Lúcás 22
22
1Agus do bhí féile an aráin gan laibhín, d’á ngoirthear an Cháisc, ag teacht i n‐aithghiorracht. 2Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ag iarraidh cionnas chuirfidís chum báis é; óir do bhí eagla na ndaoine ortha.
3Agus do chuaidh Sátan isteach i nIúdás Iscariót, duine de’n dáréag. 4Agus d’imthigh sé, agus do ghlac sé cómhairle le h‐uachtaránaibh na sagart agus leis na ceann‐phortaibh, cionnas bhéarfadh sé ar láimh dóibh é. 5Agus do bhí áthas ortha, agus do‐rinneadar margadh leis go dtiubhraidís airgead dó. 6Agus do réidhtigh sé leo, agus do bhí sé ag iarraidh faille ar a thabhairt suas dóibh nuair nach mbéadh na daoine ann.
7Agus tháinig lá an aráin gan laibhín, nuair ba cheart uan na Cásca do mharbhadh. 8Agus do chuir sé uaidh Peadar agus Eoin, g‐á rádh, Téighidh agus ullmhuighidh an Cháisc dúinn, go n‐ithimíd é. 9Agus adubhradar leis, Cia an áit i n‐ar toil leat go n‐ullmhóchaimís é? 10Agus adubhairt sé leo, Féach, ar dhul isteach sa gcathair dhaoibh, casfar oraibh fear agus soitheach uisce ar iomchar aige; leanaidh eisean isteach sa tigh i n‐a bhfuil sé ag dul. 11Agus adéarfaidh sibh le fear an tighe, Adeir an Máighistir leat, Cá bhfuil an seomra aoigheachta, i n‐a n‐íosfad an Cháisc i gcuibhreann mo dheisceabal? 12Agus taisbeánfaidh sé dhaoibh seomra mór uachtarach agus é i gcóir; ullmhuighidh annsin. 13Agus do chuadar, agus fuaradar mar adubhairt sé leo: agus d’ullmhuigheadar an cháisc.
14Agus nuair tháinig an t‐am, do shuidh sé síos, agus na h‐abstail ’n‐a fhochair. 15Agus adubhairt sé leo, Ba mhór an fonn do bhí orm an cháisc seo d’ithe i n‐bhúr bhfochair sara bhfulaingeochad: 16óir adeirim libh, Ní íosfad é, nó go gcóimhlíontar é i ríoghacht Dé. 17Agus do thóg sé cupán, agus thug sé buidheachas, agus adubhairt sé, Glacaidh, agus roinnidh é seo eadraibh: 18óir adeirim libh, Ní ólfad feasta de thoradh na fíneamhna, nó go dtigidh ríoghacht Dé. 19Agus do thóg sé arán, agus nuair thug sé buidheachas, do bhris sé é, agus thug sé dhóibh é, g‐á rádh, Is é seo mo chorp do‐bheirthear ar bhúr son‐sa: déanaidh so mar chuimhneamh orm‐sa. 20Agus an cupán, mar an gcéadna, tar éis suipéir, g‐á rádh, Is é an cupán so an tiomna nua im’ fhuil‐se doirtear amach ar bhúr son‐sa. 21Acht féach, atá lámh an té atá ’gam’ bhraith ar an mbórd im’ fhochair. 22Óir atá Mac an Duine ag imtheacht go cinnte, fá mar atá órduighthe: acht is mairg do’n duine sin tré n‐a mbraithtear é! 23Agus do thosnuigheadar ar a fhiafraighe eatortha féin cia aca dhíobh do bhéadh ar tí an nidh sin do bhéanamh.
24Agus d’éirigh diospóireacht eadortha, cia aca dhíobh do measfaidhe ba mhó. 25Agus adubhairt sé leo, Gabhann righthe na gCineadhach forlámhas ortha; agus goirthear daoine flaitheamhla dhíobh‐san go bhfuil cumhacht aca ortha. 26Acht ní mar sin daoibh‐se: acht an té is mó eadraibh, bíodh sé mar an té is óige; agus an té is áirde oraibh mar an té do‐ghní friotháileamh. 27Óir cia aca is mó, an té atá ’n‐a shuidhe chum bidh, nó an té do‐ghní friotháileamh? Nach é an té atá ’n‐a shuidhe? acht atáim‐se i n‐bhúr measc mar dhuine do‐ghní friotháileamh. 28Acht is sibh‐se d’fhan im’ fhochair im’ chathuighthibh; 29agus cuirim ríoghacht i n‐áirithe dhaoibh, fá mar chuir m’Athair i n‐áirithe dhamh‐sa, 30chum go n‐íosfaidh agus go n‐ólfaidh sibh ar mo bhórd‐sa im’ ríoghacht; agus go mbéidh sibh ’n‐bhúr suidhe ar righ‐chathaoireachaibh ag breith breithe ar dhá threibh déag Israel. 31A Shíomóin, a Shíomóin, féach, fuair Sátan cead sibh‐se do chriathairt mar chruithneacht: 32acht do‐rinneas‐sa guidhe ar do shon‐sa, chum nach gcaillfeadh ar do chreideamh: agus nuair iompóchair neartuigh do bhráithre. 33Agus adubhairt seisean leis, A Thighearna, atáim ullamh ar dhul leat‐sa chum príosúin agus chum báis. 34Agus adubhairt seisean, Adeirim leat, a Pheadair, nach nglaodhfaidh an coileach indiu, go séanfair trí h‐uaire aon aithne do bheith agat orm.
35Agus adubhairt sé leo, Nuair do chuireas uaim sibh gan sparán, gan mála, gan bróga, an raibh éinnidh i n‐easnamh oraibh? Agus adubhradar, Ní raibh. 36Agus adubhairt sé leo, Acht anois, an té ag a bhfuil sparán beireadh sé leis é, agus mála, leis: agus an té nach bhfuil claidheamh aige, díoladh sé a bhrat, agus ceannuigheadh sé ceann. 37Óir adeirim libh, go gcaithfear an nidh seo atá scríobhtha do cóimhlíonadh ionnam‐sa, Agus do h‐áirmheadh é le cuirptheachaibh: óir an méid bhaineas liom atá sé d’á chóimhlíonadh. 38Agus adubhradar, A Thighearna, féach, atá dhá chlaidheamh annso. Agus adubhairt sé leo, Is leor sin.
39Agus tháinig sé amach, agus do chuaidh sé, mar ba ghnáth leis, go cnoc na nOla‐chrann; agus do lean na deisceabail ’n‐a dhiaidh. 40Agus nuair tháinig sé chum na h‐áite, adubhairt sé leo, Déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh. 41Agus d’imthigh sé uatha timcheall faid urchair cloiche; agus do‐chuaidh sé ar a ghlúinibh agus do‐rinne sé guidhe, 42g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar. 43Agus do taidhbhrigheadh dhó aingeal ó neamh, ag neartú leis. 44Agus ar mbeith dhó i bpian‐bhroid chráidhte, ba dhéine do ghuidh sé: agus d’éirigh a chuid allais mar bhéadh braoin fola ag tuitim chum talmhan. 45Agus nuair d’éirigh sé ó’n nguidhe, tháinig sé chum na ndeisceabal, agus fuair sé ’n‐a gcodladh iad le brón, agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith ’n‐bhúr gcodladh? 46éirighidh agus déanaidh urnaighe chum nach rachaidh sibh i gcathuighthibh.
