bhíodar ag bagairt air éisteacht, ach is amhlaidh do liúigh sé níba mhó, A Mhic Dáibhid, déin trócaire orm. 40Agus do stad Íosa agus dubhairt sé é thabhairt chuige. Agus nuair a bhí sé ag teacht ’n-a chómhgar chuir sé an cheist chuige agus dubhairt sé: Cad ba mhaith leat mé dhéanamh duit? 41Agus dubairt sé: Go bhfeicfinn, a Thighearna. 42Agus dubhairt Íosa leis: Féach suas; do shlánuigh do chreideamh thu. 43Agus fuair sé a radharc láithreach, agus do lean sé eisean ag moladh Dé; agus nuair a chonaic na daoíne go léir an nídh sin thugadar moladh do Dhia.

Currently Selected:

Lúcás 18: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in