YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 4

4
CAIBIDIOL IV.
Trosgadh Chríost, agus cath d’á chur air. Géarleanmhaint air i Nasaret: A mhírbhúiltí i gCapbarnaum.
1Agus bhí Íosa lán de’n Spioraid Naomh, agus tháinig sé thar n-ais ó’n Iórdan, agus do sheól an Spioraid isteach sa bhfásach é, 2Ar feadh dachad lá, agus do cuireadh cath air ó’n annsprid; agus níor ith sé bia i gcaitheamh na h-aimsire sin; agus nuair a bhí an aimsir caithte tháinig ocras air. 3Agus dubhairt an diabhal leis: Má’s tu Mac Dé abair leis an gcloich seo go ndéanfadh arán di. 4Agus d’fhreagair Íosa é: Tá sgríobhtha: #Deut. 8:3.Ní h-ar arán amháin a mhaireann an duine ach ar gach briathar a thagann ó Dhia. 5Agus do sheól an diabhal é go mullach cnuic aoird, agus thaisbeáin sé do, i n-aon phúnc amháin aimsire, rígheachta an domhain go léir, 6Agus dubhairt sé leis: Tabharfad-sa dhuit-se na cómhachta san uile go léir, agus a ngradam, óir do tugadh dom iad, agus tugaim iad do m’rogha duine. 7D’á bhrígh sin, má dheineann tú mise dh’adhradh, ansan os mo chomhair, is leat iad go léir. 8Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leis: Tá sgríobhtha: #Deut. 6:13; 10:20.Adharfaidh tú do Thighearna Dia agus déanfair seirbhís dó san amháin. 9Agus do rug sé leis é isteach i n-Ierúsalem, agus chuir sé ’n-a sheasamh é ar spuaic an teampail, agus dubhairt sé leis: Má’s tu Mac De caith thu féin le fánaidh; 10Óir tá sgríobhtha: #Salm 90:11.Gur thug sé órdú ad’ thaobh d’á aingealaibh go ndéanfaidís tu thabhairt saor, 11Agus go ndéanfaidís tu ghabháil ’n-a nglacaibh sar a’ mbuailfá do chos i gcoinnibh cloiche. 12Agus dubhairt Íosa ’ghá fhreagradh: Tá ráidhte, leis: #Deut. 6:16.Ná déin fromhadh ar do Thighearna Dia. 13Agus nuair a bhí an cath go léir críochnuighthe d’imthigh an diabhal uaidh ar feadh aimsire.
14Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir. 15Agus bhíodh sé ag teagasg ins na sinagógaibh agus iad go léir ’ghá mholadh.
16Agus tháinig sé go Nasaret mar ar h-oileadh é, agus chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, lá na sabbóide, isteach sa tsinagóig, agus d’eirigh sé ’n-a sheasamh chun léightheóireachta dhéanamh. 17Agus do tugadh dó leabhar Isáias fáidh. Agus d’osgail sé an leabhar go dtáinig sé chun na h-áite ’n-a raibh sgríobhtha: 18#Isáias 61:1.Tá Spioraid an Tighearna orm, agus d’á bhrígh sin d’ong sé me, chun soisgéil do chraobhsgaoileadh do sna bochtaibh, do chuir sé uaidh mé chun lucht an chroidhe bhrúighte do leigheas, 19Chun fuasgailte dh’fhógairt do’n mhuintir atá i mbraighdineas, agus radharc do sna dallaibh, agus dul as do’n mhuintir atá i gcruadhtan, chun bliana fabhair an Tighearna a dh’fhógairt, agus lae an tuarasdail. 20Agus nuair a dhún sé an leabhar agus thug sé thar n-ais é do’n timthire, do shuidh sé; agus bhí súile a raibh de dhaoine sa tsinagóig dlúithte air.
