YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 23

23
CAIBIDIOL XXIII.
Tuairisg na Páise ar leanmhaint.
1Agus d’eirigheadar go léir agus do rugadar ag triall ar Phílát é. 2Agus chromadar ar neithe do chur ’n-a leith, agus deiridís: Fuaramair é seo ag cur na ndaoine ar a n-aimhleas, #Mait. 22:21; Marc. 12:17.agus ag cosg cíosa do thabhairt do Chaesar, agus ’ghá rádh gur b’é Críost an rí é. 3Agus do chuir Pílát ceist chuige agus dubhairt sé: An tusa rí na n-Iúdach? Agus dubhairt seisean ’ghá fhreagradh: Deirir é.
4Agus dubhairt Pílát le h-uachtaráin na sagart agus leis an sluagh: Ní bhfaighim aon choir sa duine seo. 5Ach do ghéaruigh ortha-san agus dubhradar: Tá sé ag buaireamh na ndaoine, ag teagasg ar fuid Iúdaéa go léir, ag tusnú ó Ghaililí go dtí an áit seo. 6Nuair a d’airigh Pílát Gaililí d’fhiafraigh sé ar Ghaililíach an duine. 7Agus nuair a thuig sé gur le cómhacht Héróid a bhain sé, chuir sé ag triall ar Héród é, mar bhí Héród i n-Ierúsalem na laethanta san.
8Agus nuair a chonaic Héród Íosa bhí áthas ana-mhór air, óir bhí sé abhfad ag súil le h-é d’fheisgint, mar bhí sé tar éis a lán d’aireachtaint ’n-a thaobh, agus bhí súil aige go bhfeicfeadh sé mírbhúilt mhór éigin aige ’á dhéanamh. 9Agus dhein sé a lán cainte ’ghá cheistiú. Ach níor thug seisean aon fhreagra air. 10Agus sheasamh uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí agus iad coitchianta ag cur ’n-a leith. 11Agus thug Héród agus a lucht airm tarcuisne dhó, agus chuir sé éadach bán air, chun magaidh, agus chuir sé thar n-ais ag triall ar Phílát é. 12Agus tháinig caradas an lá san idir Phílát agus Héród, mar, namhaid ab eadh iad d’á céile roimis sin.
13Agus do chruinnigh Pílát uachtaráin na sagart agus maithe an phobuil agus na daoine. 14Agus dubhairt sé leó: Thugabhair chúgham an duine seo mar go raibh sé ag cur na ndaoine ar aimhleas, agus féach, do cheistigheas os bhúr gcómhair é agus #Eóin 18:38; 19:4.ní bhfuaras ciontach i n-aon nídh é de sna neithibh atá agaibh ’á chur ’n-a leith. 15Agus ní lúgha ’ná mar a fuair Héród; mar do chuireas ag triall air sibh, agus féach níor deineadh aon nídh leis ba chómhionan le bás. 16Smachtóchad é agus leigfead chun siubhail é.
17Ach bhí air aoinne amháin do leigint saor chúcha mar gheall ar lá na féile. 18Ach do liúigh an pobul go léir agus dubhradar: Tóg uainn é seo agus sgaoil chúghainn Barabbas, 19Fear a bhí istigh le marbhú duine agus mar gheall an cheannairc a deineadh sa chathair. 20Ach do labhair Pílát leó airís a d’iarraidh Íosa do leigint saor. 21Agus is amhlaidh a liúghadar níos aoirde: Dein é chéasadh; dein é chéasadh. 22Agus dubhairt seisean leó an trímhadh h-uair: #Mait. 27:23; Marc. 15:14.Agus cad é an t-olc atá déanta aige? Ní bhfaighim aon choir bháis ann; smachtóchad é, d’á bhrígh sin, agus leigfead chun siubhail é. 23Ach do leanadar-san ag liúirigh do ghuthanaibh árda go ndéanfaí é chéasadh, agus do bhuaidh a nguthana. 24Agus thug Pílát mar bhreith an nídh a bhí uatha do dhéanamh. 25Agus do leig sé saor chúcha an fear a dh’iarradar, an fear a bhí istigh le marbhú duine agus le ceannairc; agus thug sé Íosa dhóibh chun a dtoile dh’imirt air.
26Agus nuair a bhíodar ’ghá bhreith leó do rugadar ar dhuine ó Chíréné dár bh’ainim Símón, agus é ag teacht isteach ó’n dtuaith, agus chuireadar an chros ar a mhuin chun í dh’iompar i ndiaidh Íosa.
27Agus bhí mórán daoine ’ghá leanmhaint, agus mná, agus iad ag gol agus ag caoi mar gheall air. 28Agus d’iompuigh Íosa ortha agus dubhairt sé leó: A mhná Ierúsaleim, ná bhídhidh ag gol mar gheall orm-sa, ach bhídhidh ag gol ar bhúr son féin agus as son bhúr gclainne. 29Óir tiocfaid na laethanta ’n-a ndéarfar, Is aoibhinn do sna h-aimridibh, agus do sna broinníbh nár rug clann, agus do sna cíochaibh nár thál bainne. 30#Isáias 2:19; Ósee 10:8; Apoc. 6:16.An uair sin cromfaid daoine ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúdaighidh sinn. 31Óir má dheinid siad na neithe seo sa n-adhmad ghlas, cad a déanfar sa n-adhmad chríon?
