Lúcás 23
23
1Agus d’éirigh a raibh sa gcruinniú, agus rugadar chum Píoláid é. 2Agus do thosnuigheadar ar neithibh do chur ’n‐a leith, g‐á rádh, Fuaramar an fear so ag déanamh toirmisc i measc ár gcinidh, agus ag cosc cánach do thabhairt do Chéasar, agus é g‐á rádh gur ab é féin Críost rí. 3Agus d’fhiafruigh Píoláid de, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus d’fhreagair sé agus adubhairt, Adeirir é. 4Agus adubhairt Píoláid le h‐uachtaránaibh na sagart, Ní fhaighim aon locht sa duine seo. 5Acht ba dhéine d’áitigheadar air, g‐á rádh, Atá sé ag buaidhreadh na ndaoine, ag tosnú dhó ó’n nGalilé go dtí an áit seo. 6Acht nuair do‐chuala Píoláid sin, d’fhiafruigh sé ar Ghaliléach an fear. 7Agus nuair do thuig sé gur le líomatáiste Ioruaith do bhain sé, do chuir sé chum Ioruaith é, mar bhí sé féin i nIarúsalem le n‐a linn sin.
8Agus nuair do chonnaic Ioruath Íosa, do bhí an‐áthas air: óir do b’fhada do bhí sé ag súil le n‐a fheicsin, de bhrigh go gcuala sé trácht air; agus do bhí súil aige go bhfeicfeadh sé míorbhail éigin d’á déanamh aige. 9Agus do chuir sé a lán ceisteann air; acht ní thug seisean freagra ar bith air. 10Agus do bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe ’n‐a seasamh, agus iad g‐á chionntú go dian. 11Agus do‐rinne Ioruath agus a chuid saighdiúir fonomhaid faoi, agus thugadar tarcuisne dhó, agus do chuireadar éadach geal air, agus do chuireadar ar ais chum Píoláid é. 12Agus do‐rinneadh caradas an lá sin idir Ioruath agus Píoláid: óir do bhíodar ’n‐a náimhdibh d’á chéile roimhe sin.
13Agus do chruinnigh Píoláid uachtaráin na sagart, agus na ceann‐phuirt, agus na daoine le chéile, agus adubhairt sé leo, 14Thugabhar chugam an fear so mar dhuine atá ag buaidhreadh na ndaoine agus féach, tar a éis dom a cheistiú ’n‐bhúr bhfiad naise, ní fhuaras cionntach é ins na neithibh atá agaibh‐se d’á gcur ’n‐a leith: 15agus ní lugha nach bhfuair Ioruath: óir do chuir seisean ar ais chugainn é; agus féach, ní fhuil éinnidh déanta aige thuilleas bás. 16Ar an ádhbhar sin smachtóchad é agus scaoilfead saor é. 18Acht do ghlaodhadar go léir amach d’aon ghuth, g‐á rádh, Glan as an tslighe é so, agus scaoil chugainn Barabbas: 19duine do bhí curtha i bpríosún mar gheall ar cheannairc do‐rinneadh sa gcathair, agus mar gheall ar dhúnmharbhadh. 20Agus do labhair Píoláid leo arís, agus é ag iarraidh Íosa do leigean saor; 21acht do ghlaodhadar amach, g‐á rádh, Céas, céas é. 22Agus adubhairt sé leo an treas uair, Cad chuige, cad é an t‐olc atá déanta aige? Ní fhuaras‐sa aon chúis báis ann: smachtóchad é, d’á bhrigh sin, agus scaoilfead saor é. 23Acht do sheasadar go dána, ag glaodhach i n‐árd a ngotha, ag iarraidh é do chéasadh. Agus do bhuaidh a nglór. 24Agus thug Píoláid mar bhreith go ndéanfaidhe an nidh d’iarradar air. 25Agus do scaoil sé saor an duine do cuireadh i bpríosún mar gheall ar cheannairc agus ar dhúnmharbhadh, an duine d’iarradar; acht thug sé Íosa dhóibh chun a dtoil d’imirt air.
26Agus nuair do sheoladar leo é, rugadar ar dhuine ó Churéne darbh ainm Síomón, do bhí ag teacht isteach ó’n tuaith, agus do chuireadar an chroch airsean chum í d’iomchar i ndiaidh Íosa.
