YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 27

27
CAIBIDIOL XXVII.
Tuairisg páise Chríost ar leanmhaint. A bhás agus a adhlacadh.
1Agus nuair a tháinig an mhaidion, chuaidh uachtaráin na sagart go léir agus seanóirí an phobuil i gcómhairle i n-aghaidh Íosa, chun go gcurfidís chun báis é. 2Agus thugadar leó é gabhtha, agus thugadar suas é do Phontius Pílát, an riaghaltóir.
3Ansan nuair a chonaic Iúdás, a dhíol é, go raibh sé daor chun báis, tháinig aithreachas air, agus thug sé an tríochad píosa airgid thar n-ais ag triall ar uachtaránaibh na sagart agus ar na seanóiribh. 4Agus dubhairt sé: Dheineas peacadh, mar do dhíolas fuil neamhchiontach. Ach dubhradar san: Cad é sin dúinne sin? Bíodh ort féin. 5Ansan do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampul, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh sé #Gníomh. 1:18.agus do chroch sé é féin le téid. 6Agus do thóg uachtaráin na sagart na píosaí airgid agus dubhradar: Ní ceart iad do chur sa chorbóna, mar is airgead fola iad.#27:6 Ver. 6. chorbóna, — áit sa teampul i n-a gcuireadh na daoíne na tabhartaistí, nú an ofráil a thugaidís uatha. 7Ach dheineadar cómhairle, agus cheannuigheadar leó páirc an photadóra, chun daoine iasachta d’adhlacadh ann. 8#Gníomh. 1:19.Mar gheall air sin do tugadh ar an bpáirc sin Haceldama, ’sé sin, Páirc na fola, go dtí an lá so. 9Ansan iseadh do cómhlíonadh an chaint adubhairt Ieremias fáidh, mar a ndubhairt sé: #Zach. 11:12.Agus do ghlacadar tríochad píosa airgid, luach an t-é a luadhadh, an t-é a luadhdar a’ clannaibh Israéil, 10Agus thugadar iad ar pháirc an photadóra, fé mar a cheap an Tighearna dom.
11Agus bhí Íosa ’n-a sheasamh os cómhair an riaghaltóra agus do cheistigh an riaghaltóir é, agus dubhairt sé: An tusa rí na nIúdach? Dubhairt Íosa leis: Deir tú é. 12Agus nuair a chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n-a leith, níos thug sé aon fhreagra ortha. 13Ansan dubhairt Pílát leis: Ná h-airigheann tú na neithe móra a chuirid na fínnithe ad’ leith? 14Agus níor thug sé freagra air do fhocal ar bith; i dtreó go raibh árd-iongnadh ar an riaghaltóir.
15An lá solmanta san, ámhthach, ba ghnáth leis an riaghaltóir aon chime amháin do leigint saor chun na ndaoine, pé cime ba mhaith leó. 16Bhí aige an uair sin árd-chime, agus Barabbas ab ainim dó. 17Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18Mar bhí fhios aige gur le formad a dheineadar é thabhairt chun lámha. 19Agus bhí sé ’n-a shuidhe ’n-a chathaoir bhreitheamhantais, agus chuir a bhean teachtaireacht chuige, agus dubhairt sí: Ná bhíodh aon bhaint agat leis an nduine fíoraonta san; óir tá a lán fuilingthe agam indiu mar gheall air, tré aisling. 20Ach do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí na daoine suas chun Barabbais do thoghadh, agus Íosa do dhíthiú. 21Agus d’fhreagair an riaghaltóir agus dubhairt sé leó: Cé’cu de’n bheirt is maith libh a leigfinn saor? Agus dubhradar san: Barabbas. 22Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? 23Dubhradar go léir: Céasdar é. Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é. 24Nuair a chonaic Pílát ná raibh ag eirighe leis, ach gur toirmeasg a bhí ag teacht, fuair sé uisge, agus do nigh sé a lámha os cómhair na ndaoine, agus dubhairt sé: Táim-se saor ar fhuil an fhíoraoin seo; oraibh-se bíodh. 25Agus d’fhreagair na daoine go léir: A chuid fola orainne agus ar ár sliocht. 26Ansan do leig sé saor chúcha Barabbas, agus thug sé Íosa suas dóibh le céasadh, tar éis a sgiúrsála.
27Ansan do thóg saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leó#Salm 21:17. amach sa halla, agus chruinnigheadar chuige an bhuidhean go léir. 28Agus bhaineadar de a chuid éadaigh, agus chuireadar clóca dearg uime. 29Agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar cleith ’n-a láimh. Agus do leigidís iad féin ar a leath-ghlúin ar a aghaidh amach ag magadh faoi, agus deiridís, Slán duit, a Rí na n-Iúdach! 30Agus chaithidís seile air, agus thógaidís an chleith agus bhuailidís buille dhi sa cheann air. 31Agus nuair a bhí a gcuid magaidh déanta acu bhaineadar de an clóca, agus chuireadar a chuid éadaigh féin uime, agus do rugadar leó é cun é chéasadh.
