YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 6

6
CAIBIDIOL VI.
Críost ag gabháil leathsgéil a dheisgiobol. Leigheas d’á dhéanamh aige lá na sabbóide. An dáréag dá dtoghadh aige agus seanmóin aige á thabhairt dóibh.
1Agus do thárla go raibh sé ag gabháil tré ghortaibh arbhair an tarna céad-shabbóid, agus go raibh na deisgiobuil ag stathadh na ndias agus ’ghá gcimilt idir a mbasaibh agus ’ghá n-ithe.#6:1 Ver. 1. an tarna céad-shabbóid. — Deir drong, gur b’í Sabbóid na Cínncíse a cialluíghtear anso, mar gur bhí sin an tarna féile mhór do réir úird; deir drong eile go gcialluightear ann an tsabbóid a thagann i ndiaidh aon fhéile sholmanta. 2Agus dubhairt cuid de sna Fairisínigh leó: Cad chuige dhaoibh nídh nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 3Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt leó: An amhlaidh nár léigheabhair an nídh a dhein Dáibhid nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n’fhochair? 4#1 Rígh. 21:6.Conus mar a chuaid sé isteach i dtigh Dé agus thóg sé na bulóga fiadhnaise agus d’ith, agus thug sé do’n muintir a bhí i n’fhochair, agus ní dleaghthach d’aoinne iad a d’ithe #Exod. 29:32; Lebhit. 24:9.ach do sna sagairt? 5Agus dubhairt sé leó: Is tighearna Mac an Duine os cionn na sabbóide féin.
6Agus do thárla, lá eile sabbóide, go ndeaghaidh sé isteach sa tsinagóig agus go raibh sé ag teagasg; agus bhí duine ann agus bhí a lámh dheas seirgthe. 7Agus bhí na Shgríbhneóirí agus na Fairisínigh ag faire air féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas lá na sabbóide, agus go mbeadh nídh acu le cur ’n-a leith. 8Ach bhí fhios a smuínte aige, agus dubhairt sé leis an nduine n-a raibh an lámh sheirgthe aige: Eirigh, agus seasaimh i lár baill. Agus d’eirigh agus do sheasaimh. 9Agus dubhairt Íosa leó-san: Cuirim an cheist seo chúghaibh, cé ’cu is cóir maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid, anam do shaoradh nó é mhilleadh? 10Agus d’fhéach sé ortha sa tímpal, agus dubhairt leis an nduine: Sín amach do lámh. Do shín; agus bhí sí slán aige. 11Agus bhíodar-san lán de mhí-chiall, agus bhíodar ag caint eatartha féin féachaint cad a dhéanfaidís le h-Íosa.
12Agus do thárla ins na laethanta san go ndeaghaidh sé amach ar an gcnoc chun úrnuighthe dhéanamh, agus go dtug sé an oidhche ag guidhe chun Dé. 13Agus nuair a tháinig an lá do ghlaoidh sé chuige a dheisgiobuil, agus do thogh sé dáréag acu, agus thug sé Aspoil mar ainim ortha san; 14Símón, ar ar thug sé Peadar, agus a dhritháir Aindrias, Séamus agus Eóin, Pilib agus Bartoleméus, 15Maitiú agus Tomás, Séamus mac Alphéuis agus Símón ar a dtugtar Sélótés, 16Agus Iúdás dritháir Iacóib, agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.
17Agus tháinig sé anuas i n-aonfheacht leó, agus sheasaimh sé ar áit leibhéalta, agus cruinniú dá dheisgiobuil agus sluagh mhór daoine ó Iúdaéa go léir agus ó Ierúsalem, agus ó chríochaibh Tuíre agus Sídóin cois na faraige, 18Daoine a tháinig chun go n-éistfidís leis agus chun go leighisfí iad ó n-a ngalaraibh. Agus an muintir a bhí d’á gciapadh ag spioraidíbh neamhghlana do leighiseadh iad. 19Agus bhí an tsluagh go léir a d’iarraidh teangabháil leis, óir bhí cómhacht ag dul amach uaidh a bhí ag slánú gach aoinne.
20 # Mait. 5:2. Agus tóg sé suas a shúile agus d’fhéach sé ar a dheisgiobuil agus dubhairt: Is aoibhinn daoibh-se a daoine atá bocht, óir is libh rígheacht Dé.
21Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.
22Is aoibhinn daoibh-se nuair a thabharfaid na daoine fuath dhaoibh, agus a shéanfaid siad sibh, agus thabharfaid siad tarcuisne dhaoibh, agus nuair a chuirfid siad bhúr n-ainim amach ’n-a droch-ainim, mar gheall ar Mhac an Duine. 23Deinidh gáirdeachas an lá san, agus mórtais: óir féach, is mór é bhúr dtuarasdal ar neamh: óir is mar sin a dhein a sínsear é leis na fáidhibh.
24 # Eccli. 31:8; Amos 6:1. Ach is mairg daoibh-se, a dhaoine saidhbhre, óir tá bhúr sólás agaibh.
25 # Isáias 65:13. Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi.
