YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 16

16
CAIBIDIOL XVI.
Aiseiríghe Chríost agus a dheasgabháil.
1Agus nuair a bhí an tsabbóid imthighthe cheannuigh Máire Mhagdalén agus Máire, máthair Shéamuis, agus Salómé, spíosra cúmhrtha chun go dtiocfaidis agus go n-ungfaidís Íosa. 2Agus thanadar go h-ana-mhoch, ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, go dtí an tuama, agus bhí an ghrian ’n-a suidhe;#16:2 Ver. 2. agus bhí an ghrian ’n-a suidhe; — Do ghluaiseadar sar a dtáinig an solus ag dul chun na h-uagha, ach bhí an ghrian ’n-a suidhe um an dtaca ’nar shroiseadar an áit. Nú, i bhfigiúir, tráchtthar anso ar ghréin an chirt, .i., ar Íosa Críost, ár dTighearna, a bhí eirighthe sar a dtánadar. 3Agus bhíodar ’ghá rádh le n-a chéile: Cé dh’iompóchaidh siar an chloch dúinn ó bhéal an tuama? 4Agus nuair fhéachadar chonacadar an chloch iompuighthe siar. Agus cloch ana-mhór ab eadh í. 5Agus chuadar isteach sa tuama agus chonacadar an fear óg ’n-a shuidhe ar thaobh na lámha deire agus éide gheal uime, agus tháinig eagal ortha. 6Agus dubhairt sé leó: Ná glacaidh aon sgannra. Íosa Nasareit a céasadh isé atá uaibh. D’eirigh sé; ní’l sé anso; féach an áit ’n-ar chuireadar é. 7Ach imthighidh, agus innsidh d’a dheisgiobulaibh agus do Pheadar, go bhfuil sé ag dul rómhaibh go Gaililí; chífidh sibh sa n-áit sin é, mar adubhairt sé libh.
8Ach do ritheadar amach as an uaigh, mar do tháinig sgannra agus critheagla ortha, agus ní dubhradar focal le h-aoinne, mar bhí an t-eagal ortha.
9Ach nuair aiseirigh sé ar maidin an chéad lae de’n tseachtmhain, thaisbeáin sé é féin ar dtúis do Mháire Mhagdalén, an bhean as ar dhíbir sé na seacht ndeamhain. 10Agus d’imthigh sí sin agus d’innis sí é do’n mhuintir a bhíodh i n-a fhochair, agus do bhí ag gol agus ag caoi. 11Agus nuair airigheadar é bheith beó, agus go bhfeacaidh sí é, níor chreideadar an sgéal. 12#Lúc. 24:13.Agus ’n-a dhiaidh san do thaisbeáin sé é féin i gcruth eile do bheirt acu agus iad ag siubhal, ag dul fá’n dtuath. 13Agus thánadar san agus d’innseadar do’n chuid eile é; agus níor chreideadar iad ach chómh beag.
14Fé dheire, bhí an t-aoinne déag acu ’n-a suidhe i bhfochair a chéile, agus thaisbeáin sé é féin dóibh; agus do chas sé leó a ndíthchreideamh agus a ndúrchroidhe, toisg nár chreideadar an mhuintir a chonaic go raibh sé tar éis aiseirighe.
15Agus dubhairt sé leó: Gluaisidh tríd an ndomhan go léir agus deinidh an soisgéal do chraobhsgaoileadh do’n uile chréatúir. 16An té a chreidfhidh agus a baistfar saorfar é: an té, ámh, ná creidfidh, daorfar é. 17Agus leanfaid na cómharthaí seo an mhuintir a chreidfidh: #Gníomh. 16:18.Cuirfid siad deamhain a’ seilbh am’ ainim-se: #Gníomh. 2:4; 10:46.Labharfaid siad i dteangthachaibh nua. 18#Gníomh. 28:5.Tógfaid siad aithreacha nimhe, agus má ólaid siad deoch marbhuightheach ní ghortóchaidh sé iad: #Gníomh. 28:8.Cuirfid siad a lámha ar daoine breóite agus beid siad go maith. 19Agus an Tighearna Íosa, tar éis labhartha leó dhó, #Lúc. 24:51.do tógadh suas ar neamh é, agus tá sé ’n-a shuidhe ar deasláimh Dé. 20Agus do ghluaiseadar-san agus do chraobhsgaoileadar ins gach áit; agus do chabhruigh an Tighearna leó ag neartú a gcainte le mírbhúiltíbh ’ghá leanmhaint.

Currently Selected:

Marcus 16: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in