YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 14

14
CAIBIDIOL XIV.
An chéad chuid de thuairisg páise Chríost.
1Agus i gcionn dá lá bhí féile na Cásga agus an aráin gan giost le bheith ann, agus bhí uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí ’ghá chuimhneamh conus a dhéanfaidís breith air agus é chur chun báis. 2Ach dubhradar: Ná deintear é lá na féile, le h-eagla go n-eireóchadh achrann ameasg an phobuil.
3Agus bhí sé i mBetánia, i dtigh Shímóin lobhair, ’n-a shuidhe chun bídh agus tháinig bean agus bosca alabastair aici d’ola spícnáird a bhí ana-dhaor, agus do bhris sí an bosca alabastair agus dhoirt sí an ola ar a cheann. 4Agus bhí daoine láithreach agus thainig fearg ortha, agus dubhradar ’n-a n-aigne féin: Cad chuige an bhásta san a dhéanamh ar an ola? 5D’fhéadfaí an ola san do dhíol ar níos mó ’ná trí chéad #14:5 Denarius (nó drachma) a tugtar ar an bpíosa airgid sin. B’é an phingin Rómhánach é. Feic Mait. 17:23; Lúc. 15:18, na nótaí.píosa airgid agus é thabhairt do sna bochtaibh. Agus bhíodar ag casaoid léi. 6Agus dubhairt Íosa: Leigidh di. Cad chuige dhaoibh bheith ag casaoid léi? Is gníomh maith atá déanta aici orm-sa. 7Óir táid na boicht i nbhúr bhfochair agaibh i gcómhnuighe, agus féadfaidh sibh maith a déanamh dóibh nuair is áil libh; ach ní’limse i gcómhnuighe agaibh. 8An nídh a bhí aici seo le déanamh tá sé déanta aici; tá ola curtha roim ré aici ar mo chorp-sa i gcóir adhlachta. 9Go deimhin adeirim libh: sé áit ’n-a gcraobhsgaoilfar an soisgéal so ar fuid an domhain go léir, neósfar ann, mar chuimhneamh uirthi seo, an nídh atá déanta aici.
10Agus d’imthigh Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, ag triall ar uachtaránaibh na sagart, chun é dhíol leó. 11Agus nuair airigheadar é bhí áthas ortha, agus ghealla-dar dó go dtabharfaí airgead dó. Agus bhí sé ag faire chun caoi fhághail ar é thabhairt suas.
12Agus an chéad lá de laethibh an aráin gan giost nuair a deintí ídhbirt na Cásga, dubhairt a dheisgiobuil leis: Cár mhaith leat go raghmís agus go ndéanfaimís an Cháisg d’ollamhú dhuit le n-ithe? 13Agus chuir sé uaidh beirt d’á dheisgiobuil agus dubhairt sé leó: Téighidh isteach sa chathair, agus casfar oraibh fear agus árthach uisge ar a mhuin aige; leanaidh é. 14Agus pé áit ’n-a raghaidh sé isteach abraidh le fear an tighe, Deir an Máighistir, Cá bhfuil an seómra ’n-a n-íosfad an Cháisg i dteannta mo dheisgiobul? 15Agus taisbeánfaidh sé daoibh seómra mór, agus é curtha i dtreó, agus déinidh ollamhú dhúinn ann.
16Agus d’imthigh na deisgiobuil agus thánadar sa chathair, agus fuaradar mar a dubhairt sé, agus d’ollamhuigheadar an Cháisg.
17Agus nuair a bhí an trathnóna ann tháinig sé i n-aonfheacht leis an dáréag. 18Agus nuair a bhíodar ’n-a suidhe agus ag ithe, dubhairt Íosa: Go deimhin a deirim libh, tá duine agaibh-se, atá ag ithe am theannta, agus díolfaidh sé mé. 19Agus tháinig bhuairt ortha, agus chromadar ar a rádh leis, ’n-a nduine a’s ’n-a nduine: An mise é? 20Agus dubhairt sé leó: Duine de’n dáréag, duine a chuireaim a lámh sa n-aon mhéis liom. 21Is fíor go bhfuil Mac an Duine ag imtheacht, #Salm 40:10; Gníomh. 1:16.fé mar atá sgríobhtha ’n-a thaobh; ach is ró-mhairg do’n fhear san tré a ndéanfar Mac an Duine do thabhairt suas. B’fhearra dho’n fhear san ná tiocfadh sé riamh ar an saoghal.
22 # 1 Cor. 11:24. Agus an fhaid a bhíodar ag ithe do thóg Íosa arán agus bheannuigh sé é, agus bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, agus dubhairt sé: Glacaidh, ithidh; is é mo chorp é seo. 23Agus thóg sé cailís, agus ghaibh sé buidheachas, agus thug sé dhóibh í, agus d’óladar go léir aisti. 24Agus dubhairt sé leó: Isí mo chuid fola, fuil an tiomna nua, í sin, a doirtfar ar son a lán. 25Go deimhin adeirim libh, ná h-ólfad feasda de’n toradh so na fíneamhna go dtí an lá san ’n-a n-ólfad nua é i rígheacht Dé.
26Agus tar éis an iomuin do ghabháil dóibh chuadar go Cnoc na n-Ola-chrann.
27Agus dubhairt Íosa leó: Glacfaidh sibh go léir sgannal umam-sa anocht; óir tá sgríobhtha, #Zach. 13:7.Buailfead an t-aodhaire agus sgaipfar na caoire. 28Ach tar éis m’aiseirighe raghad rómhaibh go Gaililí. 29Agus dubhairt Peadar leis: Bíodh go nglacfaidís go léir sgannal umat, ní ghlacfad-sa. 30Agus dubhairt Íosa leis: Go deimhin adeirim leat, sa lá so againn, anocht féin, séanfair mé fó thrí sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair.#14:30 Ver 30. sar a nglaoidhfidh an coileach an tarna h-uair. — Glaoidhid na coiligh dha uair fé leith san oidhche, .i. tímpal uair an mheadhan oidhche ar dtúis agus ansan airís tímpal na h-uaire ar a dtugtar “glaodh an choiligh.” B’shiní an ghlaodh ar ar labhair ár Slánuightheóir: agus d’á bhrígh sin ní thráctaid na soisgéalaidhthe eile i n-aon chor ar an gcéad ghlaodh. 31Ach sin mar ba dhéine do labhair seisean: Dá gcaithinn dul chun báis i n-aonfheacht leat ní shéanfad tú. Agus do labhradar go léir ar an gcuma gcéadna.
32Agus thánadar chun na h-áite ar a dtugtar Getsémané, agus dubhairt sé le n-a dheisgiobuil: Suidhidh anso go ndeinead úrnuighthe.
33Agus do rug sé leis Peadar agus Séamus agus Eóin, agus thusnuigh sé ar bheith go crith-eaglach agus go dúbhach; 34Agus dubhairt sé leó: Tá bhrón an bháis ar m’anam; fanaidh anso agus deinidh faire.
35Agus d’imthigh sé tamall uatha, agus thuit sé anuas ar an dtalamh, agus ghuidh sé go ngeobhadh an uair thairis dá mb’fhéidir é. 36Agus dubhairt sé: Abba, a Athair, tá gach nídh ar do chumas; cuir an chailís seo i leith taoibh uaim; ná deintear ámhthach, an nídh is toil liom-sa, ach an nídh is toil leat-sa. 37Agus tháinig sé agus fuair sé ’n-a gcodladh iad. Agus dubhairt sé le Peadar: A Shímóin, an ad’ chodladh ataoí? Nár fheadais faire dhéanamh ar feadh aon uaire amháin? 38Déinidh faire agus guidhe, ionus ná raghadh sibh i gcathaíbh. Tá an spioraid tugtha, is fíor, ach tá an fheóil lag. 39Agus d’imthigh sé airís, agus dhein sé an guidhe céadna ins na focalaibh céadna. 40Agus tháinig sé an tarna h-uair agus fuair sé ’n-a gcodladh iad, (óir do bhí mairbhitíghe ar a súilibh), agus ní fheadradar cad é an freagra thabharfaidís air. 41Agus tháinig sé an trímhadh h-uair agus dubhairt sé leó: Deinidh codladh anois agus suaimhneas. Ní beag é: tá an uair tagaithe; féach, tabharfar Mac an Duine ar lámhaibh na bpeacach. 42Eirighidh, téanaídh; féach, tá i bhfogus dúinn an fear a bhrathfaidh mé.
43Le linn na bhfocal a rádh dhó, tháinig Iúdás Iscariót, duine de’n dáréag, agus sluagh mhór i n-aonfheacht leis, ó uachtaránaibh na sagart agus ó sna Sgríbhneóirí agus ó sna seanóirí, agus bhí claidhmhte agus bataí acu. 44Agus bhí cómhartha tabhartha aige-sean dóibh, mar dubhairt sé: An t-é go dtabharfad-sa póg dó, siné é; beiridh air agus tugaidh libh é go h-aireach. 45Agus nuair a tháinig sé do dhein sé air isteach agus dubhairt sé: Go mbeannuighthear dhuit, a Mháighistir, agus thug sé póg dó. 46Agus ghreamuigheadar-san a lámha air, agus choimeádadar é. 47Agus tharaing duine d’á raibh láithreach claidheamh, agus bhuail sé seirbhíseach an árdshagairt agus bhain shé an chluas de. 48Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé: An dtánabhair amach, agus claidhmhte agus bataí agaibh, chun beirthe orm mar a thiocfadh sibh cun beirthe ar bhitheamhnach? 49Bhíos gach lá i nbhúr measg sa teampul, ag teagasg agus níor rugabhair orm. Ach is chun an sgriptiúra do chómhlíonadh é. 50Ansan d’fhág a dheisgiobuil é agus do theitheadar go léir. 51Agus bhí buachaill ’ghá leanmhaint n-a raibh ball línéadaigh fan nochta a choím air, agus do rugadar air. 52Agus do sgaoil seisean an ball línéadaigh leó, agus d’imthigh sé uatha tárnocht.
