YouVersion Logo
Search Icon

Matha 14

14
1Ins an am sin do‐chuala Ioruath, an téatrarc, an t‐iomrádh ar Íosa, 2agus adubhairt sé le n‐a sheirbhíseachaibh, Is é seo Eoin Baiste; d’éirigh sé ó na marbhaibh; agus is d’á bhrigh sin atá na cumhachta so ag oibriú ann. 3Óir do rug Ioruath ar Eoin, agus do cheangail sé é, agus do chuir sé i bpríosún é mar gheall ar Héródias, bean Philib a dhearbhráthair. 4Óir adubhairt Eoin leis, Ní dleaghthach duit í do bheith agat. 5Agus nuair ba mhian leis a chur chum báis, do bhí eagla an phobail air, óir ba é a dtuairim gurbh fáidh é. 6Acht nuair tháinig lá beirthe Ioruaith, do‐rinne inghean Neródias damhsa, ’n‐a láthair, agus do thaithin sí le h‐Ioruath. 7Agus do gheall sé fá bhrigh na mionn go dtiubhradh sé dhí rud ar bith d’iarrfadh sí air. 8Agus adubhairt sise ar impidhe a máthar, Tabhair dhom annso ar mhéis ceann Eoin Bhaiste. 9Agus do ghabh doilgheas an rí; acht mar gheall ar na mionnaibh, agus mar gheall ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe ’n‐a chuibhreann, d’órduigh sé a thabhairt dí; 10agus do chuir sé daoine uaidh, agus do bhain sé an ceann d’Eoin sa bpríosún. 11Agus tugadh a cheann isteach ar mhéis, agus tugadh do’n chailín é: agus thug sise d’á máthair é. 12Agus tháinig a dheisceabail, agus rugadar leo an corp, agus d’adhlacadar é; agus d’imthigheadar agus d’inniseadar d’Íosa é.
13Agus nuair do‐chuala Íosa é, d’imthigh sé i mbád ó’n áit sin, isteach i n‐áit fhásamhail uaignigh: agus nuair do‐chuala na sluaighte sin, do leanadar d’á gcois é ó na cathrachaibh. 14Agus tháinig sé amach, agus do chonnaic sé sluagh mór, agus do ghabh truagh mhór dóibh é, agus do leigheas sé iad‐san do bhí breoite. 15Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig na deisceabail chuige, agus adubhradar, Fásach is eadh an áit seo, agus atá an t‐am caithte cheana, cuir uait na sluaighte, go dtéighid isteach ins na bailtibh beaga, agus go gceannuighid biadh dhóibh féin. 16Acht adubhairt Íosa leo, Ní gábhadh dhóibh imtheacht; tabhraidh‐se rud le n’ithe dhóibh. 17Agus adubhradar‐san leis, Ní fhuil againne annso acht cúig bollóga agus dhá iasc. 18Agus adubhairt seisean, Tabhraidh chugam‐sa annso iad. 19Agus adubhairt sé leis na sluaightibh suidhe síos ar an bhféar; agus do ghlac sé na cúig bollóga agus an dá iasc, agus ag féachaint suas ar neamh dhó, do bheannuigh, agus do bhris sé na bollóga, agus thug sé d’á dheisceablaibh iad, agus thug na deisceabail do na sluaightibh iad. 20Agus d’itheadar go léir, agus do bhí a ndóthain aca: agus do thógadar lán dá chiseán déag de’n bhiadh do bhí d’fhuighleach aca. 21Agus ba é méid na ndaoine do bhí ag ithe, tuairim le cúig míle fear, seachas mná agus leanbhaí.
22Agus ar an láthair do chuir sé d’fhiachaibh ar na deisceablaibh dul isteach sa mbád, agus imtheacht roimhe go dtí an taobh thall, nó go gcuirfeadh sé na sluaighte chum bealaigh. 23Agus nuair do bhi na sluaighte curtha chum bealaigh aige, do chuaidh sé suas an sliabh ’n‐a aonar chum urnaighe do dhéanamh: agus nuair tháinig an tráthnóna, do bhí sé annsin n‐a aonar. 24Acht do bhí an bád fá’n am sin i lár na fairrge, d’á luascadh ag na tonnaibh, mar do bhí an ghaoth ’n‐a choinnibh. 25Agus sa gceathramhadh faire de’n oidhche tháinig seisean chuca, agus é ag siubhal ar an bhfairrge. 26Agus nuair do chonnaic a dheisceabail é, bhí scannradh ortha, agus adubhradar, Is taidhbhse atá ann; agus do ghlaodhadar amach le h‐eagla. 27Acht do labhair Íosa leo ar an láthair, agus adubhairt sé, Bíodh meisneach agaibh; is mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh. 28Agus d’fhreagair Peadar, agus adubhairt, A Thighearna, má’s tusa atá ann, órduigh dhom teacht chugat ar bhárr an uisce. 29Agus adubhairt seisean, Tar. Agus tháinig Peadar anuas as an mbád, agus do shiubhail sé ar bhárr an uisce ag teacht chum Íosa. 30Acht nuair do chonnaic sé an ghaoth, do bhí eagla air; agus ag dul fá’n uisce dhó, do ghlaodh sé amach, g‐á rádh, A Thighearna, fóir orm. 31Agus ar an láthair do shín Íosa amach a lámh, agus rug sé air, agus adubhairt sé, A fhir an chreidimh bhig, cad chuige a raibh faitcheas ort? 32Agus nuair thángadar isteach sa mbád, do stad an ghaoth. 33Agus na daoine do bhí sa mbád, d’adhradar é, g‐á rádh, Go fírinneach is tusa Mac Dé.
34Agus nuair do chuadar trasna, thángadar chum tíre i nGenésaret. 35Agus nuair d’aithnigh muinntear na h‐áite sin é, do chuireadar fios ar fud na dúithche sin ar fad, agus thugadar chuige gach a raibh breoite; 36agus d’iarradar air leigean dóibh baint amháin le scothóig a bhrait: agus an méid do bhain, do leigheasadh iad.

Currently Selected:

Matha 14: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in