YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 16

16
CAIBIDIOL XVI.
Críost ghá dhiúltú cómhartha ó neamh a thaisbheáint dos na Fairisínigh. Admháil Pheadair agus a thoradh dhó; a imdheargadh mar gheall ar chur i n-aghaidh páise Chríost. Ní foláir do chualacht Chríost uile iad féin do shéanadh.
1Ansan do tháinig chuige na Fairisínigh agus na Sadducínigh chun triail a bhaint as; agus d’iarradar air cómhartha ó neamh do thaisbeáint dóibh. 2Ach d’fhreagair seisean agus dubhairt sé leó: Deirthí-se um thráthnóna, Beidh soinean ann, mar tá an spéir dearg; 3Agus ar maidin, Beidh stoirm ann, mar tá an spéir ag deargadh go dorcha. 4Tá fhios agaibh conus gnúis na spéire do bhreithniú; agus nách féidir libh cómharthaí na h-aimsire dh’aithint? Tá sliocht an uilc agus an adhaltranais ag lorg cómhartha; ach ní tabharfar de chómhartha dhóibh ach #16:4 .i. Bás agus aiseirighe Chríost. Ión. 2:1; et supra 12:39.cómhartha Iónais Fáidh. Agus d’fhág sé ansan iad agus d’imthigh sé.
5Agus nuair a tháinig a dheisgiobuil treasna na faraige, dhearmhadadar arán a thabhairt leó. 6Agus dubhairt sé leó: Féachaidh agus seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach. 7Agus dheineadar-san machtnamh ’n-a n-aigne, ’ghá rádh, Níor thugamar arán linn. 8Agus bhí a fhios san ag Íosa, agus dubhairt sé: A dhaoine gan puínn creidimh, cad é an machtnamh so oraibh toisg gan arán a bheith agaibh? 9Ná fuil tuisgint agaibh fós, nó nách cuimhin libh na seacht mbulóga do’n chúig mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair? 10Ná na seacht mbulóga do’n ceithre mhíle duine, agus an ’mó ciseán a thógabhair? 11Cad ’n-a thaobh ná tuigeann sibh nách i dtaobh aráin adubhart, Seachnaidh giost na bhFairisíneach agus na Sadducíneach? 12Ansan do thuigeadar ná dubhairt sé gur bh’é giost an aráin a bhí le seachaint, ach teagasg na bhFairisíneach agus na Sadducíneach.
13Agus tháinig Íosa isteach i gcríochaibh Chaesaréa Philippí; agus do cheistigh sé a dheisgiobuil, agus dubhairt: Cé h-é, dar le daoine, Mac an Duine? 14Agus dubhradar: Deir cuid acu gur b’é Eóin Baiste é; agus deir cuid acu gur b’é Elias é; agus deir cuid acu gur b’é Ieremias é, nó duine des na fáidhibh. 15Agus dubhairt Íosa leó: Ach dar libh-se cé h-é mé? 16Agus d’fhreagair Símón Peadar agus dubhairt: Is tú Críost #16:16 .i. Mac Dé atá beó.Mac Dé Bhí. 17Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais. 18Agus deirim-se leat-sa gur Peadar tú#16:18 Ver. 18. Peadar tú, ⁊rl. — D’admhuigh Peadar anso, go solmanta, a chreideamh i ndiadhacht Chríost agus mar dhíoluigheacht dó as an admháil sin d’innis ár dTighearna dhó an oific uasal a bhí ceapaithe aige a thabhairt dó, .i., gur chiallaigh an ainim “Peadar” caraig (Eóin 1:42.) agus gur charaig Peadar, caraig a bheadh laidir daingean chun na h-Eagailse d’iompar nuair a curfí suas í agus nuair a bheadh Peadar mar chloichbhuinn fúithi agus mar cheann uirthi agus iomláine na cómhachta aige a chialluighid eochracha rígheachta na bhflathas. , agus is ar an gcaraig seo#16:18 Ver. 18. ar an gcaraig seo ⁊rl Dob ionan caint Chríost an uair sin agus dá n-abradh sé, as gaeluinn an rud adubhairt sé a h-Eabhrais na nIúdach, .i. “Is caraig tusa agus ar an gcaraig seo a chuirfadsa suas m’Eaglais.” I dtreó, do réir gluaiseachta nadúrtha na cainte, go ndeirtear gur b’é Peadar an charaig ar a raibh an Eaglais le cur suas, agus gur bh’ar Chríost féin a bhí idir chloch bhuínn agus eile le cur agus le seasamh. Tabhair fé ndeara, leis, nuair