YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 20

20
CAIBIDIOL XX.
Parabal an lucht oibre sa bhfíonghort. Árd-aidhm chlainne Sebedé. A radharc á thabhairt ag Críost do bheirt dall.
1Is cosmhail rígheacht na bhflathas le fear tighe a chuaidh amach go moch ar maidin ag réidhteach le lucht oibre d’á fhíonghort. 2Agus do réidhtigh sé leis an lucht oibre ar #20:2 Supra 18:28 an nóta.phingin sa ló, agus chuir sé ag obair iad sa bhfíonghort. 3Agus chuaidh sé amach airís tímpal an trímhadh h-uair, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh díomhaoin ag áit an mhargaidh; 4Agus dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa, agus tabharfad daoibh fé mar a bheidh ceart. 5Agus d’imthigheadar san. Agus chuaidh sé amach airís ar an sémhadh h-uair, agus ar an naomhadh h-uair, agus dhein sé mar an gcéadna. 6Ach do chuaidh sé amach tímpal an t-aon uair dhéag, agus fuair sé tuille ’n-a seasamh, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh bheith anso i nbhúr seasamh díomhaoin an lá go léir? 7Dubhradar leis: Mar níor réidhtigh aoinne linn. Dubhairt sé leó: Téighidh-se, leis, isteach am’ fhíonghort-sa. 8Nuair a bhí an tráthnóna ann, dubhairt tighearna an fhiónghuirt le n-a stíbhard: Glaoidh ar an lucht oibre, agus tabhair a dtuarasdal dóibh, agus turnuigh leis an muintir is déanaighe a tháinig, go dtí an mhuintir is luatha a tháinig. 9Tháinig an mhuintir a thusnuigh an obair ar uair a h-aondéag, agus do tugadh pingin an duine dóibh. 10Ansan do tháinig an chéad mhuíntir agus mheasadar go bhfaghdís breis; ach do fuaradar san, leis, pingin an duine. 11Nuair a fuaradar é chromadar ar cheisneamh i n-aghaidh an fhir thighe, 12Agus dubhradar: Níos dheineadar so a tháinig go déanach ach uair oibre, agus chuiris ar aon dul leó san sinne a dh’fhuiling cruadhtan agus brothall an lae. 13Do labhair seisean le duine acu, agus dubhairt; a dhuine mhuinteartha, ní’l aon éagcóir agam ’á dhéanamh ort. Nách ar phingin a réidhtighis liom? 14Seo, tóg leat do chuid agus imthigh; ach is toil liom oiread a thabhairt do’n fhear so is déanaighe a tháinig agus atá agam ’á thabhairt duit-se. 15An amhlaidh nách dleaghthach dom an nídh is toil liom a dhéanamh? An droch-shúil atá agat, óir is duine fóghanta mise?#20:15 Ver. 15. an nídh is toil liom .i. lem’ chuid féin, agus i neithibh atá ag brath ar m’fhóghantacht féin. 16Sin mar a bheidh an mhuintir dhéanach ar tosach, agus an mhuintir thosaigh ar deire. Óir tá glaoidhte ar mhórán agus níl toghtha ach beagán.
17Bhí Íosa ag dul suas go Ierúsalem, agus ar an slígh dhó thóg sé i leith taoibh an dáréag deisgiobul, agus dubhairt sé leó: 18Féach, táimíd ag dul suas go Ierúsalem, agus tabharfar Mac an Duine suas d’uachtaránaibh na sagart agus dos na Sgríbhneóiríbh, agus daorfaid siad chun báis é. 19Agus tabharfaid siad dos na geintibh é le tarcaisniú, agus le sgiúrsáil, agus le céasadh ar chrois; agus eireóchaidh sé airís an trímhadh lá.
20Ansan tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n-aonfheacht le n-a macaibh, agus do shléacht sí dhó, ag lorg ruda éigin air. 21Agus dubhairt sé léi: Cad ’tá uait? Dubhairt sí leis: Abair go suidhfid an bheirt mhac so liom-sa, duine acu ar do dheis, agus duine acu ar do chlí ad’ rígheacht. 22Ach d’fhreagair Íosa, agus dubhairt: Ní h-eól daoibh cad ’tá agaibh ’á iarraidh. An bhfuil sibh ábalta ar an gcailís a dh’ólfad-sa d’ól? Deirid siad leis, Táimíd. 23Dubhairt sé leó: Is fíor go n-ólfaidh sibh mo chailís; ach suidhe ar mo dheis nó ar mo chlí, ní h-agam-sa atá san a thabhairt daoibh-se ach do’n mhuintir go bhfuil sé ceapaithe ag m’Athair dóibh. 24Agus nuair airigh an deichniubhar é, bhí fearg acu chun na beirte drithár. 25Agus do ghlaoidh Íosa chuige iad agus dubhairt: Is eól daoibh conus mar a dheinid tighearnaí na ngeinte iad do smachtú, agus go ndeinid a ndaoine móra a gcómhacht do chur i bhfeidhm ortha. 26Ní mar sin a bheidh eadraibh-se; ach an t-é gur maith leis bheith mór eadraibh, bíodh sé ’n-a fhear fhriotháilte agaibh; 27Agus an t-é gur maith leis bheith i n’fhear thosaigh eadraibh, bíodh sé ’n-a sheirbhíseach agaibh. 28#Philip. 2:7.Fé mar nár tháinig Mac an Duine chun seirbhíse dh’fhághail, ach chun seirbhíse thabhairt uaidh, agus chun a anama thabhairt uaidh mar cheannach ar a lán.
29Agus nuair a bhíodar ag dul amach a’ Ierichó do lean sluagh mhór éisean. 30Agus féach, bhí beirt dall ’n-a suidhe i n-aice an bhóthair, agus d’airigheadar gur bh’é Íosa a bhí ag gabháil ann, agus do liúghadar: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 31Agus bhí an tsluagh ’ghá gcosg, go n-éistfidís. Ach sin mar a b’aoirde do liúghadar-san: A Thighearna, ar siad; déin trócaire orainn, a Mhic Dáibhid. 32Agus do stad Íosa, agus ghlaoidh sé ortha, agus dubhairt sé: Cad is maith libh a dhéanfainn daoibh? 33Go n-osgalófaí ár súile, a Thighearna, ar siad. 34Agus tháinig truagh ag Íosa dhóibh, agus chuir sé a lámh ar a súilibh: agus tháinig a radharc dóibh láithreach, agus do leanadar é.

Currently Selected:

Maitiú 20: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in