YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 22

22
CAIBIDIOL XXII.
Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh.
1Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: 2#Lúc. 14:16; Apoc. 19:9.Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n-a rí, agus do dhein bainis d’á mhac. 3Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. 4Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’ealta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. 5Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus duine acu chun a cheannaidheachta. 6Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. 7Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. 8Ansan dubhairt sé le n-a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfiú iad é. 9Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. 10Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de daoine, idir olc agus maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n-a suidhe chun bídh. 11Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. 12Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. 13Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n-a mbeidh gol agus díoscán fiacal. 14Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l toghtha ach beagán.
15Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidís búntáiste bhreith air ’n-a chaint. 16Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n-aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine.#22:16 Ver. 16. muintir Héróid, .i., daoine ó Héród a bhí ar aon aigne leis i dtaobh na cánach a dhíol le Caesar, .i., le h-ímpire na Rómha. Measaid drong go raibh ameasg na nIúdach aicme ar a dtugtí “Héródiánaigh,” toisg go ndeiridís gur b’é Héród an Messias. 17Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat? An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? 18Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluan-uidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? 19Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. 20Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? 21Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin #Rómh. 13:7.tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 22Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.
23An lá san tháinig na Sadducínigh chuige, #Gníomh. 23:6.daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus dubhradar. 24A Mháighistir, dubhairt Maois, #Deut. 25:5.Má gheibheann duine bás gan sliocht, pósadh a dhritháir a bhean, ionus go dtógfadh sé sliocht d’á dhritháir. 25Bhí i n-ár measg-ne mórsheisear drithár, agus do phós an chéad duine acu bean, agus fuair sé bás, agus toisg gan sliocht a bheith air, d’fhág sé a bhean agá dhritháir; 26Mar an gcéadna an tarna duine acu, agus an trímhadh duine, gur ráinig an seachtmhadh duine. 27I n-a ndiaidh go léir fuair an bhean bás. 28Sa n-aireirighe, ámhthach, cé’cu de’n mhórsheisear gur leis í? mar, bhí sí acu go léir. 29D’fhreagair Íosa, agus dubhairt sé leó: Táthaoi ag dul amú’ toisg gan eólus a bheith agaibh ar an Scriptiúir ná ar chómhachtaibh Dé. 30Óir sa n-aireirighe ní pósfar ná ní tabharfar le pósadh, ach beid siad cosmhail le h-aingealaibh Dé ar neamh. 31Ach, i dtaobh aiseirighe na marbh, nár léigheabhair an rud adubhairt Dia, mar a ndeir sé libh: 32#Deut. 6:5.Is mise Dia Ábrahaim, agus Dia Ísaaic agus Dia Iácóib? Ní Dia do dhaoinibh marbha Dia, ach do dhaoinibh beó. 33Agus nuair a dh’airigh na daoine é bhíodar ag déanamh iongna d’á theagasg.
34Nuair airigh na Fairisínigh nár fhág sé focal le rádh ag na Sadducínigh, thánadar i bhfochair a chéile; 35Agus cheistigh duine acu é, ollamh sa dlígh, ag baint trialach as, agus dubhairt: 36A Mhaighistir, cad í an aithne mhór sa dlígh? 37Dubhairt Íosa leis:#Exod. 3:6. Grádhfaidh tú do Thighearna Dia ó d’chroidhe go h-iomlán, agus ó d’anam go h-iomlán, agus ó d’aigne go h-iomlán. 38Siní an aithne is mó, agus isí an chéad aithne í. 39Agus tá an tarna h-aithne cosmhail léi:#Lebhit. 19:18. Grádhfaidh tú do chómharsa mar thu féin. 40Tá an dlígh go léir agus na fáidhe ag seasamh ar an dá aithne sin.
41Bhí na Fairisínigh cruinnighthe i bhfochair a chéile, agus do cheisdigh Íosa iad, 42Agus dubhairt sé: Cad a thuigeann sibh-se i dtaobh Chríost? Cé ’ro mac é? Agus dubhradar leis: Mac Dáibhid. 43Dubhairt sé leó: Ma ’seadh, cad uime go dtugann Dáibhid, sa spioraid, a Thighearna air, mar a ndeir sé: 44#Salm 109:1.Dubhairt an Tighearna le m’ Thighearna, Suidh ar mo dheis, go gcuiread do namhaid mar fuairmín fé d’chosaibh? 45D’á bhrígh sin, má thugann Dáibhid a Thigearna air, conus atá sé ’n-a mhac aige? 46Agus ní raibh oiread agus focal ag aoinne le rádh ’ghá fhreagra; agus ó’n lá san amach níor leómhaidh aoinne é cheisdiú a thuille.

Currently Selected:

Maitiú 22: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in