26Is mairg daoibh nuair a bheid na daoine ag beannachtaí oraibh, óir sin mar a dheineadh a sínsear leis na fáidhibh fallsa.
27Ach deirim libh-se atá ag éisteacht liom: #6:27 Sin rud nár h-iarradh a dhéanamh roimis sin.Tugaidh grádh d’bhúr namhaid, deinidh maith do’n mhuintir a thabharfaidh fuath daoibh. 28Tugaidh beannacht do’n mhuintir a thabharfaidh mallacht daoibh, agus deinidh guidhe ar an muintir a dhéanfaidh tromaidheacht oraibh.
29Agus an t-é a bhuailfidh thu ar leacain leat, iompuigh chuige an leaca eile; agus má bheireann duine do bhrat uait, leig leis do chasóg chómh maith. 30Gach aoinne a dh’iarrfaidh rud ort, tabhair dó é; agus má bheireann duine do chuid uait ná h-éilimh thar n-ais air é.
31Agus fé mar ba mhaith libh a dhéanfadh daoine libh deinidh-se leó. 32Má thugann sibh grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Tugaid na peacacha grádh do’n mhuintir a thugann grádh dhóibh. 33Agus má dheineann sibh maith do’n mhuintir a dheineann maith dhaoibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Ar ndó deinid na peacacha an nídh sin. 34#Deut. 15:8.Agus má thugann sibh iasacht do’n mhuintir ó n-ar dóigh libh go mbeidh iasacht le fághail agaibh, cad é an buidheachas is cóir a bheith oraibh? Óir tugaid na peacacha iasachtaí uatha do pheacachaibh ag súil le n-a gcothrom a dh’fhághail thar n-ais. 35Ach deinidh-se grádh thabhairt d’bhúr #6:35 Sin rud nár h-iarradh a dhéanamh roimis sin.namhaid; deinidh maith, agus tugaidh iasacht uaibh, gan súil le nídh dh’á bhárr, agus beidh bhúr luacht saothair líonmhar, agus beidh sibh i nbhúr gclainn ag Dia na glóire; óir bíonn sé féin go maith do dhaoine ná gabhann a bhuidheachas leis, agus do dhroch-dhaoine. 36Bhídhidh, d’á bhrígh sin, atruaghach fé mar atá bhúr n-Athair atruaghach.
37Ná tugaidh breith, agus ní tabharfar breith oraibh; ná daoraidh, agus ní daorfar sibh; maithidh, agus maithfar daoibh. 38Tugaidh uaibh, agus tabharfar daoibh: tómhas maith, díngthe, croithte, cruachta, iseadh chuirfid siad i nbhúr n-ucht chúghaibh. Óir mar a thómhaisfidh sibh uaibh iseadh a tómhasfar chúghaibh thar n-ais.
39Agus ansan do labhair sé soluíd leó: An féidir do dhall dall a ghiollacht? Ná tuitfid siad araon sa díg? 40Ní’l an deisgiobul os cionn a mháighistir; tá duine go sár-mhaith má tá sé mar atá a mháighistir.
41Cad uime, ámhthach, go bhfeiceann tú an dúradán i súil do bhráthar, agus ná tugann tú fé ndeara an tsail atá ad’ súil féin? 42Nó conus is féidir duit a rádh le t’bhráthair: A bhráthair, leig dom an dúradán a bhaint as do súil, agus ná feiceann tú an tsail ad’ shúil féin? A chluanaidhe, bain an tsail ar dtúis as do shúil féin, agus ansan chífir conus an dúradán a bhaint a’ súil do bhráthar.
43Óir ní’l crann fóghanta a thugann droch-thoradh uaidh, ná droch-chrann a thugann toradh fóghanta uaidh. 44Mar aithnightear gach crann as a thoradh. Óir ní bailightear fígí de sgeachaibh ná caora fíneamhna de dhriseach. 45Tugann an deagh-dhuine an deagh-nídh amach a’ deagh-stór a chroidhe féin; agus tugann an droch-dhuine an droch-nídh amach a’ droch-stór a chroidhe; óir a’ flúirse an chroidhe is eadh do labhrann an béal.
46Agus cad chuige go ndeir sibh liom-sa, #Mait. 7:21; Rómh. 2:13; Séam. 1:22.A Thighearna, a Thighearna, agus ná deineann sibh an rud adeirim? 47Gach duine a thagann chúgham-sa agus d’éisteann le m’ chaint agus a dheineann d’á réir taisbeánfad daoibh cé leis gur cosmhail é: 48Is cosmhail é le fear a bhí ag déanamh tighe agus do rómhar sé síos go doimhinn gur chuir sé an chloch-bhuinn ar an gcaraig; agus tháinig an tuile agus do buaileadh an tigh sin go dian ach níor coruigheadh é, mar bhí sé daingean ar an gcaraig. 49Ach an t-é a chloiseann agus ná deineann, is cosmhail é leis an bhfear a dhein a thigh ar an gcré gan chloich bhuinn, agus gur bhuail an tuile ’n-a choinnibh, agus do thuit sé láithreach, agus ba thiubaisteach é tuitim an tighe sin.

Currently Selected:

Lúcás 6: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in