YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4:9-12

Lúcás 4:9-12 POL

Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh; Óir tá sgríobhtha: Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor, Agus go ndéanfaidís tu ghabháil ’n-a nglacaibh sar a’ mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia.