Lúcás 21
21
1Agus ag féachain dó, do chonnaic sé na daoine saidhbhre agus iad ag cur a dtabhastas isteach sa gciste. 2Agus do chonnaic sé baintreabhach bhocht ag cur dhá chianóg isteach ann. 3Agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Is mó do chuir an bhaintreabhach bhocht so isteach ’ná iad‐san uile: 4óir is d’á n‐acfuinn do chuireadar‐san uile rud isteach i gcionn na dtabhartas: acht is d’á ganntanas do chuir sise isteach a raibh san tsaoghal aici.
5Agus nuair do bhí cuid aca ag labhairt fá’n teampall, cionnas mar bhí sé maisighthe le clochaibh áilne agus le tíodhlaicthibh, 6adubhairt sé, Iad so do‐chí sibh, féach, atá an t‐am ag teacht, agus ní fágfar cloch ar muin cloiche dhíobh nach leagfar. 7Agus d’fhiafruigheadar de, g‐á rádh, A Mháighistir, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin? agus cad é an cómhartha bhéas ann go bhfuil na neithe sin ag teacht chum críche? 8Agus adubhairt sé, Tabhraidh aire nach meallfar sibh: óir tiocfaidh mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidthe linn: ná leanaidh iadh‐san. 9Agus nuair do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ar chaismeartaibh, ná bíodh eagla oraibh: óir caithfidh na neithe sin teacht ar dtús; acht ní thig an deireadh de láthair.
10Annsin adubhairt sé leo, Éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: 11agus béidh creatha móra talmhan, agus gortaí agus pláigheanna ’n‐a lán áiteann; agus béidh neithe uathbhásacha ann, agus cómharthaí móra ó’n spéir. 12Acht roimh theacht do na neithibh sin uile, do‐gheobaid greim láimhe oraibh, agus crádhfaid sibh, ’g‐bhúr mbreith i láthair na sionagóg, agus chum na bpríosún, ’g‐bhúr dtarraing i láthair ríogh agus i láthair uachtarán ar son m’anma‐sa. 13Béidh sin ’n‐a fhiadhnaise dhaoibh. 14Socruighidh, d’á bhrigh sin, ’n‐bhúr gcroidheachaibh, gan bheith ag machtnamh roimh ré ar cionnas fhreagróchaidh sibh: 15óir do‐bhéarfad‐sa briathra béil agus eagna dhaoibh nach bhféadfaidh bhúr náimhde go léir a séanadh ná cur ’n‐a gcoinnibh. 16Acht braithfidh bhúr n‐aithreacha agus bhúr máithreacha féin, agus bhúr ndearbhráithreacha, agus bhúr ngaolta, agus bhúr gcáirde sibh; agus cuirfidh siad cuid agaibh chum báis. 17Agus béidh fuath ag gach uile dhuine dhaoibh ar son m’anma. 18Agus ní rachaidh ribe de ghruaig bhúr gcinn amugha. 19Le neart foighde slánóchaidh sibh bhúr n‐anmanna.
20Acht nuair do‐chífidh sibh Iarúsalem agus na sluaighte suidhte i bhfoslongphort ar gach taobh ’n‐a timcheall, bíodh a fhios agaibh an uair sin go bhfuil a bascadh i bhfogas. 21Annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc; agus na daoine atá ’n‐a lár, imthighdís amach; agus na daoine atá amuigh sa tír ná téighidís isteach innti. 22Óir is laetheanta díoghaltais na laetheanta sin, chum go gcóimhlíonfar gach a bhfuil scríobhtha. 23Is mairg dóibh‐sean atá torrach, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch, an t‐am sin! óir béidh cruadhtan an‐mhór ar an dúthaigh, agus béidh fearg chum na ndaoine seo. 24Agus tuitfidh siad le faobhar claidhimh, agus béarfar i mbraighdeanas iad ar fud na gcineadhach go léir: agus treascarfar Iarúsalem fá chosaibh na bPágánach, go dtí go gcóimhlíonfar ré na bPágánach. 25Agus béidh cómharthaí i ngréin, agus i ré, agus i réaltanaibh; agus béidh anró ar talamh i measc na gcineadhach, agus mearbhall ortha ó fhothram na fairrge agus na dtonn; 26daoine ag dul i laige le h‐eagla, agus le h‐imnidhe mar gheall ar a bhfuil i ndán do’n tsaoghal: óir corróchar cumhachta neimhe. 27Agus annsin do‐chífid Mac an Duine ag teacht i scamall le cumhacht agus le glóir mhóir. 28Agus nuair tosnóchar ar na neithibh sin, féachaidh i n‐áirde, agus tógaidh bhúr gcinn; óir atá bhúr bhfuascailt ag tarraing i ngar daoibh.
29Agus do labhair sé samhlaoid leo: Féachaidh an crann fige, agus na crainn go léir: 30nuair chuireann siad amach a nduilleabhar, do‐chí sibh é agus is eol daoibh go bhfuil an samhradh i bhfogas. 31Mar sin daoibh‐se, nuair do‐chí sibh na neithe sin ag teacht chum críche, bíodh a fhios agaibh go bhfuil ríoghacht Dé i bhfogas. 32Adeirim libh go fírinneach, Ní rachaidh an díne seo ar ceal, nó go gcóimhlíontar na neithe sin go léir. 33Rachaidh neamh agus talamh ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal.
34Acht tabhraidh aire dhaoibh féin, ar eagla go mbéidh dúire croidhe oraibh le craos, agus le meisce, agus le cúramaibh an tsaoghail seo, agus go otiocfaidh an lá sin go h‐obann oraibh ar nós gaiste: 35óir is ar an gcuma sin thiocfas sé ar na daoinibh go léir chómhnuigheas ar uachtar an domhain. 36Acht bidhidh ag faire i gcómhnaidhe, agus ag guidhe, go mbéidh sé de neart agaibh éalódh ó na neithibh sin uile atá le teacht, agus seasamh i láthair Mhic an Duine.
37Agus do bhíodh sé ag teagasc gach lá sa teampall; agus d’imthigheadh sé amach gach oidhche agus d’fhanadh sé ar an gcnoc d’á ngoirthear cnoc na nOla‐chrann. 38Agus do thigeadh na daoine uile go moch ar maidin chuige sa teampall, chum éisteachta leis.
Currently Selected:
Lúcás 21: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932