27Agus do bhí sluagh mór daoine g‐á leanamhain, agus mná, agus iad ag caoin‐ghol agus ag déanamh truaighe dhó. 28Acht d’iompuigh Íosa chuca, agus adubhairt sé, A ingheana Iarúsalem, ná bidhidh ag gol ar mo shon‐sa, acht ar bhúr son féin, agus ar son bhúr gclainne. 29Óir, féach, atá na laethe ag teacht ’n‐a ndéarfar, Is aoibhinn dóibh‐sean atá aimrid, agus do na bronnaibh nach rug clann, agus do na cíochaibh nár thál. 30Tosnóchaid annsin ar a rádh leis na sléibhtibh, Tuitidh anuas orainn; agus leis na cnocaibh, Clúduighidh sinn. 31Óir má ghníd na neithe seo san adhmad úr, créad do‐ghéantar san adhmad críon?
32Agus do bhí beirt eile, cuirpthigh, do seoladh i n‐éinfheacht leis chum go gcuirfidhe chum báis iad.
33Agus nuair do shroicheadar an áit ar a dtugtar An Cloigeann, do chéasadar annsin é, agus na cuirpthigh, duine aca ar a láimh dheis, agus an duine eile ar a láimh chlé. 34Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh. 35Agus do bhí na daoine ’n‐a seasamh ag féachain. Agus do bhí na h‐uachtaráin, leis, ag tabhairt tarcuisne dhó, g‐á rádh, D’fhuascail an té seo daoine eile; fuascladh sé é féin, má’s é an Críost é, do thogh Dia. 36Agus do bhí na saighdiúirí, mar an gcéadna, ag magadh faoi, ag teacht chuige, ag tairgsin bhínéagra dhó, 37agus iad g‐á rádh, Má’s tú Rí na nIúdach, saor thú féin. 38Agus do bhí scríbhinn os a chionn, IS É SEO RÍ NA n‐IÚDACH.
39Agus duine de na cuirptheachaibh do crochadh thug sé masla dhó, g‐á rádh, Nach tusa an Críost? saor thú féin agus sinne. 40Acht d’fhreagair an duine eile, agus do cheartuigh sé é, g‐á rádh, An amhlaidh nach bhfuil eagla Dé ort, agus tú fá’n daoir‐bhreith chéadna? 41Sinne, go deimhin, san gceart; óir is ag díol as a bhfuil déanta againn atáimíd: acht ní dhearna an fear so mí‐ghníomh ar bith. 42Agus adubhairt sé, A Íosa, cuimhnigh orm‐sa nuair thiocfas tú id’ ríoghacht. 43Agus adubhairt seisean leis, Go fírinneach adeirim leat, Béidh tú im’ fhochair‐se indiu i bPárrthas.
44Agus do bhí sé timcheall na sémhadh h‐uaire, agus do leath dorchadas ar an talamh uile go dtí an naomhadh h‐uair, 45solas na gréine ag dul i laighead: agus do réabadh brat an teampaill tré n‐a lár. 46Agus do ghlaodh Íosa de ghuth árd, agus adubhairt, A Athair, do‐bheirim m’anam i leith do lámh‐sa; agus ag rádh na bhfocal sin dó, do scar a anam leis. 47Agus nuair do chonnaic an ceanntúir créad tharla, thug sé glóir do Dhia, g‐á rádh, Go deimhin ba fíréan an fear so. 48Agus na sluaighte tháinig le chéile ag féachain ar an radharc sin, nuair do chonnacadar gach a dtarla, d’fhilleadar agus iad ag bualadh a n‐ucht. 49Agus a lucht aitheantais, agus na mná do lean é ó’n nGalilé, do sheasadar i bhfad uaidh, ag féachain ar na neithibh sin.
50Agus féach, fear darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a chómhairleoir, 51fear cóir fíréanta (níor aontuigh sé le ’n‐a gcómhairle ná le n‐a ngníomh), fear as Arimatéa, cathair de chathrachaibh na nIúdach, do bhí ag súil le ríoghacht Dé: 52do‐chuaidh an fear so chum Píoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air. 53Agus do thóg sé anuas é, agus d’fhill sé i línéadach é, agus do chuir sé é i dtuama do bhí gearrtha i gcarraig, tuama nár cuireadh aon duine riamh roimhe sin ann. 54Agus ba é lá an Ullmhuighthe do bhí ann, agus do bhí an tsabóid ag teacht. 55Agus na mná tháinig i n‐éinfheacht leis ó’n nGalilé, do leanadar ’n‐a dhiaidh, agus do chonnacadar an tuama, agus cionnas bhí a chorp curtha ann. 56Agus d’fhilleadar ar ais, agus d’ullmhuigheadar spíosradh agus uinnimeintí.
Currently Selected:
Lúcás 23: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

: