YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 21

21
CAIBIDIOL XXI.
Críost ag dul isteach i gcathair Ierúsalem ar muin an asail. An lucht ceannaídheachta agus díoluígheachta dá ndíbirt amach as an dteampal aige. An mhallacht aige dá chur ar an gcrann fíge. Cuireann sé féachaint ar na sagairt agus ar na Sgríbhneóiribh éisteacht.
1Agus nuair a bhíodar ag teacht i ngar d’Ierúsalem, agus bhíodar tagaithe go Betphagé i n-aice chnuic Olibhet, ansan do chuir Íosa uaidh beirt deisgiobul, 2Agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa bhaile sin os bhúr gcómhair, agus gheobhaidh sibh ann gan mhoill láir asail agus í ceangailte, agus searrach ’n-a teannta; sgaoilidh í agus tugaidh chugham iad. 3Agus má deir aoinne aon rud libh abraidh: Tá gnó ag an dTighearna díobh so; agus sgaoilfidh sé libh iad láithreach. 4Agus do deineadh an méid sin go léir, ionas go gcómhlíonfaí caint an fháidh mar a ndeir sé: 5#Isáias 62:11; Zach. 9:9.Abraidh le h-inghín Shióin: Féach do Rí ag teacht go ceannsa chúghat ’n-a shuidhe ar láir asail, agus ar shearrach, mac an asail chneasda. 6Agus d’imthigh na deisgiobuil, agus dheineadar mar a dh’órduigh Íosa dóibh. 7Agus thugadar leó an láir asail agus an searrach; agus chuireadar a mbrait féin anuas ortha, agus chuireadar eisean ’n-a shuidhe ortha. 8Agus do leath mórán de’n tsluagh a mbrait ar an slígh; agus bhain tuille acu géaga des na crainn agus do leathadar iad ar an slígh; 9Agus an tsluagh a bhí lasmuigh agus lastiar bhíodar ag liúirigh, agus deiridís: Hósanna do Mhac Dáibhid; #Salm 117:26.Moladh do’n t-é atá ag teacht i n-ainim an Tighearna; Hósanna go lán árd. 10Agus nuair a chuaidh sé isteach i n-Ierúsalem bhí an chathair go léir ar suathadh, ’ghá rádh: Cé h-é seo? 11Agus deireadh na daoine: Sidé Íosa an fáidh ó Nasaret Ghaililí.
12Agus chuaidh Íosa isteach i dteampul Dé agus chomáin sé amach as gach a raibh de dhaoine ann ag díol agus ag ceannach, agus do leag sé búird lucht airgid do shóinseáil agus cathaoireacha lucht colúr a dhíol. 13Agus dubhairt sé leó: Tá sgríobhtha, #Isáias 56:7; Ierem. 7:11.Tigh chun úrnuighthe a tabharfar ar mo thigh: ach tá pluais bitheamhnach déanta agaibh-se dhe.
14Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampul, agus do leighis sé iad. 15Agus nuair a chonaic uachtaráin na sagart, agus na Sgríbhneóirí, na h-iongnaí a dhein sé, agus an t-aos óg sa teampul ag liúirigh, Hósanna do Mhac Dáibhid; tháinig fearg ortha. 16Agus dubhradar leis: An airigheann tú cad ’deir siad san? Agus dubhairt Íosa leó: Airighim; an amhlaidh nár léigheabhair riamh: #Salm 8:3.A’ béal leanbh agus naoidhean ar cíochaibh do bheachtuighis moladh? 17Agus d’fhág sé iad, agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n chathair go Betánia; agus d’fhan sé ansan.
18Agus ar maidin, agus é ag teacht chun na catharach, bí ocras air; 19Agus chonaic sé crann fíge i n-aice an bhóthair, agus tháinig sé chuige, agus ní bhfuair sé aon nídh air ach duilleabhar, agus dubhairt sé leis: Nár fhásaidh toradh ar so amach go bráth ort-sa. Agus d’fheóch an crann fíge láithreach. 20Agus chonaic na deisgiobuil san, agus bhí iongnadh ortha, agus deiridís: Conus a d’fheóch sé chómh tapaidh? 21Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Go deimhin adeirim libh, má bhíonn creideamh agaibh, agus ná staonfaidh sibh, déanfaidh sibh, ní h-amháin an nídh seo an chrainn fíge, ach má deireann sibh leis an gcnoc so, Tóg agus caith thu féin isteach sa bhfaraige, déanfar é. 22Agus gach nídh ar bith a dh’iarrfaidh sibh i n-úrnuighthe, má bhíonn creideamh agaibh, gheobhaidh sibh é.
23Agus nuair a tháinig sé isteach sa teampul, agus bhí sé ag teagasg, tháinig chuige uachtaráin na sagart agus seanóirí na ndaoine, agus dubhradar: Cad é an t-úghdarás atá agat-sa chun na neithe seo a dhéanamh? agus cé thug duit an t-úghdarás? 24D’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leó: Cuirfad-sa, leis, aon cheist amháin chughaibh-se, agus má réidhtigheann sibh dom í, neósfad-sa dhaoibh-se, leis, cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh. 25Cá dtáinig an baiste a dhein Eóin? an ó neamh a tháinig sé, nó an ó dhaoinibh? Agus dheineadar-san machtnamh eatartha féin, agus dubhradar: 26Má abraimíd gur ó neamh é, déarfaidh sé, Má ’seadh, cad ’n-a thaobh nár chreideabhair é? Ach má abraimíd gur ó dhaoinibh, is baoghal dúinn na daoine; mar #Supra 14:5.fáidh ab eadh Eóin acu. 27Agus d’fhreagradar Íosa agus dubhradar, Ní fheadramair. Agus dubhairt seisean leó: Ní lúgha ’ná mar a neósfad-sa dhaoibh-se cad é an t-úghdarás atá agam chun na neithe seo dhéanamh.
28Ach cad é bhúr dtuairim? Bhí beirt mhac ag fear áirithe, agus tháinig sé chun an chéad mhic, agus dubhairt sé leis: A mhic, imthigh indiu agus dein obair am’ fhíonghort. 29Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Ní h-áil liom. I n-a dhiaidh san ámh, tháinig aithreachas air, agus do chuaidh sé. 30Ansan tháinig #21:30 .i. an t-athair.sé chun an mhic eile, agus dubhairt sé an rud céadna. Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: Raghad; agus níor chuaidh. Cia ’cu de’n bheirt a dhein toil a athar? 31Dubhradar-san: An chéad fhear. Dubhairt Íosa leó: Go deimhin adeirim-se libh-se, raghaid na puibliocánaigh agus na striapacha isteach i bhflathas Dé rómhaibh-se. 32Óir thaínig Eóin chughaibh i slígh na fíoraontachta, agus níor chreideabhair é; ach do chreid na puibliocánaigh agus na striapacha é; ach do chonacabhair-se, agus níor dheineabhair aithrighe ’n-a dhiaidh san ionus go gcreidfeadh sibh é.
33Éistidh le soluíd eile. #Isáias 5:1; Ierem. 2:21.Bhí fear tighe ann agus chuir sé fíonghort, agus chuir fé fál tímpal air, agus dhéin sé fásgadóir ann, agus chuir sé suas túr ann, agus chuir sé chun lucht saothruighthe é, agus d’imthigh sé go dúthaigh iasachta. 34Agus nuair a bhí aimsir na dtorthaí ag teacht, chuir sé a sheirbhísigh ag triall ar an lucht saothruighthe go nglacfaidís an toradh dhó. 35Ac do rug an lucht saothruighthe ar na seirbhísigh, agus ghabhadar ar dhuine acu, agus mharbhuigheadar duine acu, agus ghabhadar do chlochaibh i nduine acu. 36Ansan do chuir sé seirbhísigh eile ag triall ortha airís, níba mhó ’ná an chéad chuid agus thugadar an cor céadna ortha. 37Fé dheire, ámhthach, do chuir sé a mhac féin ag triall ortha, agus dubhairt sé: Beidh uraim acu do m’ mhac. 38Nuair a chonaic an lucht saothruighthe an mac, dubhradar eatartha féin: Sidé an t-oighre; téanam agus marbhuighmís é, agus beidh an oighreacht againn. 39Agus do rugadar air, agus chuireadar amach as an bhfíonghort é, agus mharbhuigheadar é. 40D’á bhrígh sin, nuair a thiocfaidh tighearna an fhíonghuirt, cad a dhéanfaidh sé leis an lucht saothruighthe sin? 41Deirid siad leis: Tabharfaidh sé droch-íde ar na cuirptheachaibh sin, agus cuirfidh sé a fhíonghort chun lucht saothruighthe eile, a thabharfaidh toradh dhó i n-aimsir na dtorthaí.
42Dubhairt Íosa leó: Nár léigheabhair riamh sa sgríbhinn: #Salm 117:22.An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir, isí atá ’n-a cloich cinn chúinne: Isé an Tighearna do dhein é sin, agus is iongantach é i n-ár súilibh-ne. 43D’á bhrígh sin adeirim libh go dtógfar uaibh-se rígheacht Dé, agus go dtabharfar í do chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. 44Agus an t-é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t-é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.
45Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh na soluídí uaidh, thuigeadar gur bh’ ortha féin a bhí sé ag caint. 46Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.

Currently Selected:

Maitiú 21: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in