YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 3

3
CAIBIDIOL III.
Missiún Eóin agus a sheanmóiniú. Críost dá bhaisteadh aige.
1Sa chúigmhadh bliain déag d’ímpireacht Thiberias Caesair, nuair a bhí Pontius Pílát i n’uachtarán ar Iúdaéa, agus Héród ’n-a thetrarc ar Ghaililí, agus a dhritháir Pilib ’n-a thetrarc ar Ituria agus ar chrích Traconítis, agus Lisanias ’n-a thetrarc ar Abilína, 2#Gníomh. 4:6.I n aimsir an dá árdshagart Annas agus Caiphas, do thárla briathar Dé ar Eóin mac Sacariais sa bhfásach. 3Agus tháinig sé ar fuid na gcríoch go léir ar bruach Iórdain ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí, 4Mar atá sgríobhtha i leabhar na bhfocal adubhairt Isáias fáidh: #Isáias 40:3.Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Deinidh slígh an Tighearna d’ollamhú: Deinidh na bóithre do dhíriú dhó; 5Líonfar gach gleann, agus ísleófar gach sliabh agus gach cnoc, agus beidh gach cam ’n-a dhíreach agus gach garbh ’n-a slígh réidh, 6Agus chífidh gach feóil an slánú a dhéanfaidh Dia.
7Agus deireadh sé leis an muintir a thagadh amach chun go mbaistfí iad: A shíol na n-aithreach nimhe, cé mhúin daoibh-se conus dul ó’n ndíbhfeirg atá ag teacht? 8Tugaidh uaibh, d’á bhrígh sin, toradh a bheidh chómh maith leis an aithrighe, agus ná cromaidh ar a rádh: Tá Ábraham i n’athair againn. Deirim libh go bhféadfadh Dia sliocht do thógaint chun Ábrahaim ó-s na clochaibh sin. 9Tá an tuagh curtha ar phréimh na gcrann cheana féin. Agus gach crann ná tabharfaidh toradh fóghanta uaidh gearrfar é, agus curfar sa teine é. 10Agus do cheistigh na daoine é, agus dubhradar: Cad ’tá le déanamh againn má ’seadh? 11Agus d’fhreagair sé agus dubhairt leó: #Séam. 2:15; 1 Eóin 3:17.An t-é go bhfuil dhá chasóig aige tugadh sé do’n t-é ná fuil aige; agus an t-é go bhfuil bia aige deineadh sé mar an gcéadna. 12Agus tháinig puibliocánaigh ag triall air go mbaistfí iad, agus dubhradar leis: A Mháighistir, cad tá le déanamh againn? 13Agus dubhairt seisean leó: Ná deinidh níor mó ’ná mar atá ceapaithe dhaoibh le déanamh. 14Agus do cheistigh saighdiúirí é, agus dubhradar: Cad tá le déanamh againne? Agus dubhairt sé leó: Ná deinidh lámhláidir ar aoinne, agus ná deinidh cúlchaint ar aoinne, agus bídhidh sásta le nbhúr dtuarasdal.
15Agus bhí na daoine ag breithniú agus ag machtnamh ’n-a gcroidhe féin i dtaobh Eóin, go mb’fhéidir gur bh’é Críost é. 16Agus d’fhreagair Eóin agus dubhairt leó go léir: Táim-se ag bhúr mbaisteadh le h-uisge; ach tiocfaidh duine is treise ’ná mé, duine nách fiú mé go ndéanfainn iall a bhróige do sgaoileadh. #Gníomh. 1:5; 11:16; 19:4.Baistfidh sé sin sibh leis an Spioraid Naomh agus le teine. 17Tá a ghaothrán ’n-a láimh aige agus glanfaidh sé a úrlár buailte, agus cruinneóchaidh sé a chuid cruithneachtan isteach ’n-a sgioból, agus dóghfaidh sé an cáth le teine nách féidir a mhúchadh.
18Agus do chraobhsgaoil sé a lán neithe eile do sna daoine ’ghá gcómhairliú. 19Ach Héród, an tetrarc, nuair a labhair sé leis i dtaobh Héródias, bean a dhrithár, agus i dtaobh na ndroch-bheart eile a dhein Héród, 20Chuir sé an méid seo leó go léir, agus chuir sé Eóin i bpríosún.
21Do thárla, ámhthach, nuair a bhí na daoine go léir dh’á mbaisteadh, agus nuair a baisteadh Íosa agus bhí sé ag guidhe, gur h-osgaladh an spéir, 22Agus gur thúirling an Spioraid Naomh air i riocht corpartha, mar bheadh colúr, agus tháinig guth as an spéir: #Mait. 3:17; 17:5; Infra 9:35; 2 Pead. 1:17.Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
23Agus bhí Íosa féin ag dul ’n-a dheichmhadh bliain fichid nó mar sin, ’n-a mhac, dar le daoine, ag Ióseph, mac Hélí, mic Mathat,#3:23 Ver. 23. mac Hélí, Ó Iacób a shiolruigh N. Ióseph do réir nadúra, ach i gcúntas na dlíghe mac do Hélí ab eadh é, óir clann aon mháthar ab eadh Iacób agus Hélí, agus Hélí an fear ba shine acu. Fuair Hélí bás gan aon chlann. Ansan b’éigion do Ióseph, do réir na dlighe baintreach Hélí do phósadh, agus an mac a tháinig ó’n bpósadh san, is do Hélí a h-ainmnígheadh é. B’shin é an dlígh. 24mic Lebhí, mic Melchí, mic Ianna, mic Ióseph, 25Mic Matatias, mic Amos, mic Nahúm, mic Heislí, mic Nagge, 26Mic Mahat, mic Matatias, mic Semeí, mic Ióseph, mic Iúda. 27Mic Ioanna, mic Résa, mic Sorobabel, mic Salatiel, mic Nérí, 28Mic Melchí, mic Addí, mic Chósam, mic Elmadain, mic Héir, 29Mic Iósé, mic Elieseir, mic Iórím, mic Mathat, mic Lebhí, 30Mic Simeóin, mic Iúda, mic Ióseph, mic Iónain, mic Eliacim, 31Mic Melea, mic Menna, mic Matata, mic Nátán, mic Dáibhid, 32Mic Iessé, mic Óbéd, mic Boos, mic Salmóin, mic Naassóin, 33Mic Aminadaibh, mic Áram, mic Esróin, mic Pháres, mic Iúda. 34Mic Iacóib, mic Isaaic, mic Ábrahaim, mic Tárá, mic Nachór, 35Mic Sarug, mic Ragau, mic Phaleg, mic Ebeir, mic Sale, 36Mic Cainan, mic Arphacsad, mic Sém, mic Nóe, mic Lamech, 37Mic Matúsala, mic Enóch, mic Iáred, mic Malaleél, mic Caïnán, 38Mic Enós, mic Sét, mic Adam, mic Dé.

Currently Selected:

Lúcás 3: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in