YouVersion Logo
Search Icon

Eoin 21

21
1I n‐a dhiaidh sin do thaisbeán Íosa é féin do na deisceablaibh ag Muir Thibérias: agus mar seo do Thaisbeán. 2Is amhlaidh do bhí i n‐éinfheacht le chéile Síomón Peadar, agus Tomás, d’á ngoirthear Didimus, agus Natanael as Cána na Galilé, agus clann‐mhac Shebedé, agus beirt eile d’á dheisceablaibh. 3Adubhairt Peadar leo, Atáim‐se ag dul ag iascaireact. Adubhradar‐san leis, Rachaimíd i n‐éinfheacht leat. D’imthigheadar, agus chuadar isteach san mbád: agus níor ghabhadar éinnidh an oidhche sin. 4Acht le breacadh an lae, do bhí Íosa ’n‐a sheasamh ar an tráigh: acht ní raibh a fhios ag na deisceablaibh gurbh é Íosa é. 5Agus adubhairt Íosa leo, A chlann, an bhfuil aon rud le n’ithe agaibh? D’fhreagradar dhó, Ní fhuil. 6Agus adubhairt sé leo, Cuiridh an líon amach ar an taobh dheas de’n bhád, agus do‐gheobhaidh sibh. Do chuireadar, mar sin, agus annsin níor fhéadadar a tharraing, do bhí an oiread sin éisc ans. 7An deisceabal úd do b’ionmhain le h‐Íosa, adubhairt sé le Peadar, Is é an Tighearna atá ann. Nuair do‐chuala Peadar gurbh é an Tighearna é, do chuir sé a chóta air, (óir bhí sé nocht), agus do chaith sé é féin isteach san bhfairrge. 8Acht tháinig na deisceabail eile san mbád beag (óir ní rabhadar i bhfad ó’n tír, acht tuairim cúpla chéad bannlámh), ag tarraing an lín éisc. 9Agus nuair thángadar i dtír, do chonnacadar teine fíodhghuail, agus iasc uirthi, agus arán. 10Adubhairt Íosa leo, Tabhraidh libh cuid de’n iasc do ghabhabhar anois. 11Agus do chuaidh Síomón Peadar san mbád, agus tharraing sé an líon i dtír, agus é lán d’iascaibh móra, céad agus caogadh agus a trí; agus bíodh go raibh an oiread sin díobh ann níor sracadh an líon. 12Adubhairt Íosa leo, Tagaidh i leith agus ithidh bhúr gcéad‐lón. Agus níor lámh aoinneach de na deisceablaibh a fhiafruighe dhe, Cia thú? agus a fhios aca gurbh é an Tighearna é. 13Tháinig Íosa, agus do ghlac sé chuige an t‐arán, agus thug sé dhóibh é, agus an t‐iasc mar an gcéadna.
14Ba é sin an tríomhadh h‐uair do nochtadh Íosa do na deisceablaibh, tar a éis dó aiséirghe ó na marbhaibh.
15Annsin, nuair do bhí ithte aca, adubhairt Íosa le Peadar, A Shíomóin Eoin, an annsa leat‐sa ’ná leo so mé? Adubhairt seisean leis, Is eadh, a Thighearna is eol duit gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Beathuigh m’uain. 16Adubhairt sé arís leis an dara h‐uair, A Shíomóin Eoin, An bhfuil grádh agat dom? Adubhairt seisean leis, Atá, a Thighearna: atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt sé leis, Bí id’ aodhaire dom’ chaoiribh. 17Adubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, A Shíomóin Eoin, An ionmhain leat mé? Do ghoill sé ar Pheadar go ndubhairt sé leis an tríomhadh h‐uair, An ionmhain leat mé? Agus adubhairt sé leis, A Thighearna, is eol duit an uile nidh; atá a fhios agat gur ab ionmhain liom thú. Adubhairt Íosa leis, Beathuigh mo chaoirigh. 18Go fírinneach, adeirim leat, Nuair do bhí tú óg, do chuirtheá do chrios umat, agus do shiubhalthá id’ rogha áite; acht nuair bhéas tú aosta, sínfidh tú amach do lámha, agus cuirfidh duine eile an crios umat, agus tógfaidh sé thú i n‐áit nach áil leat. 19Agus adubhairt sé sin g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis dogheobhadh sé chum glóire Dé. Agus ar n‐a rádh sin dó, adubhairt sé leis, Lean mise. 20Agus ar iompodh do Pheadar do chonnaic sé an deisceabal ba ionmhain le h‐Íosa ag leanamhain; an té do shín ’n‐a ucht ag an suipéar, an té adubhairt, A Thighearna, cia h‐é bhraithfeas thú? 21Agus nuair chonnaic Peadar é adubhairt sé le h‐Íosa, A Thighearna, cad mar gheall ar an bhfear so? 22Adubhairt Íosa leis, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se? 23Uime sin do chuaidh an scéal so amach i measc na mbráithreach nach raibh bás i ndán do’n deisceabal sin: acht cheana, ní dhubhairt Íosa leis nach raibh bás i ndán dó: acht, Má’s toil liom é d’fhanamhain go dtiocfad, caidé sin duit‐se?
24Is é an deisceabal so do‐bheir fiadhnaise i dtaobh na neithe seo, agus do scríobh na neithe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a fhiadhnaise.
25Agus is iomdha nidh eile do‐rinne Íosa, acht dá scríobhthaidhe síos iad go h‐iomlán, measaim nach mbéadh slighe san domhan féin do na leabhraibh do scríobhfaidhe.

Currently Selected:

Eoin 21: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in