32Agus nuair a chuadar amach fuaradar duine ó Chíréné, dár bh’ainim Símón; agus chuireadar fhéachaint ar an nduine sin dul leó agus a chros d’iompur. 33Agus thánadar chun áite ar a dtugtar Golgota, ’sé sin, áit Chalbharí.#27:33 .i. áit an chloiginn. 34Agus thugadar le n-ól dó fíon gur cuireadh domblas tríd; agus nuair a bhlais sé é ní ólfadh sé é. 35Agus nuair a dheineadar é chéasadh, do rainneadar a bhaill éadaigh eatartha, ’ghá gcur ar chrannaibh; ionus go gcómhlíonfaí an nídh atá ráidhte ag an bhfáidh: #Salm 21:19.Do rainneadar eatartha mo bhaill éadaigh agus chuireadar as chrannaibh mo chuid éadaigh. 36Ansan do shuidheadar ag faire air. 37Agus chuireadar os cionn a chinn a chúis sgríobhtha: ÍOSA, RÍ NA N-IÚDACh, É SEO. 38Ansan do céasadh, mar aon leis, beirt bhitheamhnach, duine acu ar a láimh dheis, agus duine acu ar a láimh chlé. 39Agus an mhuintir a ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, ag crothadh a gcinn, 40Agus deiridís, Bhah, do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá; dein tu féin do shaoradh. Ma’s tu Mac Dé tar anuas ó’n gcrois. 41Agus ar an gcuma gcéadna uachtaráin na sagart, ag déanamh magaidh, mar aon leis na Sgríbhneóiribh agus leis na seanóiribh, deiridís: 42Do shábháil sé daoine eile; ní’l ar a chumas é féin do shábháil. Má’sé Rí Israéil e, tagadh sé anuas anois ó’n gcrois agus creidfimíd ann. 43Bí a mhainghín as Dia, saoradh Dia anois é, má’s áil leis é: Óir dubhairt sé, Is mé Mac Dé. 44Agus na bitheamhnaigh a bhí céasda i n-aice leis, thugadar an mhasla chéadna dhó.
45Agus ó’n sémhadh h-uair tháinig doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh h-uair. 46Agus tímpal an naomhadh h-uair do labhair Íosa do ghuth ana árd, agus dubhairt sé: #Salm 21:2.Élí, Élí, lamá sabactání? ’sé sin, A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 47Agus bhí daoine ’n-a seasamh ann agus d’airigheadar é, agus dubhradar: Tá sé sin ag glaodhach ar Élias. 48#Salm 68:22.Agus do rith duine acu láithreach, agus d’aimsigh sé spúinse, agus thúm sé i bhfínéigir é, agus chuir sé ar chleith é, agus thug sé le n-ól dó. 49Agus dubhairt an chuid eile: leig dó; feiceam an dtiocfaidh Élias ’ghá shaoradh.
50Agus d’éighimh Íosa airís do ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh.
51Agus féach, do stracadh ’n-a dhá chuid ó bhárr go bun brat an teampail; agus do luaisg an talamh, agus do sgoilt na caraigreacha; 52Agus do h-osgaladh na h-uaghna agus d’eirigh a lán de chorpaibh na naomh a chodail, 53Agus tar éis aiséirighthe dhó thánadar amach as na h-uaghnaibh, agus thánadar isteach sa chathair naomhtha, agus chonaic a lán iad.
54An taoiseach céad, ámhthach, agus an bhuidhean a bhí ’n-a theannta ag faire Íosa, nuair a chonacadar an luasgadh talmhan agus na neithe do thuit amach, tháinig eagla ana-mhór, ortha agus dubhradar: Go fíor dob’ é Mac Dé é sin.
55Agus bhí a lán ban ann abhfad amach, do lean Íosa ó Ghaililí ag friothálamh air: 56Ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire, máthair Shéamuis agus Ióseph, agus máthair clainne Sebedé.
57Agus nuair a bhí an tráthnóna ann tháinig duine saidhbhir, ó Arimatéa, dár bh’ ainim Ióseph, agus duine de dheisgiobulaibh Íosa dob’ eadh é: 58Chuaidh an duine sin ag triall ar Phílát, agus d’iarr sé corp Íosa air. Ansan d’órduigh Pílát an corp a thabhairt dó. 59Do fuair Ióseph an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, 60Agus chuir sé ’n-a thuama nua féin é, a bhí gearrtha aige i gcaraig; agus chuir sé cloch mhór chun bhéil na h-uagha, agus d’imthigh sé. 61Bhí ann, ámhthach, Máire Mhagdalén agus an Máire eile agus iad ’n-a suidhe ar aghaidh na h-uagha amach.
62Agus an lá ’n-a dhiaidh san, an lá i ndiaidh lae an ollamhuighthe, tháinig uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh i n-aonfheacht ag triall ar Pílát,#27:62 Ver. 62. lae an ollamhuighthe, .i., an lá déintí an t-olmhúchán go leir óir ní ceaduíghtí fiú olmhú bídh lá na sabbóite. 63Agus dubhradar: A Uasail, is cuimhin linn go ndubhairt an feallaire úd nuair a bhí sé bheó: I gceann trí lá eireóchad airís. 64Órduigh-se, d’á bhrígh sin, gárda chur ar an uaigh go dtí an trímhadh lá: le h-eagla go dtiocfadh a dheisgiobuil agus go ngoidfidís é, agus go ndéarfaidís leis na daoine: D’eirigh sé ós na mairbh: agus beidh an feall deirineach níos measa ’ná an chéad fheall. 65Dubhairt Pílát leó: Tá gárda agaibh. Imthighidh, agus déinidh an ghárdáil mar is eól daoibh. 66D’imthigheadar, agus dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus ag ceapadh lucht faire.

Currently Selected:

Maitiú 27: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in