21Agus thusnuigh sé ar a rád leó: Tá an scriptiúir sin tagaithe chun cinn indiu i nbhúr gcluasaibh-se. 22Agus thugadar go léir fiadhnuise dhó; agus dob’ iongna leó an grásta a bhí sa chaint a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: Nách é mac Ióseiph é seo? 23Agus dubhairt sé leó: Gan amhras déarfidh sibh liom, mar adeir an seanfhocal, A liaigh, leighis thu féin. Na neithe móra a dh’airigheamair a dheinis i gCapharnaum, dein anso ad’ dhúthaigh féin iad. 24Agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, ní glactar aoinne i n’fháidh ’n-a dhúthaigh féin. 25Deirim libh le fírinne go raibh mórán baintreach i n-Israél i laethibh Elias, nuair a bhí an spéir dúnta ar feadh trí bliana agus sé mhí, agus an gorta mór sa tír go léir: 26Agus ní h-ag triall ar aoinne acu do cuireadh Elias #3 Rígh. 17:9.ach ag triall ar an mnaoi a bhí ’n-a baintrigh i Sarepta Shidónia. 27Agus bhí a lán lobhar i n-Israél le linn an fháidh Elisaéus agus níor glanadh aoinne acu #4 Rígh. 5:14.ach Naaman an Síriánach. 28Agus bhí a raibh sa tsinagóig lán d’fheirg nuair airigheadar an chaint sin. 29Agus d’eirigheadar agus chomáineadar amach as an gcathair é; agus do rugadar leó é go h-imeall an chnuic ar a raibh an chathair déanta, chun é chaitheamh le fánaidh. 30Ach do ghluais sé tré n-a lár agus d’imthigh sé uatha.
31Agus chuaidh sé síos go Capharnaum, cathair atá i nGaililí, agus bhí sé ag teagasg na ndaoine ansan gach sabbóid. 32Agus chuireadh a theagasg eagla ortha, mar do labhair sé fé mar a bheadh cómhacht aige.
33Agus bhí sa tsinagóig duine n-a raibh deamhan neamhghlan ann, agus do ghlaoidh sé do ghuth árd, 34Agus dubhairt: leig dúinn; cad í an bhaint atá againne leat-sa, a Íosa Nasareit? An chun sinn a mhilleadh do tháinís? Tá ’fhios agam ce h-é thu, Aon Naomhtha Dé. 35Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt: Ná labhair, agus imthigh amach as. Agus do chaith an deamhan an duine ar lár an úrláir, agus d’imthigh sé amach as gan aon díobháil a dhéanamh dó. 36Agus tháinig crith-eagla ar na daoine go léir, agus bhiodar ag caint eatartha féin, agus deiridís: Cad é seo mar bhriathar, go smachtuigheann sé le cómhacht agus le neart na h-annspridí neamhghlana, agus go n-imthíghid siad amach? 37Agus do leath a chlú ins gach aon pháirt de’n tír.
38Agus nuair eirigh Íosa ó’n tsinagóig chuaidh sé isteach i dtigh Shímóin, #Mait. 8:14; Marc. 1:31.agus bhí éagcruas ana-throm ar mháthair céile Shímóin, agus bhíodar ag cur achainighe chuige ar a son. 39Agus do sheasaimh sé os a cionn agus d’órduigh sé do’n éagcruas imtheacht, agus d’imthigh an t-éagcruas di. Agus d’eirigh sí láithreach agus dhein sí friothálamh ortha.
40Agus tar éis dul gréine fé, an mhuintir go raibh daoine gan sláinte acu nó go raibh aon tsaghas daoine breóite acu bhíodar ’ghá dtabhairt chuige; agus chuireadh sé a lámh ar gach duine acu agus leighiseadh sé iad. 41Agus nuair a bhíodh na deamhain ag imtheacht amach as a lán daoine bhídís ag liúirigh, agus deiridís: Is tusa Mac Dé; agus do smachtuigheadh sé iad agus ní leigeadh sé dhóibh labhairt, óir d’aithnighdís gur bh’é Críost e.
42Agus nuair tháinig an lá d’imthigh sé amach agus chuaidh sé i n-áit uaigneach, agus bhí na sluaighte ’ghá lorg, agus thánadar chun na h-áite ’n-a raibh sé, agus bhíodar ’ghá choimeád le h-eagla go n-imtheóchadh sé uatha.
43Agus dubhairt sé leó: Ní foláir dom rígheacht Dé do chraobhsgaoileadh i gcatharachaibh eile, óir is chuige sin a cuireadh amach mé.
44Agus bhí sé ag seanmóin i sinagógaibh Gaililí.

Currently Selected:

Lúcás 4: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in