YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 2

2
CAIBIDIOL II.
An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige ’á chosaint.
1Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airís isteach i gCapharnaum. 2Agus do h-airigheadh go raibh sé i dtigh ann, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d’á labhairt leó. 3Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar. 4Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n-a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n-áit ’n-a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n-a luighe ar leabaidh, an duine a bí gan lúth. 5Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. 6Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann ’n-a suidhe agus iad ag machtnamh ’n-a gcroide: 7Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d’á dhéanamh. #Iób 14:4; Isáias 43:25.Cé fhéadfadh peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? 8Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n-a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n-a n-aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? 9Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirig, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? 10Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuíl ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) 11Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 12Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riamh a leithéid, a deiridís.
13Agus d’imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé ’ghá dteagasg. 14Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n-a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.
15Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ’n-a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san ’ghá leanmhaint, leis. 16Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n-a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach? 17D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h-ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bhfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa #1 Tim. 1:15.ach chun na bpeacach do ghlaodhach.
18Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trosgaidh, agus thánadar chuige agus dubhradar: Cad ’n-a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 19Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaidh is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an chéile acu ’n-a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; 20Ach tiocfaidh an lá i n-a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 21Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n treana-éadach, agus méadófar an stracadh. 22Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-árthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h-árthaí; ach is i n-árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.
23Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheisgiobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa trabbóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. 24Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 25Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh #1 Rígh. 21:6.cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t-ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n-aonfheacht leis? 26Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n-aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a dh’ith sé na bulóga fiadhnaise #Lebhit. 24:9.nár dhleaghthach d’aoinne a dh’ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n-ithe iad do’n mhuintir a bhí i n-aonfheacht leis? 27Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. 28I gcás go bhfuil Mac an Duine ’n-a mháighistir ar an sabbóid féin.

Currently Selected:

Marcus 2: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in