YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 15

15
CAIBIDIOL XV.
Tuairisg na páise ar leanmhaint.
1Agus ar maidin lár n-a mháireach go luath chuaidh uachtaráin na sagart i gcómhairle leis na seanóiríbh agus leis na Sgríbhneóiríbh, agus leis an gcómhairle choitchian, agus thugadar suas Íosa, gabhtha, do Phílát. 2Agus d’fhiafraigh Pílát de: An tusa rí na n-Iúdach? Agus d’fhreagair seisean agus dubhairt: #15:2 .i. Is fíor an nídh a deirir.Deirir-se é. 3Agus do chuir uachtaráin na sagart a lán neithe ’n-a leith. 4Agus cheistigh Pílát airís é, agus dubhairt: Nách bhfuil aon fhreagra agat le tabhairt? Féach a bhfuil acu ’á chur ad’ leith. 5Agus níor fhreagair Íosa focal eile, i dtreó go raibh iongna ar Pílát.
6I gcaitheamh lae na féile, ámhthach, ba ghnáth leis aon phríosúnach amháin do leigint saor chúcha, aon phríosúnach a iarrfidís. 7Agus bhí aon phríosúnach amháin ann gur bh’ainim dó Barabbas, agus bhí sé gabhtha ameasg an lucht ceannairce, agus mhairbh sé duine i gceannairc. 8Agus tháinig an pobul agus chromadar ar iarraidh, mar ba ghnáth leis a dhéanamh dóibh. 9Agus d’fhreagair Pílát iad agus dubhairt sé: An toil libh go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? 10Mar bhí fhios aige gur le mioscais a dhein uachtaráin na sagart é thabhairt chun lámha. 11Agus chuir na sagairt suas an pobul chun a rádh gur bh’é Barabbas a leigfeadh sé saos chúcha. 12Agus d’fhreagair Pílát airís iad agus dubhairt: Agus cad is toil libh a dhéanfad le rí na n-Iúdach? 13Agus do liúghadar airís: Céas é. 14Agus dubhairt Pílát leó: Sdó, cad é an t-olc atá déanta aige? Ach sin mar ab’ aoirde do liúghadar: Céas é. 15Agus chun an phobuil do shásamh do leig Pílát Barabbas saos chúcha, agus thug sé Íosa le céasad, tar éis a sgiúrsála.
16Agus do rug na saighdiúirí leó é isteach i halla na cúirte, agus chruinnigheadar an bhuidhean go léir, 17Agus chuireadar brat corcra uime agus d’fhígheadar coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í; 18Agus chromadar ar bheannú dhó: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach. 19Agus ansan do bhuailidís sa cheann é le cleith, agus chaithidís seile air, agus do chromaidís a nglúine ’ghá onórú. 20Agus nuair a bhí an magadh déanta acu faoi do bhaineadar de an brat corcra, agus chuireadar a chuid éadaigh féin airís uime, agus do rugadar leó é chun é céasad.
21Agus bhí duine ag gabháil an bhóthair, n-ar bh’ ainim dó Símón Círénéach, ag teacht ó’n dtuath, athair Alecsandair agus Rúifis, agus do stadadar é, agus chuireadar fhéachaint air an chros a dh’iompar dó. 22Agus do rugadar leó é go dtí an áit Golgota, le n-a gcialluighthear áit an chloiginn. 23Agus thugadar deoch dó, fíon agus mirr tríd, agus níor ghlac sé é. 24Agus do chéasadar é, agus do roinneadar a chuid éadaigh, ’ghá gcur ar chrannaibh féachaint cé bhéarfadh gach ball díobh. 25Agus bhí an trímhadh tráth ann, agus chéasadar é.#15:25 Ver. 25. an trímhadh tráth — Do rainn an seana-chúntas an lá ’n-a cheithre tráthanaibh agus do h-ainimnigheadh gach tráth o’n uair ar ar thusnuigh sé, .i. an chéad tráth, an trímhadh tráth, an sémhadh tráth, agus an naomhadh tráth. Do ceasadh ár dTighearna beagán roim mheadhan lae san ar chríochnuigh an trímhadh tráth, agus nuair a bhí an sémhadh tráth díreach ag teacht. 