53Agus thugadar Íosa leó i láthair an árdshagairt; agus do chruinnigh ann na sagairt go léir agus na Sgríbhneóirí agus na seanóirí. 54Agus do lean Peadar é, abhfad siar, go dtí go raibh sé istigh i halla an árd-shagairt, agus bhí sé ’n-a shuidhe i dteannta na seirbhíseach, chun na teine, ’ghá théidh féin.
55Agus bhí na h-árdshagairt agus an chómhairle go léir ag lorg fínné i gcoinnibh Íosa, chun é dhaoradh chun báis; agus bhí ag teip ortha. 56Agus bhí a lán ag tabhairt fiadhnaise bréige ’n-a choinnibh, ach níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. 57Agus d’eirigh daoine éigin agus thugadar fiadhnaise bréige ’n-a choinnibh agus dubhradar: 58D’airigheamair-ne é agus dubhairt sé: #14:58 Ach is ar theampul a chuirp do labhair sé. Feic Eóin 2:9-21.An teampal so a deineadh le lámhaibh daoine, leagfad-sa é agus i gcionn trí lá cuirfead suas ceann eile, agus ní le lámhaibh daoine é. 59Agus níor réidhtigh a bhfiadhnaise le n-a chéile. 60Agus d’eirigh an t-árdshagart, i lár na h-áite, agus chuir sé ceist chun Íosa, agus dubhairt: Ná fuil aon fhreagra agat le tabhairt ar a bhfuil acu san ’á chur ad’ leith? 61Ach níor labhair seisean agus níor thug sé aon fhreagra. Agus do cheistigh an t-árdshagart é, agus dubhairt sé: An tusa Críost Mac Dé bheannuighthe? 62Agus ansan dubhairt Íosa leis: Is mé; agus chífidh sibh Mac an Duine ’n-a shuidhe ar deasláimh cómhachta Dé agus ag teacht i sgamallaibh neimhe. 63Ansan #14:63 Cómhartha buartha acu é sin.do strac an t-árdshagart a bhrat, agus dubhairt sé: Cad ab aíl linn d’a thuille fínnithe? 64D’airigheabhair an diamhasla: cad a chítear daoibh? Agus dubhradar go léir go raibh bás tuillte aige. 65Agus do chrom cuid acu ar sheilí chaitheamh air, agus ar a aghaidh do chlúdach agus ar é bhualadh le dóirnibh, agus deiridís: Targair: agus bhí na seirbhísigh ’ghá bhualadh le n-a mbasaibh.
66Agus bhí Peadar sa halla thíos, agus tháinig duine de chailíníbh aimsire an árdshagairt, 67Agus nuair a chonaic sí Peadar ’ghá théidh féin, d’fhéach sí air agus dubhairt sí: Agus do bhís-se leis i bhfochair Íosa Nasareit. 68Agus do shéan seisean agus dubhairt: Ní’l fios ná eólus agam ar cad deirir. Agus d’imthigh sé amach lasmuigh de’n halla; agus do ghlaoidh an coileach. 69Agus do chonaic an cailín airís é, agus dubhairt sí leis an muintir a bhí ’n-a seasamh ann: Is duine acu súd é seo. 70Agus do shéan seisean airís. Agus tar éis tamaill bhig dubhairt an mhuintir a bhí ’n-a seasamh ann airís, le Peadar: Go deimhin is duine acu súd tu, mar is Gaililiach tu. 71Agus do chrom seisean ar easgainidhe agus ar a dhearbhú: Ní’l aon aithne agam ar an nduine sin adeireann sibh. 72Agus ansan do ghlaoidh an coileach an tarna h-uair. Agus do chuimhnigh Peadar ar an bhfocal adubhairt Íosa: Sar a nglaoidhfidh an coileach dhá uair séanfair mé trí h-uaire. Agus chrom sé ar ghol.

Currently Selected:

Marcus 14: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in