a chuir Críost an Eaglais ar an gcaraig, go raibh sí curtha aige ó bhaoghal gach stoirme gaoithe agus uisge, ar nós an fhir chiallmhair úd (N. Mait. 7:24,25). a chuirfead-sa suas m’eaglais, agus ní bhuadhfaid geataí ifrinn#16:18 Ver. 18. geataí ifrinn, ⁊rl. .i., cómhachta an dorchadais agus gach ar féidir do Shatan agus d’á chuallacht a dhéanamh. Óir, ó samhaltar anso an Eaglais le tig nú le dún a bheadh déanta ar charaig, samhaltar cómhachta a namhad le tig eile a bheadh n-a coinnibh, agus deirtear na buadhfid na cómhachta eile sin, .i., geataí an tighe eile sin, go deó i gcoinnibh catharach nú i gcoinnibh Eaglaise Chríost. Tugann san deimhne dhúinn nách baoghal go bhféadfidh adhradh déithe fallsa ’ná eiricideacht, ’ná aon tsaghas eile éithigh, buachtaint choídhche ar Eaglais Chríost. uirthi. 19#Isáias 22:22.Agus tabharfad duit eochracha rígheachta na bhflathas; agus pé rud a cheangalóchair ar talamh, beidh sé ceangailte ins na flathais; agus pé rud a sgaoilfir ar talamh#16:19 Ver. 19. sgaoilfir ar talamh — Logha a tugtar ar sgaoíle o’n bpionós aimsire, do leanann an peaca. Agus isí an chómhacht a dheineann an sgaoíle sin do tugtar anso., beidh sé sgaoilte ins na flathais. 20Ansan d’órduigh sé d’á dheisgiobulaibh gan a dh’innsint d’aoinne gur bh’é féin Íosa Críost.
21Ansan do thosnuigh Íosa ar a thaisbeáint d’á dheisgiobuil nár bhfoláir é féin a dhul go Ierúsalem agus mórán d’fhulang ós na sínsearaibh agus ós na Sgníbh-neóiríbh agus ó uachtaránaibh na sagart, agus a chur chun báis, agus a aiseirighe an trímhadh lá. 22Agus do thóg Peadar é, agus chrom sé ar aighneas leis, agus dubhairt sé: Abhfad uait-se sin, a Thighearna. Ní thiocfaidh san ort-sa.#16:22 Ver. 22. Agus do thóg Peadar é, .i. Do thóg Peadar i leith taoibh leis é, agus tré mhéid a ghrádh dhó, agus na h-urama a bhí aige dhó, agus a dhíograise dhó, do chrom sé ar thathant air agus ar chur n-a choinnibh, agus ar a rádh: “A Thighearna, abhfad uaitse bar d’fhulag.” Ach dubhairt an Tighearna le Peadar, “Imthigh,” ⁊rl. — D’fhéadfadh na focail sin a chiallú, “Imthigh uaim.” Ach deir na h-Athaireacha Naomhtha gur chialluighdar a mhalairt sin, .i., gur chialluighdar “tar am dhiaidh,” agus gur b’amhlaidh adubhairt an Tighearna le Peadar gabháil leis i bhfulag i n-inead bheith ag cur i gcoinnibh toile Dé; agus go gcialluigheann an focal san, “Sátan,” sa n-Eabhrais, “adbhersárius,” .i. “toirmisgóir.” 23Agus d’iompuigh seisean agus dubhairt sé le Peadar: Imthigh lastiar díom a Shátain; cuireann tu seirbhthean orm; mar ní h-iad na neithe a bhaineann le Dia a thaithneann leat-sa ach na neithe a bhaineann le daoine.
24Ansan dubhairt Íosa le n-a dheisgiobuil: Ma’s áil le h-aoinne teacht am’ dhiaidh-se, séanadh sé é féin, agus tógadh sé a chros, agus leanadh sé mé. 25Mar, an t-é gur mian leis a anam do shábháil, caillfidh sé é; ach an t-é a chaillfidh a anam ar mo shon-sa, gheóbhaidh sé é. 26Mar, cad é an tairbhe do dhuine an domhan go léir a bhuachtaint, má dheineann sé a anam féin a chailleamhaint? nó cad í an mhalairt a dhéanfaidh duine ar a anam féin? 27Óir tá Mac an Duine chun teacht i nglóire a Athar mar aon le n-a aingealaibh; #Gníomh. 17:31; Rómh. 2:6.agus ansan tabharfaidh sé do gach duine do réir a ghníomhartha. 28Go deimhin adeirim libh, tá cuid d’á bhfuil ’n-a seasamh anso agus ní bhlaisfid siad bás go bhfeicfid siad Mac an Duine ag teacht ’n-a rígheacht.

Currently Selected:

Maitiú 16: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in