YouVersion Logo
Search Icon

Matha 18

18
1Le n‐a linn sin tháinig na deisceabail chum Íosa, g‐á rádh, Cé h‐é an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas? 2Agus do ghlaodh sé chuige leanbh beag, agus do chuir sé ’n‐a lár é, 3agus adubhairt sé, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐iompuighidh sibh, agus bheith ar nós na leanbh, ní rachaidh sibh isteach i ríoghacht neimhe ar chor ar bith. 4D’á bhrigh sin, an té ísleochas é féin ar nós an leinbh bhig seo, is é sin an duine is mó i ríoghacht na bhflaitheas. 5Agus cibé duine ghlacfas chuige aon leanbh beag amháin d’á leithéid seo im’ ainm‐se, 6glacann sé mise: acht cibé duine thiubhras scannal d’aoinneach de na rudaibh beaga so chreideas ionnam‐sa, do b’fhearr dó go gcrochfaidhe cloch mhór muilinn ar a mhuineál, agus go mbádhfaidhe é i ndoimneacht na fairrge. 7Is mairg do’n tsaoghal mar gheall ar na scannalaibh! ní foláir do na scannalaibh teacht; acht cheana is mairg do’n duine tré n‐a dtig an scannal! 8Agus má bheir do lámh nó do chos adhbhar scannail duit, gearr díot í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐láimh nó ar leath‐chois, ’ná do dhá láimh agus do dhá chois do bheith agat agus thú chaitheamh sa teinidh shíorraidhe. 9Agus má bheir do shúil adhbhar scannail duit, srac amach í, agus caith uait í: is fearr duit dul isteach sa mbeathaidh ar leath‐shúil, ’ná an dá shúil do bheith agat agus thú chaitheamh i n‐ifreann na teineadh. 10Tabhraidh aire gan dímheas do chaitheamh ar aoinneach de’n mhuinntir bhig seo; óir adeirim libh, go mbíonn a n‐aingil sin, ar neamh, ag sír‐fhéachaint ar ghnúis m’Athar atá ar neamh. 12Créad is dóigh libh? Má bhíonn céad caora ag duine, agus má théid caora dhíobh ar seachrán, nach bhfágann sé na naoi gcinn déag agus ceithre fichid, agus nach n‐imthigheann sé ar na sléibhtibh ar lorg an chinn do chuaidh ar seachrán? 13Agus má éirigheann leis a fágháil, go fírinneach adeirim libh, gur mó an t‐áthas atá air mar gheall uirthi‐se ’ná atá air mar gheall ar na naoi geinn déag agus ceithre fichid nach ndeachaidh amugha. 14Ar an gcuma chéadna ní toil le n‐bhúr nAthair atá ar neamh go gcaillfidhe aoinneach de’n mhuinntir bhig seo.
15Agus má pheacuigheann do bhráthair id’ aghaidh, imthigh, agus ceartuigh é idir thú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do bhráthair buaidhte agat. 16Ach muna n‐éistidh sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaidh gach focal ar fhiadhnaise béil beirte nó trír. 17Agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leo‐san, innis do’n eaglais é: agus má dhiúltuigheann sé d’éisteacht leis an eaglais, bíodh sé ’n‐a Phágánach agus ’n‐a phoibleacán agat. 18Go fírinneach adeirim‐se libh, Cibé neithe cheanglóchas sibh ar talamh ceanglóchar iad ar neamh: agus cibé neithe scaoilfeas sibh ar talamh scaoilfear iad ar neamh. 19Adeirim libh fós, má bhíonn beirt agaibh ar aon aigne ar talamh i dtaobh nidh ar bith d’á n‐iarraid, do‐ghéantar dóibh é óm’ Athair‐se atá ar neamh. 20Oir áit ar bith ’n‐a mbíonn beirt nó triúr cruinnighthe le chéile im’ ainm‐se, bím‐se féin annsin ’n‐a measc.
21Annsin tháinig Peadar chuige, agus adubhairt sé leis, A Thighearna, Créad a mhionca dhéanfas mo bhráthair coir im’ aghaidh, agus go maithfead dó é? seacht h‐uaire, an eadh? 22Adubhairt Íosa leis, Ní abraim leat, Seacht h‐uaire, acht seacht h‐uaire fó sheacht ndeich. 23D’á bhrigh sin, is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le righ áirithe gur mhian leis cunntas do dhéanamh le n‐a sheirbhíseachaibh. 24Agus nuair do thosnuigh sé ar an gcunntas do dhéanamh, tugadh chuige duine go raibh deich míle talann aige air. 25Acht, de chionn nach raibh an oiread aige agus d’íocfadh na fiacha, d’órduigh a thighearna go ndíolfaidhe é féin, agus a bhean, agus a chlann, agus a raibh aige, mar dhíol fiach. 26Annsin do chaith an seirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, A thighearna, déan foighid liom, agus íocfad an t‐iomlán leat. 27Agus do ghabh truagh mhór an tighearna do’n tseirbhíseach sin, agus do scaoil sé saor é, agus do mhaith sé na fiacha dhó. 28Acht do chuaidh an seirbhíseach sin amach, agus fuair sé duine d’á chóimh‐sheirbhíseachaibh go raibh céad pingin aige air; agus ag breith ar scórnach air, adubhairt sé, Íoc liom a bhfuil agam ort. 29Agus do chaith a chóimh‐sheirbhíseach é féin roimhe, agus do chuir sé athchuinghe air, g‐á rádh, Déan foighid liom, agus íocfad thú. 30Agus níorbh áil leis é: acht d’imthigh sé agus do chuir sé sa bpríosún é, nó go n‐íocadh sé na fiacha. 31Agus nuair do chonnaic a chóimh‐sheirbhísigh a raibh déanta, do ghoill sé go mór ortha, agus thángadar, agus d’inniseadar d’á dtighearna gach a dtarla. 32Annsin do ghlaodh a thighearna chuige é, agus adubhairt sé leis, A ropaire sheirbhísigh, do mhaitheas‐sa dhuit‐se na fiacha úd go léir, toisc gur chuiris athchuinghe orm: 33Nár chóir dhuit‐se, d’á bhrigh sin, truagh do thabhairt dod’ chóimh‐sheirbhíseach, fá mar thugas‐sa truagh dhuit‐se? 34Agus do bhí fearg ar a thighearna, agus thug sé do na céasadóiribh é, nó go n‐íocadh sé na fiacha go léir. 35Agus is mar sin dhéanfas m’Athair neamhdha dhaoibh‐se, muna maithfidh gach aon duine agaibh d’á bhráthair ó chroidhe.

Currently Selected:

Matha 18: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in