YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 18

18
CAIBIDIOL XVIII.
Críost gha theagasg dóibh an umhluigheacht do chleachtadh; sgannal do sheachaint; teithe ó ócáidíbh peactha; peacacha leanamhnacha do ghearán leis an Eaglais, agus a thuisgint gur cuma nú págánaigh an mhuíntir ná h-éisteann leis an Eaglais. E ’á gheallamhaint d’á dheisgiobulaibh cumas ar cheangal agus ar sgaoíle do thabhairt dóibh, agus go mbeidh sé féin ’na gcómhthíonólaibh. Ná maithfar do’n t-e ná maithfidh.
1An uair sin tháinig na deisgiobuil chun Íosa agus dubhradar: Cé h-é, dar leat, an duine is mó i rígheacht na bhflathas? 2Agus do ghlaoidh Íosa chuige leanbh beag, agus chuir sé ’n-a sheasamh ’n-a lár é. 3Agus dubhairt sé: Go deimhin adeirim libh, mura n-iompuighidh sibh agus bheith ar nós na leanbh, ní raghaidh sibh isteach i rígheacht na bhflathas. 4An t-é d’á bhrígh sin, d’ísleóchaidh é féin ar nós an leinbh bhig sin, siné is mó i rígheacht na bhflathas. 5Agus an t-é a ghlacann aon leanbh beag amháin de’n tsórd san am’ ainim-se, glacann sé mise. 6Ach an t-é thabharfaidh sgannal do dhuine de’n mhuintir bheag so a chreideann ionam-sa, b’fhearra dhó go gcurfaí bró muilinn ar a mhuineál agus é chaitheamh isteach i ndoimhneacht na faraige.#18:6 Ver. 6. thabharfaidh sgannal .i., do chuirfidh trúig bharathuisle rómpa agus cuirfidh féachaint ortha peaca dhéanamh.
7Is mairg do’n domhan mar gheall ar na sgannalaibh. Ní foláir na sgannail do theacht: ach sa n-am gcéadna is mairg an t-é go dtagann an #18:7 .i. droch-shampla.sgannal d’á dhruím.#18:7 Ver. 7. Ní foláir .i. Tá an saoghal chómh h-olc san, chómh cuirpthe sin. 8Má dheineann do lámh nó do chos sgannal duit#18:8 Ver. 8. sgannal duit .i., Má’s trúig pheactha dhuit iad, .i., Má chuirid siad fhéachaint ort peaca dhéanamh., gearr anuas díot í, agus caith uait í; is fearra dhuit dul isteach sa bheatha ar leath-láimh nó ar leath-chois ’ná dhá láimh nó dhá chois a bheith agat agus tu chur i dteine shíoruidhe. 9Agus má dheineann do shúil sgannal duit, strac amach í agus caith uait í; is fearra duit dul isteach ’sa bheatha ar leath-shúil ’ná dul i n-ifreann na teine agus do dhá shúil agat.
10Tugaidh aire gan neamhshuím a dhéanamh d’aoinne de’n mhuintir bheag san, mar deirim libh #Salm 33:8.go bhfuil radharc do shíor agá n-aingealaibh sin ins na flathais, ar ghnúis m’Athar-sa, atá ins na flathais.
11Óir do tháinig Mac an Duine chun go sábhálfadh sé an nídh a bhí caillte. 12Cad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus go raghaidh caora acu amú, ná fágfaidh sé na naoi gcinn déag agus cheithre fichid ar na cnocaibh, agus ná h-imtheóchaidh sé ag lorg an chinn a chuaidh amú? 13Agus má ráinigheann dó í dh’fhághail, deirim libh, go deimhin, gur mó an t-áthas atá air mar gheall uirthi sin ’ná mar gheall ar na naoi gcinn déag agus cheithre fichid nár chuaidh amú. 14Mar an gcéadna, ní toil le nbhúr n-Athair atá ins na flathais go gcaillfí duine de’n mhuíntir bheag san. 15Ach má dheineann do bhráthair beart ad’ choinnibh, imthigh agus cómhairligh é idir thu féin agus é féin amháin. Má éisteann sé leat, tá do bhráthair buaidhte agat. 16Mura n-éistidh sé leat, tabhair leat duine nó beirt eile, #Deut. 19:15.i dtreó go seasóchaidh gach focal i mbéal beirte nó trír fínnithe. 17#1 Cor. 5:9.Agus mura n-éistidh sé leó san, innis do’n eaglais é; agus mura n-éistidh sé leis an eaglais, bíodh sé ’n-a phágánach nó ’n-a phuibliocánach agat. 18Go deimhin adeirim libh, pé neithe a cheangalóchaidh sibh ar talamh, beid siad ceangailte ar neamh; agus pé neithe a sgaoilfidh sibh ar talamh, beid siad sgaoilte ar neamh.