47Le linn cainnte dhó, féach, sluagh, agus an té ar a dtugadh Iúdás, duine de’n dáréag, do chuaidh seisean rómpa; agus do dhruid sé i n‐aice le h‐Íosa chum póg do thabhairt dó. 48Acht adubhairt Íosa leis, A Iúdáis, an le póig atá tú ag braith Mhic an Duine? 49Agus nuair do chonnaic siad‐san do bhí ’n‐a chuideachtain créad do bhí ag teacht, adubhradar, A Thighearna, An mbuailfimíd leis an gclaidheamh? 50Agus do bhuail duine aca giolla an árd‐shagairt, agus do bhain sé an leath‐cluas dheas de. 51Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt sé, Leigidh liom an méid seo. Agus do chuir sé a lámh ar an gcluais, agus do leigheas sé í. 52Agus adubhairt Íosa leo‐san tháinig chuige, uachraráin na sagart, agus maoir an teampaill, agus na seanóirí, An chum bitheamhnach d’ionnsaighe, tháinig sibh amach, le claimhtibh agus le bataibh? 53Nuair do bhíos gach aon lá ’n‐bhúr measc sa teampall, níor shíneabhar lámh im’ choinnibh: acht is libh‐se an uain seo, agus cumhacht an dorchadais.
54Agus do ghabhadar é, agus rugadar leo é, agus thugadar isteach i dtigh an árd‐shagairt é. Agus do lean Peadar ’n‐a ndiaidh i bhfad siar. 55Agus nuair do lasadar teine i lár na cúirte, agus do bhíodar ’n‐a suidhe i n‐éinfheacht le chéile, do shuidh Peadar ’n‐a measc. 56Agus do bhí cailín áirithe, do chonnaic é agus é ’n‐a shuidhe sa tsolas, agus ag féachain go grinn air dhí, adubhairt sí, Do bhí an fear so, leis, ’n‐a fhochair siúd. 57Acht do shéan seisean é, g‐á rádh, A bhean, ní fhuil aon aithne agam air. 58Agus tar éis tamaill bhig do chonnaic duine eile é, agus adubhairt, Is díobh súd thusa, leis. Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní díobh mise. 59Agus fá thuairim uaire an chluig ’n‐a dhiaidh sin, adubhairt duine eile go cruinn, Go cinnte do bhí sé seo, leis, ’n‐a fhochair siúd, óir is Galiléach é. 60Acht adubhairt Peadar, A dhuine, ní fhuil a fhios agam créad atá agat d’á rádh. Agus ar an láthair, le linn cainnte dhó, do ghlaodh an coileach. 61Agus d’iompuigh an Tighearna, agus do dhearc sé ar Pheadar. Agus do chuimhnigh Peadar ar fhocal an Tighearna, go ndubhairt sé, Sara nglaodhfaidh an coileach indiu, séanfair‐se mé trí h‐uaire. 62Agus d’imthigh sé amach agus do ghoil sé go dubhach.
63Agus na fir go raibh Íosa fá ghreim aca, do bhíodar ag déanamh magaidh faoi, agus g‐á bhualadh. 64Agus do chuireadar púicín air, agus do cheistigheadar é, g‐á rádh, Déan fáidheadóireacht: cia h‐é do bhuail thú? 65Agus adubhradar a lán neithe eile leis, ag tabhairt masla dhó.
66Agus nuair tháinig an lá, do chruinnigh seanóirí an phobail le chéile, idir uachtaránaibh na sagart agus na scríobhaidhthibh; agus thugadar eisean isteach ’n‐a n‐árd‐chómhairle, 67g‐á rádh, Má’s tusa an Críost, innis dúinn é. Acht adubhairt seisean leo, Má innisim daoibh é, ní chreidfidh sibh mé: 68agus má chuirim ceist oraibh, ní thiubhraidh sibh freagra. 69Acht ó’n tráth so amach béidh Mac an Duine ’n‐a shuidhe ar dheis cumhachta Dé. Agus adubhradar go léir, An tusa Mac Dé, d’á bhrigh sin? 70Agus adubhairt seisean leo, Adeir sibh é, gur mé. 71Agus adubhradar‐san, Créad é an gábhadh atá againn le tuilleadh fiadhnaise? óir do‐chualamar féin é, as a bhéal féin.
Currently Selected:
Lúcás 22: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

: