YouVersion Logo
Search Icon

Gníomhartha 10

10
1Do bhí fear darbh ainm Cornélius i gCéasaria, ceanntúir ar an mbuidhin Iodáiligh, mar tugadh uirthi, fear cráibhtheach, 2go raibh eagla Dé air féin agus ar a theaghlach go léir, fear do‐bheireadh a lán déirce do na daoinibh, agus do bhíodh de ghnáth ag guidhe Dé. 3Do taidhbhrigheadh dhó go soiléir, tuairim na naomhadh h‐uaire de’n lá, aingeal Dé ag teacht chuige isteach, g‐á rádh leis, A Chornéliuis. 4Agus adubhairt seisean, ag féachaint go géar air, agus eagla air, Créad é sin, a Thighearna? Agus adubhairt sé leis, Atá t’urnaighthe agus do chuid déirce imthighthe suas mar chuimhneachán i láthair Dé. 5Agus anois cuir fir go h‐Ioppé agus cuir fios ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar; 6atá sé ar lóistín i dtigh Shíomóin, fear leasuighthe leathair, go bhfuil a theach i n‐aice na fairrge. 7Agus nuair d’imthigh an t‐aingeal do bhí ag cainnt leis, do ghlaodh sé chuige beirt d’á sheirbhíseachaibh, agus saighdiúir cráibhtheach díobh‐san do bhíodh i gcómhnaidhe ag freastal air; 8agus tar a éis dó gach uile nidh d’innsint dóibh, do chuir sé go h‐Ioppé iad.
9Agus lá ar n‐a bhárach, ag siubhal dóibh‐sean, agus iad ag tarraing ar an gcathair, do chuaidh Peadar suas ar bhárr an tighe, tuairim na sémhadh h‐uaire, chum urnaighe do dhéanamh: 10agus tháinig ocras air, agus do bhí sé ag tnúth le biadh: acht an fhaid a bhíodar g‐á ullmhú, tháinig táimhnéall air: 11agus do chonnaic sé na flaithis ar fhoscailt, agus soitheach, mar bhéadh seol mór, ag tuirling, d’á leigin anuas, agus é ceangailte ar na ceithre cúinnibh, ar an talamh: 12agus do bhí ann beithidhigh ceithre gcos, agus piastaí agus éanlaithe an aeir de gach cineál. 13Agus do labhair an guth leis, Éirigh, a Pheadair; marbh agus ith. 14Acht adubhairt Peadar, Ní dhéanfainn sin, a Thighearna; óir éinnidh coitcheann ná neamh‐ghlan níor itheas riamh. 15Agus do labhair an guth arís leis, an dara h‐uair, An nidh do ghlan Dia, ná déan‐sa neamh‐ghlan é. 16Mar sin adubhradh trí h‐uaire as a chéile, agus ar ball do tógadh an soitheach ar ais isteach ins na flaitheasaibh.
17Agus a fhaid do bhí Peadar ag iarraidh a dhéanamh amach créad ba chiall do’n aisling do chonnaic sé, féach, na fir do chuir Cornélius uaidh, tar a éis dóibh a fhiafruighe cá raibh teach Shíomóin, do bhíodar ’n‐a seasamh ag an doras, 18agus do ghlaodhadar agus d’fhiafruigheadar an raibh Síomón, ar a dtugtar Peadar, ar lóistín annsin. 19Agus ag machtnamh do Pheadar ar an aisling, adubhairt an Spiorad leis, Féach, atá triúr fear ’gad’ lorg. 20Acht éirigh, agus téigh síos, agus imthigh i n‐éinfheacht leo, gan amhras intinne bheith ort: óir is mise do chuir chugat iad. 21Agus do chuaidh Peadar síos chum na bhfear, agus adubhairt, Féach, is mise an té atá sibh d’iarraidh: cia an fáth go dtáinig sibh? 22Agus adubhradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráibhtheach go bhfuil eagla Dé air, agus go bhfuil árd‐mheas ag an gcineadh Iúdach uile air, fuair sé fógradh ó aingeal naomhtha fios do chur ort‐sa teacht chum a thighe féin, agus éisteacht le briathraibh uait. 23Annsin do ghlaodh sé isteach iad agus thug sé aoigheacht dóibh.
