YouVersion Logo
Search Icon

Lúcás 14

14
1Agus tharla, nuair do chuaidh sé isteach i dtigh duine d’uachtaránaibh na bhFairisíneach chum biadh do chaitheamh, lá na sabóide, go rabhadar ag faire air. 2Agus féach, do bhí duine ’n‐a láthair agus an íorpais air. 3Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leis an lucht dlighe agus leis na Fairisíneachaibh, An dleaghthach leigheas do dhéanamh, lá na sabóide? 4Acht d’fhanadar‐san ’n‐a dtost. Agus do rug sé air, agus do leigheas sé é, agus do chuir sé ar a bhealach é. 5Agus adubhairt sé leo, Cia aca dhíbh‐se, go dtuitfeadh asal nó bó leis isteach i ndíg, lá na sabóide, agus nach dtógfadh aníos é? 6Agus níorbh fhéidir leo freagra do thabhairt air sin.
7Agus do labhair sé as samhlaoid leo‐san fuair cuireadh, nuair thug sé fá deara iad ag toghadh na suidheachán do b’fhearr; agus adubhairt sé leo, 8Nuair do‐gheobhaidh tú cuireadh chum bainise, ná suidh sa suidheachán uachtarach; ar eagla go mbéadh duine is onóraighe ’ná thú fuair cuireadh, 9agus go dtiocfadh an té thug cuireadh dhuit‐se, agus dó‐san, agus go n‐abróchadh sé leat, Tabhair an áit seo do’n duine so; agus annsin go gcaithfeá dul san áit is ísle, agus náire ort. 10Acht nuair do‐gheobhaidh tú cuireadh, téigh agus suidh san áit is ísle; ar mhodh, nuair thiocfas an té thug an cuireadh dhuit, go n‐abróchaidh sé leat, A chara, téigh níos sia suas: annsin béidh onóir le fágháil agat i bhfiadhnaise a a mbéidh ’n‐a suidhe chum bidh i n‐éinfheacht leat. 11Óir an té árduigheas é féin, ísleochar é; agus an té ísligheas é féin, árdóchar é.
12Agus adubhairt sé leis an té thug an cuireadh dhó, Nuair do‐bhéarfair dínnéar nó séire, ná glaodh ar do cháirdibh, ná ar do bhráithribh, ná ar do ghaoltaibh, ná ar do chómharsanaibh saidhbhre; ar eagla go dtabharfaidís‐sean cuireadh dhuit‐se ’n‐a dhiaidh sin, agus go ndíolfaidhe an cómhar leat. 13Acht nuair do‐bheir tusa fleadh, glaodh ar na bochtaibh, agus ar na mairtíneachaibh, agus ar na bacachaibh, agus ar na dallaibh: 14agus béidh beannacht ort; de bhrigh nach bhfuil ar chumas dóibh cúiteamh do dhéanamh leat: óir cúiteochar leat i n‐aiséirghe na bhfíréan.
15Agus nuair do‐chuala duine d’á raibh ’n‐a suidhe chum bidh an méid sin, adubhairt sé leis, Nach aoibhinn do’n té íosfas arán i ríoghacht Dé. 16Acht adubhairt seisean leis, Thug duine féasta mór; agus thug sé cuireadh do mhórán; 17agus do chuir sé amach a sheirbhíseach ar uair an fhéasta chum a rádh leo‐san fuair an cuireadh, Bidhidh ag teacht; mar tá gach éinnidh ullamh anois. 18Agus do thosnuigheadar go léir d’aon ghuth, ar a leithscéal do ghabháil. Adubhairt an chéad duine leis, Atá giota talmhan ceannuighthe agam agus ní mór dom dul agus é d’fheicsin: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil. 19Agus adubhairt duine eile, Do cheannuigheas cúig cuingir damh, agus atáim ag dul g‐á dtriail: iarraim ort mo leithscéal do ghabháil. 20Agus adubhairt duine eile, Do phósas bean, agus ní féidir liom teacht. 21Agus tháinig an seirbhíseach, agus d’innis sé na neithe sin d’á thighearna. Annsin tháinig fearg ar fhear an tighe, agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseach, Imthigh amach go mear ins na sráidibh agus i gcúlánaibh na cathrach, agus tabhair leat isteach annso na bochtáin, agus na máirtínigh, agus na daill, agus na bacaigh. 22Agus adubhairt an seirbhíseach, A thighearna, atá gach nidh déanta de réir mar d’órduighis, agus atá slighe fágtha fós. 23Agus adubhairt an tighearna leis an seirbhíseach, Imthigh amach fá na bóithribh agus fá na cladhachaibh, agus cuir d’fhiachaibh ortha teacht isteach, chum go líonfar mo theach. 24Oir adeirim libh, nach mblaisfidh duine dhíobh siúd fuair cuireadh blúire dem’ fhéasta.
25Agus do bhí sluaighte daoine ag dul i n‐éinfheacht leis: agus do chas sé, agus adubhairt sé leo, 26Má atá aon duine ag teacht chugam‐sa, agus gan fuath aige d’á athair, agus d’á mháthair, agus d’á mhnaoi, agus d’á chlainn, agus d’á dhearbhráithribh, agus d’á dheirbhsheathrachaibh, agus fós d’á anam féin, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam. 27Cibé duine nach n‐iomcharann a chros féin, agus nach leanann mise, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam. 28Óir cia aca dhíbh‐se gur mian leis túr do thógáil, nach suidheann síos ar dtús chum an costas do mheas, d’fhéachain an bhfuil a dhóthain aige le críoch do chur air? 29Ar eagla, thar a éis dó an bun do chur, agus gan ar chumas dó a chríochnú, go dtosnóchaidh gach duine fhéachas air ar bheith ag magadh faoi, 30g‐á fádh, Do thosnuigh an duine seo ar thógáil, agus do chlis sé air críochnú. 31Nó cia h‐é an rí do bhéadh ag dul chum cogaidh le rí eile, nach suidhfidh síos ar dtús ag déanamh machtnaimh d’fhéachain an bhféadann sé le deich míle aghaidh do thabhairt ar an té atá ag teacht d’á ionnsaighe le fiche míle? 32Muna bhféadann, chómh fhad agus atá an fear eile i bhfadh uaidh go fóill, cuireann sé teachtairí uaidh ag éileamh síothchána. 33Ar an gcuma chéadna, gach duine agaibh‐se nach ndiúltann do gach a bhfuil aige, ní féidir dhó bheith ’n‐a dheisceabal agam‐sa. 34Is maith an rud salann: acht má chailleann an salann féin a bhlas, cad leis go ndéanfar deagh‐bhlasta é? 35Ní fhóghnann sé do’n talamh ná do’n charn aoiligh: caithtear amach é. An té ag a bhfuil cluasa chum éisteachta, éisteadh sé.

Currently Selected:

Lúcás 14: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Lúcás 14