YouVersion Logo
Search Icon

Marcus 6

6
CAIBIDIOL VI.
Críost ag Nasaret agus é ag tabhairt teagaisg uaidh. An dáréag Asbol dá gcur amach aige. Bia á thabhairt aige do chúig mhíle duine a’ chúig bológaibh, agus é ag siubhal ar an bhfaraige.
1Agus d’imthigh sé ó’n áit sin agus tháinig sé chun a thíre féin, agus do leanadar a dheisgiobuil é. 2Agus tháinig an tsabbóid, agus chuaidh sé ag teagasg sa tsinagóig, agus dhein a lán, nuair airígheadar é, iongna d’á theagasg, agus deiridís: Ca bhfuair sé seo na neithe seo go léir? agus cad í an eagna a tugadh dó, agus a leithéid d’oibreachaibh móra agus a déintear tré n-a lámhaibh? 3Nách é seo an siúinéir, mac Mhuire, bráthair Shéamuis, agus Ióseiph, agus Iúdáis, agus Shímóin? An amhlaidh ná fuil a dhriféaracha anso i n-ár measg? Agus do ghlacadar sgannal uime. 4Agus deireadh Íosa leó: Ní bhíonn fáidh gan onóir ach ’n-a dhúthaigh féin, agus ’n-a theaghlach féin, agus ameasg a ghaolta féin. 5Agus níor fhéad sé aon chómhacht d’oibriú sa n-áit sin, ach gur chuir sé a lámh ar raint bheag daoine breóite agus gur leighis sé iad.#6:5 Ver. 5. níor fhéad sé — Ní le h-easba cómhachta é, ach níor bh’áil leis mírbhúiltí dhéanamh do dhaoínibh stuacacha ná creidfeadh. Níor bh’fiú iad é. 6Agus dhein sé iongna de’n easba creidimh a bhí ionta, agus do shiúbhluigh sé na bailte mór-thímpal, ag teagasg.
7Agus ghlaoidh sé chuige an dáréag, agus thosnuigh sé ar iad do chur uaidh ’n-a mbeirt a’r ’n-a mbeirt, agus thug sé dhóibh cumas ar na spioraidíbh truaillighthe. 8Agus d’órduigh sé dhóibh gan aon nídh thógaint i gcóir an bhóthair ach amháin cleith: bheith gan mála, gan arán, gan airgead i gcrios. 9#Gníomh. 12:8.Gan a bheith ar a gcosaibh ach sandala, agus gan an tarna casóg a bheith úmpa. 10Agus dubhairt sé leó: Pé áit ’n-a raghaidh sibh isteach i dtigh, fanaidh ann go bhfágaidh sibh an áit sin. 11Agus pé duine ná glacfaidh sibh nó na h-éistfidh libh, imthighidh as an áit sin agus deinidh an ceó chrothadh d’bhúr gcosaibh mar fhiadhnaise ’n-a gcoinnibh.#6:11 Gheibhmíd annso sa nGréigis na focail seo: — “go deimhin adeirim libh, beidh sé níos saoire do Shodom agus do Ghomorra lá an bhreitheamhantais ’ná do’n chathair sin.” 12Agus chuadar amach agus d’fhógradar aithrighe dhéanamh. 13Agus chuireadar mórán deamhan amach a’ daoine, agus chuireadar ola ar a lán daoine breoite agus do leighseadar iad.
14Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí #6:14 .i. ainim Íosa.a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd. 15Agus deireadh daoine eile: Isé Elias atá ann. Agus deireadh daoine eile: Fáidh iseadh é, mar bheadh duine des na fáidhibh. 16Agus nuair a dh’airigh Héród é dubhairt sé: Eóin, gur bhaineas-sa an ceann de, siné atá eirighthe ós na mairbh.
