YouVersion Logo
Search Icon

Maitiú 28

28
CAIBIDIOL XXVIII.
Aiseiríghe Chríost. An gnó a thug sé le déanamh d’á dheisgiobulaibh.
1Agus i ndeire na sabbóide, nuair a bhí an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú tháinig Máire Mhagdalén agus an Máire eile ag féachaint na h-uagha. 2Agus féach, tháinig luasgadh mór talmhan. Mar tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus chuaidh sé agus d’iompuigh sé siar an chloch agus shuidh sé uirthi; 3Agus bhí a ghnúis mar lasair theintrighe, agus a chuid éadaigh mar an sneachta. 4Agus le h-eagla roimis tháinig sgannra ár an lucht coimeádta, agus ba chuma iad nó daoine a bhéadh marbh. 5Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé leis na mnáibh: Ná bíodh aon eagla oraibh-se; mar tá fhios agam gur bh’é Íosa, do céasadh, atá uaibh. 6Ní’l sé anso: Mar d’aiseirigh sé, fé mar a gheall sé: tagaidh agus féachaidh ar an áit ’n-ar cuireadh an Tighearna. 7Imthighidh anois go luath, agus innsidh d’á dheisgiobulaibh gur aiseirigh sé; agus féach, tá sé ag dul rómhaibh go Gaililí: chífidh sibh sa n-áit sin é; féach tá innste agam daoibh roim ré. 8Agus d’imthigheadar amach go tapaidh ó’n uaigh, agus bhi eagla mór ortha agus áthas mór, agus iad ag ruith chun an sgéil a dh’innsint dos na deisgiobuil. 9Agus féach, do bhuail Íosa úmpa, agus dubhairt sé: Slán daoibh. Agus do thánadar agus do rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. 10Ansan dubhairt Íosa leó: Ná bhiodh eagla oraibh; imthighidh, agus innsidh dom’ bráithribh, ionus go raghaidís go Gaililí; Chífid siad sa n-áit sin mé.
11Agus nuair a bhíodar imthighthe, tháinig cuid de’n lucht coimeádta isteach sa chathair, agus d’innseadar d’uachtaránaibh na sagart cad a bhí tuitithe amach. 12Agus thánadar-san i bhfochair a chéile, mar aon leis na seanóiríbh, agus chuadar i gcómhairle, agus thugadar cuid mhór airgid dos na saighdiúiríbh, 13Agus dubhradar leó: Abraidh, táinig a dheisgiobuil sa n-oidhche, agus ghoideadar é agus sinne i n-ár gcodladh, 14Agus má airigheann an riaghaltóir an sgéal labharfaimíd-ne leis, agus cuirfimíd sibh-se ó bhaoghal. 15Agus do ghlacadar-san an t-airgead, agus dheineadar mar a dubhradh leó. Agus tá an sgéal san leathta a measg na n-Iúdach go dtí an lá indiu.
16Agus d’imthigh an t-aoinnedéag deisgiobul go Gaililí, go dtí an cnoc mar a raibh ceapaithe ag Íosa dhóibh. 17Agus nuair a chonacadar é d’adhradar é; ach bhí cuid acu lag-chreideamhac. 18Agus tháinig Íosa agus do labhair sé leó, agus dubhairt: Do tugadh dómh-sa gach cómhacht ar neamh agus ar talamh.#28:18 Ver. 18. gach cómhacht — Féach ansan an t-úghdarás a tugadh dos na h-Asbolaibh, agus an cúram a cuireadh ortha féin agus ar na h-easbogaibh agus an an gcléir a tháinig ’n-a ndiaidh. Do fuair Críost ó n Athair Síoruídhe gach cómhacht ar neamh agus ar talamh, agus as neart na gcómhacht san cuireann sé uaidh iad-san fé mar a chuir an t Athair uaidh é féin, (Eóin 20:21.) chun múine agus teagasg a thabhairt, ní do dhuine ’ná do bheirt, ach do’n chine daona go léir; chun na bhfírinní go léir a mhúine dhóibh; agus i dtreó go mbeadh sé féin ag cabhrú leó go h-éifeach tamhail sa chúram san, gheall se dhóibh go mbheadh sé ’n-a dteannta, ní h-ar feadh céad blian ná ar feadh míle blian, ach gach aon lá, go dtí deire an domhain. Conus is féidir, dá bhrígh sin, do’n Eaglais Chaitilicidhe dul amú, agus go bhfuil, i bhfocair a cléire aici i gcómhnuíghe, mar atá geallta anso, Críost féin, “an tslígh, an fhírinne, agus an bheatha”? (Eóin 14.) 19#Marc. 16:15.Imthighidh, d’á bhrígh sin, agus múinidh na geinte go léir, agus baistidh iad i n-ainim an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh. 20Agus teagaisgidh iad chun gach ar órduigheas-sa dhaoibh do choimeád: agus féach, táim-se i nbhúr bhfochair tríd na laethanta go léir, go dtí críochnú an tsaoghail.

Currently Selected:

Maitiú 28: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in