19Agus deirim libh ’n-a theannta san, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh aon ruda ar bith a bheidh acu d’á iarraidh, go bhfaghaid siad an rud san a dhéanamh dóibh ó m’ Athair-se atá ins na flathais. 20Óir, an áit ’n-a bhfuil beirt nó triúr cruinnighthe am’ ainm-se, táim-se ansan ’n-a measg.#18:20 Ver. 20. táim-se ansan ’n-a measg. — Tuigtear an chaint sin i dtaobh cruinnighthe a bhíonn i n-ainim Chríost agus i n-aondacht Eagailse Chríost. Cyprian Naomhtha, De Unitate Ecclesiae.
21Ansan do tháinig Peadar chuige agus dubhairt, A Thighearna, an ’mó uair a dhéanfaidh mo bhráthair beart am’ choinnibh agus go maithfead dó? Chómh fada le seacht n-uaire, an eadh? 22Dubhairt Íosa leis: Ní deirim leat chómh fada le seacht n-uaire, ach chómh fada le seacht n-uaire fó sheacht ndeich.
23D’á bhrígh sin, is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear a bhí ’n-a rí, agus gur mhian leis cúntas a shocarú le n-a sheirbhíseachaibh. 24Agus nuair a thosnuigh sé ar an gcúntas do shocarú do tugadh chuige duine go raibh deich míle talant #18:24 .i. ag an rí ar an nduine.aige air.#18:24 Ver. 24. Talant. — Dob ionan talant agus 750 d’únsaíbh airgid, .i., do réir choróinn an t-únsa céad ocht ndeich a seacht de phúntaibh airgid agus deich sgillinge (£187 10s. 0d.). 25Agus nuair ná raibh aon rud aige chun na bhfiach a dhíol, d’órduigh an tighearna é féin agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, do dhíol amach agus díolfhiach a dhéanamh. 26Ansan do chaith an seirbhíseach san é féin ar an dtalamh, ag guidhe an tighearna, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad an iomláine leat. 27Agus do ghlac truagh an máighistir do’n tseirbhíseach san, agus do sgaoil sé chun siubhail é, agus do mhaith sé na fiacha dó. 28D’imthigh an seirbhíseach san amach, ámhthach, agus do casadh air cómh-sheirbhíseach dó féin go raibh céad pingin aige air; agus do rug sé air, agus bhí sé ’ghá thachtadh, agus ’ghá rádh leis: Díol liom na fiacha atá agam ort.#18:28 Ver. 28. céad pingin An t-ochtmhadh cuid d’únsa a bhí sa phingin Rómhanach, .i., tímpal seacht bpingine goileith d’airgead na h-aimsire seo. 29Agus do chaith an cómh-sheirbhíseach é féin ar an dtalamh, agus dubhairt sé: Dein foidhne liom, agus díolfad leat an iomláine. 30Ní dhéanfadh, ámhthach; ach d’imthigh sé agus chuir sé sa phríosún é, go ndíolfadh sé na fiacha. 31Ach nuair a chonaic a chómh-seirbhísigh-sin cad a bhí déanta, tháinig buairt ana-mhór ortha, agus thánadar agus d’innseadar do’n tighearna gach nídh fé mar a thuit amach. 32Ansan do ghlaoidh a thighearna ar an bhfear san, agus dubhairt sé leis: A sheirbhísigh mhalluighthe, do mhaitheas-sa na fiacha go léir duit-se, toisg tu ’ghá iarraidh orm; 33Nár chóir, d’á bhrígh sin, duit-se truagh bheith agat dod’ chómh-sheirbhíseach, fé mar a bhí truagh agam-sa dhuit-se? 34Agus bhí fearg ar an dtighearna, agus thug sé suas do na céasdóiribh é, go ndíolfadh sé na fiacha go léir. 35Agus sin mar a dhéanfaidh m’Athair-se atá ins na flathais libh-se é mura maithfidh gach duine agaibh d’á bhráthair, ó chroidhe.

Currently Selected:

Maitiú 18: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in