YouVersion Logo
Search Icon

Matha 20

20
1Óir is cosmhail ríoghacht na bhflaitheas le fear tighe do chuaidh amach go moch ar maidin ag cur lucht oibre ar tuarastal ’n‐a fhíonghort. 2Agus nuair do réidhtigh sé leis na h‐oibridhthibh ar phinginn sa ló, do chuir sé isteach ’n‐a fhíonghort iad. 3Agus do chuaidh sé amach ar an tríomhadh h‐uair, agus do chonnaic sé dream eile ’n‐a seasamh díomhaoin ar áit an mhargaidh; 4agus adubhairt sé leo‐san, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort, agus do‐bhéarad daoibh an méid is cóir. Agus d’imthigheadar‐san. 5Agus do chuaidh sé amach arís ar an sémhadh agus ar an naomhadh h‐uair, agus do‐rinne sé mar an gcéadna. 6Agus do chuaidh sé amach ar an aonmhadh h‐uair dhéag, agus fuair sé tuilleadh ’n‐a seasamh; agus adubhairt sé leo, Cad chuige dhaoibh bheith i n‐bhúr seasamh díomhaoin annso ar feadh an lae? 7Adubhradar‐san leis, De chionn nár chuir aon duine ar aimsir sinn. Adubhairt seisean leo, Téidhidh‐se, leis, isteach sa bhfíonghort. 8Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, adubhairt tighearna an fhíonghuirt le n‐a mhaor, Glaodh ar an lucht oibre, agus íoc leo a dtuarastal, ag tosnú leis an dream deireannach go dtí an chéad dream tháinig. 9Agus nuair tháinig siad‐san do fostuigheadh timcheall na h‐aonmhadh h‐uaire déag, fuair gach duine aca pinginn. 10Agus nuair tháinig an chéad dream, do mheasadar go bhfuighdís níba mhó; agus fuaradar‐san, leis, pinginn an duine. 11Agus nuair fuaradar é do bhíodar ag cannrán i n‐aghaidh an fhir tighe, 12g‐á rádh, Níor oibrigh an dream deireannach so ach uair amháin, agus do chuiris‐se ar aon chomhthrom leo sinne d’fhulang cruadhtan an lae agus an brothall. 13Acht d’fhreagair seisean, agus adubhairt sé le duine aca, A chara, ní fhuilim ag déanamh éagcóra ort: nach ar phinginn do réidhtíghis liom? 14Tóg leat do chuid féin agus bí ag imtheacht; is toil liom an oiread céadna do thabhairt do’n duine seo is deireannaighe tháinig, agus thugas duit‐se. 15Nach dleaghthach dom an nidh is toil liom do dhéanamh lem’ chuid féin? Nó an bhfuil droch‐shúil agat, toisc go bhfuilim‐se fial? 16Mar sin béidh an dream deireannach ar tosach, agus béidh an dream tosaigh ar deireadh.
17Agus nuair do bhí Íosa ag dul suas go h‐Iarúsalem, thug sé an dáréag deisceabal i leathtaoibh, agus sá tslighe dhó adubhairt sé leo, 18Féachaidh, atáimíd ag dul suas go h‐Iarúsalem; agus do‐bhéarfar Mac an Duine d’uachtaránaibh na sagart agus do na scríobhaidhthibh; agus daorfaid‐sean chum báis é, 19agus do‐bhéarfaid do na Geintibh é le tarcuisniú, agus le sciúrsáil, agus le céasadh: agus, an treas lá éireochaidh sé arís.
20Annsin tháinig chuige máthair clainne Sebedé i n‐éinfheacht le n‐a clann mhac, ag umhlú dhó, agus ag iarraidh fabhair air. 21Agus adubhairt sé léi, Créad atá uait? Adubhairt sise leis, Tabhair órdú go suidhfidh mo bheirt mhac so, duine aca ar do láimh dheis, agus duine aca ar do láimh chlé id’ ríoghacht. 22Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn. 23Adubhairt seisean leo, Ólfaidh sibh go deimhin an cupán ólfad‐sa: acht suidhe ar mo láimh dheis, agus ar mo láimh chlé, ní liom‐sa a thabhairt sin uaim, acht atá sé i ndán dóibh‐sean d’á bhfuil sé ceaptha ag m’Athair. 24Agus nuair do‐chuala an deichneabhar é, d’éirigh siad mí‐shásta go mór leis an mbeirt dearbhráthar. 25Acht do ghlaodh Íosa chuige iad, agus adubhairt sé, Tá a fhios agaibh go gcuireann tighearnaí na nGeinte fá smacht iad, agus go mbíonn forlámhas ag a ndaoinibh móra ortha. 26Ní mar sin bhéas eadraibh‐se: acht cibé duine go mba mhian leis bheith mór eadraibh, béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh; 27agus cibé duine go mba mhian leis bheith ar tosach eadraibh, béidh sé mar fhear freastail agaibh: 28ar chuma Mhic an Duine nach dtáinig chum go ndéanfaidhe friotháileamh air, acht chum go ndéanfadh seisean friotháileamh, agus chum a anam do thabhairt i n‐éiric móráin.
29Agus ag imtheacht dóibh as Ierichó, do lean sluagh mór é. 30Agus féach, beirt dall do bhí ’n‐a suidhe le cois an bhealaigh, nuair do‐chualadar gurbh é Íosa do bhí ag gabháil thart, do liúghadar, g‐á rádh, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócaire orainn. 31Agus do bhagair an sluagh ortha bheith ’n‐a dtost: acht do b’aoirde do ghlaodhadar amach, A Thighearna, a mhic Dháibhi, déan trócairé orainn. 32Agus do stad Íosa mar a raibh sé, agus do ghlaodh sé chuige iad, agus adubhairt sé, Créad do b’áil libh do‐ghéanainn daoibh? 33Adubhradar‐san leis, A Thighearna, ár súile d’fhoscailt. 34Agus do‐rinne Íosa truagh dhóibh, agus do chuir sé a mhéar ar a súilibh, agus ar an láthair tháinig a radharc dóibh, agus do leanadar é.

Currently Selected:

Matha 20: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in