YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 1

1
CAIBIDIOL I.
Seanmóiniú Eóin baiste. Críost d’á baiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag dhéanamh mírbhúiltí.
1Tusach Soisgéil Íosa Críost, Mhic Dé.
2Mar atá sgríobhtha i n-Isáias fáidh: #Mal. 3:1.Féach, táim ag cur mo theachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat. 3#Isáias 40:3.Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. 4Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus cun maitheamhnachais peacaí. 5Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n-abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. 6Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair an a chom, #Lebhit. 11:22.agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. 7Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht ’ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige. 8#Gníomh. 1:5; 2:4; 11:16; 19:4.Do bhaisteas-sa sibh le h-uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioraid Naomh.
9Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n-Iórdan. 10Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túirling air. 11Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.
12Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; 13Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h-aingil ag friothálamh air.
14Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. 15Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.
16Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cur líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). 17Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh. 18Agus d’fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. 19Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó’n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; 20Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d’fhágadar ansan sa luing Sebedé a n-athair agus a lucht oibre, agus do leanadar eisean.
21Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. 22#Mait. 7:28; Lúc. 4:32.Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.
23Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach: 24Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n-a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h-é thu, Aon Naomhtha Dé. 25Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bí ciúin agus imthigh amach as an nduine. 26Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh sé amach as. 27Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bhíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h-annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? 28Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir.
29Agus thanadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n-aonfheacht le Séamus agus le h-Eóin. 30Agus bhí máthair céile Shímóin ’n-a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach ’n-a taobh. 31Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.
32Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. 33Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; 34Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, #Lúc. 4:41.agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.
35Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h-áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. 36Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí ’n-a theannta. 37Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. 38Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n-ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.
39Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.
40Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 41Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lámh agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. 42Agus nuair a dubhairt sé an focal d’imthigh an lobhra de’n duine láithreach, agus bhí sé glan. 43Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach, 44Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h-innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, #Lebhit. 14:2.na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 45Ach chómh luath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nár fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h-áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.

Currently Selected:

Marcus 1: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in