32Agus bhí bheirt eile, beirt mhéirleach, d’á mbreith i n-aonfheacht leis chun iad do chur chun bháis.
33Agus nuair a bhíodar tagaithe chun na h-áite ar a dtugtar Áit an chloiginn do chéasadar ansan é, agus an bheirt bhitheamhnach, duine, acu ar a láimh dheis agus an duine eile ar a láimh chlé. 34Agus dubhairt Íosa: A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad ’tá acu ’á dhéanamh. Agus do rainneadar a bhaill éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh.
35Agus bhí na daoine ’n-a seasamh ag féachaint air, agus bhí na h-uachtaráin ag magadh faoi leó, agus deiridís: D’fhóir sé ar dhaoinibh eile, fóireadh sé air féin, má ’sé an Críost é a toghadh ó Dhia. 36Agus bhí na saighidiúirí ag déanamh magaidh faoi, ag teacht agus ag tabhairt fínéigre dhó, 37Agus deiridís: Má’s tú rí na n-Iúdach saor tú féin. 38Agus bhí sgríbhinn sgríobhtha os a chionn i litreachaibh Gréigise agus Laidne agus Eabhra: RÍ NA N-IÚDACh É SEO.
39Agus thug duine de’n bheirt bhitheamhnach a bhí ar crochadh masla dó, agus deireadh sé: Má’s tú Críost dein tu féin agus sinne do shaoradh. 40Ach do fhreagair an fear eile é ag milleán air, agus dubhairt sé: An amhlaidh ná fuil eagla Dé ort agus tú fé’n ndaor-bhreith chéadna? 41Sinne ámhthach, le ceart, mar do tugadh dúinn an rud a bhi tuillte againn; ach níor dhein an duine seo aon droch-nídh. 42Ansan dubhairt sé le h-Íosa: A Thighearna, nuair a thiocfair ad rígheacht cuimhnigh orm-sa. 43Agus dubhairt Íosa leis: Deirim, leat go fíos go mbeidh tú i bhflathas Dé indiu am’ fhochair-se.#23:43 Ver. 43. i bhflathas Dé .i. sa n-inead suainis agus áthais agus aoíbhnis síoruidhe. Bh’é toil Íosa Críost, i bhfuirm príbhléide áirithe, luacht saothair a chreidimh agus a admhála thabhairt do’n fhoghluidhe sin a dhein aithrighe, .i. a pheacaí agus gach pionós d’ár lean iad do mhaiteamh dó agus é bhreith leis, tar éis a bháis, isteach i gcómhluadar na naomh, sa limbo san a bhí le h-atharú n-a pháraithis chómh luath agus do raghadh ár Slánuightheóir síos ann.
44Ansan bhí sé tímpal na sémhadh h-uaire, agus tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. 45Agus do doirchigheadh an ghrian; agus do stracadh brat an teampail tré n-a lár. 46Agus dubhairt Íosa, do ghuth árd: #Salm 30:6.A Athair, cuirim mo spioraid isteach ad’ lámhaibh. Agus ag rád na bhfocal san dó, d’éag sé.
47Agus nuair a chonaic an taoiseach céad cad a thárla thug sé glóire do Dhia, agus dubhairt sé: Fíoraon ab eadh an duine seo gan amhras. 48Agus an tsluagh go léir daoine a bhí ann ag féachaint ar an radharc san, agus do chonaic na neithe a thuit amach, thánadar thar n-ais agus iad ag bualadh a n-ucht. 49Agus a lucht aithne go léir, agus na mná do lean é ó Ghaililí, do sheasuigheadar abhfad amach, ag féachaint ar na neithe sin.
50Agus féach, #Mait. 27:57; Marc. 15:43; Eóin 19:38.fear dár bh’ainim Ióseph, agus de’n chómhairle ab eadh é, fear fóghanta fíoraonta; 51Níor thoiligh sé leis an gcómhairle ’ná le n-a ngníomhartha; ó Arimatéa b’eadh é, cathair i n-Iúdaéa; agus bhí sé ag súil le rígheacht Dé: 52Tháinig sé sin ag triall ag Pílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53Agus thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, Agus chuir sé i dtuama é a bhí gearrtha i gcaraig, agus nár cuireadh aoinne ann go dtí san, 54Agus bhí lá an ollamhuighthe ann, agus bhí an tsabbóid ag teacht.#23:54 Ver. 54. Parasceue .i. an oídhche, nú lá an ollamhuighthe, do’n tSabbóid
55Agus tháinig na mná a lean é ó Ghaililí agus chonacadar an tuama agus conus mar a bhí an corp curtha ann. 56Agus d’fhilleadar agus d’ollamhuigheadar spíosra agus oíle, agus ansan #Exod. 20:10.do ghlacadar a suaimhneas i gcaitheamh na sabbóide, do réir na h-aithne.

Currently Selected:

Lúcás 23: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in