YouVersion Logo
Search Icon

Matha 21

21
1Agus nuair do bhíodar ag druidim le h‐Iarúsalem, agus thángadar go Bétfagé, go cnoc na nOla‐chrann, do chuir Íosa uaidh beirt deisceabal, g‐á rádh leo, 2Téighidh isteach sa mbaile beag úd thall os bhúr gcómhair, agus ar an láthair do‐gheobhaidh sibh láir asail ceangailte ann, agus searrach i n‐éinfheacht léi: scaoilidh iad, agus tabhraidh libh chugam iad. 3Agus má deir aoinneach éinnidh libh, adéaraidh sibh‐se, Tá siad ag teastáil ó’n Tighearna; agus cuirfidh sé uaidh ar an láthair iad. 4Agus tháinig sin chum críche, chum go gcóimhlíonfaidhe tarngaireacht an fháidh, mar adubhairt sé,
5Innisidh d’inghin Shíoin,
Féach, atá do Rí ag teacht chugat,
Go ceannsa, ar muin asail,
Agus ar bhromach, searrach asail.
6Agus d’imthigh na deisceabail, agus do‐rinneadar mar d’órduigh Íosa dhóibh, 7agus thugadar leo an t‐asal, agus an bromach, agus do chuireadar a mbrait ortha; agus do shuidh seisean ortha. 8Agus do leath furmhór an tsluaigh a mbrait ar an slighe; agus do bhain dream eile géaga de na crannaibh agus do leathadar ar an slighe iad. 9Agus na sluaighte do bhí ar tosach roimhe, agus siad‐san do lean ’n‐a dhiaidh, do tógadar gáir, g‐á rádh,
Hósanná do mhac Dháibhi;
Is beannuighthe an té atá ag teacht i n‐ainm an Tighearna;
Hósanná ins na h‐áiteannaibh is aoirde!
10Agus nuair tháinig sé go h‐Iarúsalem, do bhí corruighe mór ar fud na cathrach ar fad, gach aoinneach g‐á rádh, Cia h‐é seo? 11Agus adubhairt na sluaighte, Is é seo an fáidh, Íosa, ó Nasair na Gaililé.
12Agus do chuaidh Íosa isteach i dteampall Dé, agus do ruaig sé amach iad‐san do bhí ag díol agus ag ceannach sa teampall, agus do leag sé ar lár búird lucht malairte an airgid, agus suideacháin na ndaoine do bhí ag díol colm; 13agus adubhairt sé leo, Atá scríobhtha, Goirfear dem’ thigh‐se teach urnuighthe: acht atá sibh‐se ag déanamh uachaise bitheamhnach dhe. 14Agus tháinig na daill agus na bacaigh chuige sa teampall: agus do leigheas sé iad. 15Acht nuair do chonnaic uachtaráin na sagart agus na scríobhaidhthe na rudaí éachtacha do‐rinne sé, agus na leanbhaí do bhí ag glaodhach ós árd sa teampall, g‐á rádh, Hósanná do mhac Dháibhi; tháinig fearg ortha, agus adubhradar leis, An gcluin tú créad adeir siad so? 16Agus adubhairt Íosa leo, Do‐chluinim: nár léigheabhar riamh, As béal leanbh agus naoidheanán cíche fuarais moladh iomlán? 17Agus d’fhág sé iad, agus do chuaidh sé amach as an gcathair go Bétánia, agus do chuir sé faoi annsin.
18Agus ar maidin, ag filleadh ar ais chum na cathrach dhó, bhí ocras air. 19Agus ar fheicsin crainn fige dhó le cois an bhealaigh, tháinig sé chuige, agus ní fhuair sé aon rud air, acht duilleoga amháin; agus adubhairt sé leis, 20Nár fhásaidh aon toradh ort as so amach go bráth. Agus ar an láthair d’fheogh an crann fige. 21Agus nuair do‐chonnaic na deisceabail é, tháinig iongnadh mór ortha, agus adubhradar, Cionnas d’fheogh an crann fige chómh luath sin? Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Má bhíonn creideamh agaibh, gan amhras bheith oraibh, do‐ghéanaidh sibh, ní h‐é amháin a ndearnadh do’n chrann fige, acht má deir sibh leis an sliabh so, Tógtar agus teilgthear isteach sa bhfairrge thú, déanfar é. 22Agus cibé nidh iarrfas sibh i n‐urnaighe, do‐gheobhaidh sibh é, acht creideamh bheith agaibh.