17Óir do chuir Héród fir uaidh agus do ghaibh sé Eóin, agus cheangail sé é agus chuir sé i bpríosún é, mar gheall ar Héródias, bean Philib, a dhritháir, mar bhí sí ’n-a mnaoi aige. 18Agus deireadh Eóin le Héród: #Lebhit. 18:16.Ní dleaghthach duit bean do dhrithár a bheith ’n-a mnaoi agat. 19Agus bhí Heródias ag déanamh ceilge ’n-a choinnibh, a d’iarraidh é chur chun báis, agus ní raibh ag eirighe léi. 20Óir bhí eagal ar Héród roim Eóin, mar bhí fhios aige gur dhuine naomhtha, fíoraonta é, agus bhí sé ’ghá choimeád, agus dheineadh sé a lán neithe ar a chómhairle, agus thugadh sé cluas dó go toilteanach.#6:20 Ver. 20. agus bhí sé ’ghá choimeád, .i., ar Héródias; agus le h-eagla roimis na daoíne ní chuirfadh sé chun báis é, bíodh go raibh sí ghá iarraidh air. Do dhein sí a toil ’n-a dhiaidh san le conghnamh a h-inghíne.
21Agus nuair a tháinig lá oireamhnach chuige dhein Héród féasta lae a bheirthe do phriúnsaíbh agus do thaoiseachaibh agus d’uaislibh Ghaililí, 22Agus tháinig inghean Héródias isteach agus dhein sí rinnce agus do thaithn sí le Héród agus leis an gcuideachtain, agus dubhairt an rí leis an gcailín: Iarr orm aon nídh is maith leat, agus tabharfad duit é. 23Agus do dhearbhuigh sé dhi: Pé rud a iarrfair orm tabharfad duit é, dá mba leath mo rígheachta é. 24Agus chuaidh sise amach, agus dubhairt sí le n-a máthair: Cad a dh’iarrfad? agus dubhairt an mháthair: Ceann Eóin Bhaiste. 25Agus do rith sí isteach i láthair an rí chun iarraidhthe, agus dubhairt sí: Is maith liom go dtabharfá dhom láithreach, ar mhéis, ceann Eóin Bhaiste. 26Agus tháinig buairt ar an rí; mar gheall ar an ndearbhú agus ar na daoine a bhí láithreach níor mhaith leis dólás a chur uirthi; 27Agus do chuir sé an básaire uaidh, agus d’órduigh sé an ceann a thabhairt leis ar mhéis. 28Agus do bhain sé an ceann de sa phríosún, Agus thug sé an ceann leis ar mhéis; agus thug sé do’n chailín é, agus thug an cailín d’á máthair é. 29Agus d’airigh a dheisgiobuil an sgéal, agus thánadar agus do rugadar leó an corp, agus chuireadar sa n-uaigh é.
30 # Lúc. 9:10. Agus tháinig na h-Aspoil chun Íosa, agus d’innseadar dó gach nídh, a raibh déanta acu agus a raibh múinte acu. 31Agus dubhairt sé leó: Tagaidh i leith taoibh go h-áit uaigneach agus glacaidh suaimhneas ar feadh tamaill. Óir bhí a raibh ag teacht agus ag imtheacht líonmhar, agus ní raibh uain acu chun bídh a chaitheamh. 32Agus chuadar ar bórd luinge agus d’imthigheadar go h-áit uaigneach, fé leith.
33Agus chonaic na daoine iad ag imtheacht, agus d’aithnigheadar iad, agus do ritheadar ’n-a gcuis, amach as na bailtibh go léir, chun na h-áite, agus bhíodar ann rómpa. 34Agus tháinig Íosa amach agus chonaic sé an tsluagh mhór, agus tháinig truagh aige dhóibh, óir bhíodar mar bheadh caoire gan aodhaire, agus chrom sé ar a lán neithe theagasg dóibh.