26Agus bhí teidiol a chúise sgríobhtha: RÍ NA N-IÚDACh. 27Agus do chéasadar i n-aonfheacht leis beirt bhitheamhnach, duine acu ar a dheis agus an duine eile ar a chlí. 28Agus do cómhlíonadh an sgriptiúir adeir: #Isáias 53:12.Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh. 29Agus na daoine ghabhadh thairis thugaidís masla dhó, agus chrothaidís a gceann agus deiridís: Bháth! do leagfá teampal Dé agus churfá suas airís é i gceann trí lá: 30Saor thu féin anois, agus tar anuas de’n chrois. 31Mar an gcéadna uachtaráin na sagart agus na Sgríbhneóirí, ag caint le chéile ag déanamh magaidh: Shábhail sé daoine eile, adeiridís; ní’l ar a chumas é féin do shábhail. 32Tagadh Críost, rí Israéil, anuas de’n chrois anois go bhfeiceam agus go gcreideam. Agus an bheirt a bhí céasda i n-a aice thugadar masla dhó.
33Agus nuair a tháinig an sémhadh tráth do luigh doircheacht ar an ndomhan go léir go dtí an naomhadh tráth. 34Agus sa naomhadh tráth do ghlaoidh Íosa do ghuth árd: #Salm 21:2.Elóí, Elóí, lamá sabactání? nídh a míníghthear mar seo: A Dhia, a Dhia, cad uime gur thréigis mé? 35Agus dubhairt cuid d’á raibh láithreach: Féach, tá sé ag glaodhach ar Elias. 36Agus do rith duine acu agus do líon sé spúinse d’ fhínéigir agus chuir sé ar bhata é, agus thug sé dhó é le n-ól, agus dubhairt sé: Fanaidh go bhfeiceam an dtiocfaidh Elias chun é thógaint anuas.
37Agus do ghlaoidh Íosa do ghuth árd, agus d’éag sé.
38Agus do stracadh brat an teampail ’n-a dhá chuid ó bharr go bun. 39Agus nuair a chonaic an taoiseach céad a bhí ’n-a seasamh ar a aghaidh amach go bhfuair sé bhás agus an guth árd san aige d’á chur as dubhairt sé: Gan amhras dob’ é Mac Dé an duine sin. 40Agus bhí mná ann abhfad uaidh agus iad ag féachaint air, ar a raibh Máire Magdalén, agus Máire máthair Shéamuis bhig agus Ióseiph, agus Salómé; 41Agus siniad a bhíodh ’ghá leanmhaint agus ag friothálamh air nuair a bhíodh sé i nGaililí; agus a lán ban eile a tháinig i n-aonfheacht leis ainíos go Ierúsalem.
42Agus nuair a bhí an déanaíghe ann, (óir b’ é lá an ollamhuighthe é, a thagann roimis an sabbóid), 43Tháinig Ióseph ó Arimataéa, duine uasal, decúrio, fear a bhí ag súil le rígheacht Dé chómh maith le cách, agus chuaidh sé isteach go dána i láthair Phíláit, agus d’iarr se corp Íosa air. 44Agus bhí iongna ar Phílát a rádh go mbeadh sé tar éis bháis cheana féin. Agus chuir sé fios ar an dtaoiseach céad agus d’fhiafraigh sé dhe an raibh sé tar éis bháis. 45Agus nuair a fuair sé amach ó’n dtaoiseach céad go raibh, d’órduigh sé an corp do thabhairt do Ióseph. 46Agus do cheannuigh Ióseph línéadach agus thóg sé anuas ó’n gcrois é, agus d’fhill sé sa línéadach é, agus chuir sé isteach é i dtuama a bhí gearrtha a’ caraig, agus d’iompuigh sé leac chun doruis an tuama. 47Agus bhi Máire Mhagdalén agus Máire [máthair] Ióseiph ag féachaint ar an áit ’n-ar cuireadh é.

Currently Selected:

Marcus 15: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in