Agus d’éirigh sé lá ar n‐a bhárach agus d’imthigh sé amach i n‐éinfheacht leo, agus cuid de na bráithribh ó Ioppé ’n‐a gcuideachtain. 24Agus an lá ’n‐a dhiaidh sin do chuadar isteach i gCéasaria. Agus do bhí Cornélius ag feitheamh leo, agus a ghaolta agus a cháirde cruinnighthe le chéile aige. 25Agus thárla, ag dul isteach do Pheadar, go ndeachaidh Cornélius chuige, agus do shléacht sé dhó ag a chosaibh, ag déanamh onóra dó. 26Acht do thóg Peadar suas é, g‐á rádh, Éirigh id’ sheasamh; duine is eadh mé féin, leis. 27Agus do chuaidh sé isteach agus é ag cainnt leis, agus fuair sé mórán daoine cruinn le chéile ann: 28agus adubhairt sé leo, Atá a fhios agaibh féin nach dlisteanach do’n Iúdach baint do bheith aige le duine d’aon chineadh eile, ná caidreamh do dhéanamh leis; acht thug Dia le tuigsin dom gan coitcheann ná neamh‐ghlan do thabhairt ar aon duine: 29uime sin, nuair do cuireadh fios orm, tháinig mé gan cur ’n‐a choinnibh. Fiafruighim, d’á bhrigh sin, cad chuige ar cuireabhar fios orm. 30Agus adubhairt Cornélius, Ceithre lá ó shoin, go dtí an uair seo, do bhíos ag guidhe ar an naomhadh h‐uair im’ thigh: agus féach, do bhí fear ’n‐a sheasamh im’ fhiadhnaise agus éadach geal air, 31agus adubhairt sé, A Chornéliuis, do h‐éisteadh led’ ghuidhe, agus do cuimhnigheadh ar do chuid déirce i láthair Dé. 32Cuir fios go h‐Ioppé, d’á bhrigh sin, agus iarr ar Shíomón, ar a dtugtar Peadar, teacht chugat; cómhnuigheann sé i dtigh Shíomóin fear leasuighthe leathair, cois na fairrge. 33Ar an adhbhar sin do chuireas fios ort‐sa; agus is maith do‐rinnis agus teacht. Sin é an fáth go bhfuilmíd uile láithreach annso i bhfiadhnaise Dé, chum bheith ag éisteacht le gach ar órduigh Dia dhuit a rádh. 34Agus d’fhoscail Peadar a bhéal, agus adubhairt,
Go fírinneach is léir dhom nach bhféachann Dia do dhuine seachas a chéile: 35acht go mbíonn glacadh aige le gach cineadh go mbíonn a eagla air, agus chleachtuigheas an ceart. 36An briathar do chuir sé chum clainne Israel, ag fógairt deagh‐scéal síothchána tré Íosa Críost (is é Tighearna ar chách é) — 37is eol daoibh féin an briathar sin, do craobhscaoileadh ar fud Iúdaea ar fad, ag tosnú ó’n nGalilé, tar éis an bhaiste d’fhógair Eoin; 38cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasardha leis an Spiorad Naomh agus le cumhacht: gur ghluais sé roimhe ag déanamh deagh‐ghníomh, agus ag leigheas gach duine do bhí fá smacht an diabhail; óir do bhí Dia leis. 39Agus ataimíd‐ne ’n‐ár bhfiadhnaidhthibh do’n méid do‐rinne sé i gcrích na nIúdach, agus i nIarúsalem; gur cuireadh chum báis é, d’á chrochadh ar chrann. 40Do thóg Dia ó’n mbás é an treas lá, agus thug sé le feicsin é, ní do’n phobal go léir, 41acht d’fhiadhnaidhthibh do bhí toghtha ag Dia roimh ré, dúinne, do bhí ag ithe agus ag ól ’n‐a fhochair tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh. 42Agus d’órduigh sé dhúinn labhairt leis na daoinibh agus a dhearbhú gur ab eisean an té atá ceaptha ag Dia chum bheith ’n‐a bhreitheamh ar bheodhaibh agus ar mharbhaibh. 43Is dó‐san do‐bheir na fáidhe go léir fiadhnaise, gur ’n‐a ainm‐sean gach éinneach chreideas ann do‐gheobhaidh sé maitheamhnas na bpeacadh.
44Le linn Peadar bheith ag labhairt na mbriathar sin, do thuirling an Spiorad Naomh ortha‐san do bhí ag éisteacht leis an mbriathar. 45Agus lucht an timcheall‐ghearrtha do chreid, an méid díobh tháinig i n‐éinfheacht le Peadar, do bhí iongnadh mór ortha de bhrigh gur doirteadh tíodhlacadh an Spioraid Naomh ar an Cineadhachaibh féin. 46Óir d’airigheadar iad ag labhairt as teangthachaibh, agus ag adhmholadh Dé. Annsin adubhairt Peadar, 47An féidir le duine ar bith uisce do dhiúltadh dhúinn, gan leigin dúinn na daoine seo do bhaisteadh, iad so do ghlac an Spiorad Naomh chómh maith linne? 48Agus d’órduigh sé iad do bhaisteadh i n‐ainm Íosa Críost. Annsin d’impidheadar air fanamhain aca roinnt laethe.

Currently Selected:

Gníomhartha 10: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Gníomhartha 10