35Agus nuair a bhí mórán de’n lá caithte tháinig a dheisgiobuil agus dubhradar: Fásach iseadh an áit seo agus tá an lá imthighthe; 36Leig chun siubhail iad, i dtreó go raghaid siad isteach ins na bailtibh agus ins na sráidibh is giorra dhóibh, agus go gceannóchaid siad bia dhóibh féin le n-ithe. 37Agus dubhairt fé leó ’ghá bhfreagradh: Tugaidh-se rud le n-ithe dhóibh. Agus dubhradar leis: An amhlaidh a dh’imtheochaimíd agus cheannóchaimíd ar dhá chéad pingin arán le tabhairt dóibh le n-ithe? 38Agus dubhairt sé leó: An ’mó bulóg aráin agaibh? Imthighidh agus féachaidh. Agus nuair a bhí ’fhios acu dubhradar: Chúig bhulóga, agus dhá iasg. 39Agus d’órduigh sé dhóibh na daoine go léir do chur ’n-a suidhe ’n-a gcuideachtanaibh ar an bhféar glas. 40Agus do shuidheadar ’n-a mbuidhnibh, ’n-a gcéadaibh agus ’n-a gcaogadaibh. 41Agus thóg sé na chúig bhulóga agus au dá iasg, agus d’fhéach sé suas chun na bhflathas, agus bheannuigh sé iad agus bhris, agus thug d’á dheisgiobulaibh le cur os cómhair na ndaoine; agus do rainn sé an dá iasg ortha go léir. 42Agus d’itheadar go léir, agus bhí a ndóithin acu. 43Agus thógadar an fuighleach, dhá chiseán déag de bhia bhriste, agus des na h-iasgaibh. 44Agus bhí chúig mhíle fear sa méid daoine do chaith an bia.
45Agus láithreach chuir sé fhiachaibh ar a dheisgiobulaibh dul ar bórd na luinge chun go raighdís treasna go Betsaida, agus go gcuirfeadh sé féin na daoine chun siubhail. 46Agus nuair a chuir sé chun siubhail iad, d’imthigh sé an cnoc suas chun úrnuighthe dhéanamh.
47Agus nuair a bhí an déanaíghe ann bhí an long i lár na faraige, agus bhí sé féin i n’aonar ar an dtalamh tirim. 48#Mait. 14:24,25.Agus chonaic sé iad ar a ndícheall ag rámhaídheacht, mar bhí an ghaoth ’n-a gcoinnibh; agus tímpal na ceathramhadh faire de’n oidhche tháinig sé chúchá agus é ag siubhal ar an bhfaraige, agus mheas sé gabháil thórsa. 49Agus nuair a chonacadar-san é ag siubhal ar an bhfaraige cheapadar gur samhail a bhí ann agus do liúghadar. 50Óir do chonacadar go léir é, agus bhí sgannra ortha. Agus do labhair sé leó láithreach agus dubhairt: Glacaidh misneach; mise atá ann; ná bíodh eagal oraibh. 51Agus tháinig sé chúcha ar bórd na luinge agus do stad an ghaoth. Agus do mhéaduigh ar a n-uathbhás i n-a n-aigne. 52Óir níor thuigeadar i dtaobh na mbulóg, mar bhí a gcroidhe dúr.
53Agus nuair a bhí tagaithe treasna acu bhíodar i dtír Ghenesaret, agus thánadar chun puirt. 54Agus nuair a thánadar as an luing d’aithnigheadar láithreach é, 55Agus chrom daoine ar ruith tríd an dtír sin go léir agus ar dhaoine breóite bhreith leó mór-thímpal, an thochtaibh, chun na h-áite i n-a n-airighdís é bheith; 56Agus pé ball ’n-a dtéigheadh sé isteach, i sráidibh nó i mbailtibh nó i gcathrachaibh, chuiridís na daoine breóite ar na sráidibh, agus bhídís ’ghá iarraidh air leigint dóibh fiú baint le fabhra a bhrait; agus an méid a bhaineadh leis do leighistí iad.

Currently Selected:

Marcus 6: POL

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in