23Agus nuair tháinig sé isteach sa teampall, tháinig uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail chuige, agus é ag teagasc, agus adubhradar, Créad é an t‐ughdarás atá agat‐sa chum na neithe seo do dhéanamh? agus cia thug an t‐ughdarás sin duit? 24Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Cuirfead‐sa, leis, ceist amháin oraibh, agus má fhreagrann sibh í, inneosad‐sa dhaoibh cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe sin do dhéanamh. 25Baisteadh Eoin, cia uaidh a dtáinig sé? ó neamh nó ó dhaoinibh? Agus do‐rinneadar diospóireacht le n‐a chéile, g‐á rádh, Má deirimíd, Ó neamh; adéarfaidh seisean linn, Cad chuige, mar sin, nár chreideabhar é? 26Acht má deirimíd, Ó dhaoinibh; tá eagla an phobail orainn; óir atá na daoine go léir ar aon aigne gur fáidh Eoin. 27Agus d’fhreagradar Íosa, agus adubhradar. Ní fhuil a fhios againn. Agus adubhairt seisean leo, Ní mó inneosad‐sa dhaoibh‐se cia an t‐ughdarás atá agam chum na neithe seo do dhéanamh. 28Ach cad é bhúr meas air seo? Do bhí beirt mhac ag fear áirithe; agus tháinig sé chum an chéad mhic, agus adubhairt sé, A mhic, imthigh agus déan obair indiu im’fhíonghort. 29Agus d’fhreagair seisean, agus adubhairt, Ní rachad: acht ’n‐a dhiaidh sin tháinig a mhalairt d’aigne air, agus do chuaidh sé. 30Agus tháinig sé chum an dara mic, agus do labhair sé leisean ar an gcuma chéadna. Agus d’fhreagair sé, agus adubhairt, Rachad, a thighearna: acht ní dheachaidh sé. 31Ciaca de’n bheirt seo do‐rinne toil a athar? Adubhradar‐san leis, An chéad fhear. Adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, go rachaidh na poibleacáin agus na striapacha isteach i ríoghacht Dé rómhaibh‐se. 32Óir tháinig Eoin chugaibh i mbealach na fíréantachta, agus níor chreideabhar é: acht do chreid na poibleacáin agus na striapacha é: agus nuair do chonnaic sibh‐se é, ní dhearna sibh aithrighe ’n‐a dhiaidh sin chum go gcreidfeadh sibh é.
33Éistidh le samhlaoid eile: Do bhí fear tighe ann, agus do chuir sé fíonghort, agus do chuir sé fál ’n‐a thimcheall, agus do thochail sé áit brúighte fíona ann, agus do thóg sé túr, agus thug sé ar cíos do scológaibh é, agus d’imthigh sé go tír eile. 34Agus nuair do bhí séasúr na dtoradh ag teacht, do chuir sé a shearbhóntaí chum na scológ, chum chuid de’n toradh d’fhágháil. 35Agus do rug na scológa ar a shearbhóntaibh, agus do bhuaileadar duine aca, agus do mharbhadar duine eile, agus do ghabhadar de chlochaibh ar dhuine eile. 36Arís do chuir sé searbhóntaí eile chuca, níba mhó ’ná an chéad chuid: agus thugadar an íde chéadna ortha‐san. 37Acht ’n‐a dhiaidh sin, do chuir sé chuca a mhac féin, g‐á rádh, Do‐bhéarfaid urraim dom’ mhac. 38Acht na scológa, nuair do chonnacadar an mac, adubhradar eadortha féin, Is é seo an t‐oighre, téanam, marbhaimís é, agus glacaimís a oighreacht. 39Agus do rugadar air, agus do ruaigeadar amach as an bhfíonghort é, agus do mharbhadar é. 40Ar an adhbhar sin, nuair thiocfas tighearna an fhíonghuirt, créad do‐ghéanaidh sé leis na scológaibh sin? 41Adeir siad‐san leis, Scriosfaidh sé na cuirpthigh sin go millteach, agus bhéarfaidh sé an fíonghort ar cíos do scológaibh eile, bhéarfas na tortha dhó ’n‐a séasúraibh féin. 42Adubhairt Íosa leo, Nár léigheabhar riamh ins na scrioptúiribh,
An chloch d’ár dhiúltuigh na saoir,
Atá cloch chinn chúinne déanta dhí:
Is ó’n Tighearna tháinig sí,
Agus is iongnantach é ’n‐ár súilibh.
43Ar an adhbhar sin adeirim libh, Tógfar ríoghacht Dé uaibh‐se, agus do‐bhéarfar í do chineadh bhéarfas a tortha. 44Agus cibé duine thuitfeas ar an gcloich seo, brisfear é ’n‐a bhroscar: acht cibé duine ar a dtuitfidh sí, scriosfaidh sí é. 45Agus nuair do‐chuala uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh an tsamhlaoid sin, do thuigeadar gur ’n‐a dtaobh féin do bhí sé ag labhairt. 46Agus nuair shanntuigheadar greim d’fhágháil air, do bhí eagla ortha roimh na daoinibh, óir do mheasadar‐san gurbh fháidh é.

Currently Selected:

Matha 21: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in