YouVersion Logo
Search Icon

Matha 23

23
1Annsin do labhair Íosa leis na sluaightibh agus le n‐a dheisceablaibh, 2g‐á rádh, Suidheann na scríobhaidhthe agus na Fairisínigh i gcathaoir Mhaoise: ar an adhbhar sin, 3déanaidh gach a n‐abrann siad, agus claoidhidh leis: acht ná déanaidh de réir mar do‐ghní siad‐san; óir bíonn cainnt aca, acht ní dhéanaid gníomh. 4Thairis sin, ceanglaid ualaighe troma, do‐iomchair, agus cuirid ar ghuailnibh na ndaoine iad; acht ní h‐áil leo féin a gcorruighe le n‐a méir. 5Acht is chum go bhfeicfeadh na daoine iad ghníos siad gach éinnidh: óir leathnuighid a bhfulaictéirí, 6agus méaduighid scothóga a mbrat, agus is maith leo na h‐áiteanna is fearr ins na fleadhannaibh, agus na suidheacháin tosaigh ins na sionagógaibh, 7agus omós d’fhágháil i n‐áiteannaibh an mhargaidh, agus an sluagh ag tabhairt Rabbí ortha. 8Acht ná tugtar Rabbí oraibh‐se: óir ní fhuil agaibh acht aon Mháighistir amháin, agus is bráithre sibh uile. 9Agus ná tabhraidh athair ar aoinneach agaibh ar talamh: óir is aoinneach amháin is Athair agaibh, an té atá ins na flaitheasaibh. 10Agus ná tugtar Máighistrí oraibh: óir is aoinneach amháin is máighistir agaibh: an Críost. 11Acht an té is mó oraibh béidh sé ’n‐a sheirbhíseach agaibh. 12Agus cibé duine árdóchas é féin, ísleochar é; agus cibé duine ísleochas é féin, árdóchar é.
13Acht is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir dúnann sibh ríoghacht na bhflaitheas i n‐éadan na ndaoine: óir ní théigheann sibh féin isteach, agus ní leigeann sibh isteach iad‐san atá ag iarraidh dul isteach.
14Is mairg daoibh‐se, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrabhaidh! óir itheann sibh tighthe na mbaintreabhach, ag déanamh urnaighthe fada dhaoibh: d’á bhrigh sin is troime‐de an breitheamhnas tiubharfar oraibh.
15Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir taistealann sibh muir agus tír chum cómhalta creidimh amháin do dhéanamh; agus nuair éirigheann libh, do‐ghní sibh mac ifrinn de níos dhá mheasa ’ná sibh féin.
16Is mairg daoibh, a threoraidhthe dalla, adeir, Cibé duine dhearbhóchas dar an teampall, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar ór an teampaill, atá ceangal air. 17A bhreallána dalla: cia aca is mó, an t‐ór, nó an teampall naomhuigheas an t‐ór? 18Agus, Cibé dhearbhóchas dar an altóir, ní h‐éinnidh é; acht cibé dhearbhóchas dar an íodhbhairt atá uirthi, atá ceangal air. 19A dhallána: ciaca is mó, an íodhbairt, nó an altóir naomhuigheas an íodhbhairt? 20D’á bhrigh sin, an té dhearbhuigheas dar an altóir, dearbhuigheann sé dar an altóir, agus dar a bhfuil uirthi. 21Agus an té dhearbhuigheas dar an teampall, dearbhuigheann sé dar an teampall, agus dar an té chómhnuigheas ann. 22Agus an té dhearbhuigheas dar neamh, dearbhuigheann sé dar ríogh‐chathaoir Dé, agus dar an té atá ’n‐a shuidhe innti.
23Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir gearrann sibh deachmha ar mhiontas, agus ar ainís, agus ar choimín, agus fágann sibh na neithe is tábhachtaighe de’n dlighe gan déanam, cóir, agus trócaire, agus creideamh: acht ba cheart daoibh iad so do chleachtadh, gan faillighe do dhéanamh ins na neithibh eile. 24A threoraidhthe dalla, scagas an mhíoltóg, agus shloigeas an camall.
25Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir glanann sibh an taobh amuigh de’n chupán agus de’n mhéis, agus iad lán de shainnt agus d’ainmheasaracht ar an taobh istigh. 26A Fhairisínigh dhaill, glan ar dtús an taobh istigh de’n chupán agus de’n mhéis, ionnas go mbéidh an taobh amuigh glan chómh maith.
27Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairsíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir is cosmhail sibh le tuamaibh aolta, bhíos go taithneamhach le feicsin ar an taobh amuigh, acht atáid istigh lán de chnámhaibh daoine marbh, agus de’n uile bhréantas. 28Mar sin daoibh‐se: bíonn cuma na fíréantachta oraibh i bhfiadhnaise na ndaoine, acht bíonn sibh istigh lán d’fhuar‐chrábhadh agus de chuirptheacht.
29Is mairg daoibh, a scríobhaidhthe agus a Fhairisíneacha, a lucht an fhuar‐chrábhaidh! óir tógann sibh tuamaí na bhfáidh, agus maisigheann sibh leachta na bhfíréan, 30agus adeir sibh, Dá mbéimís‐ne beo le linn ár sinnsear, ní bhéimís páirteach leo i gcúis fola na bhfáidh. 31D’á bhrigh sin is fiadhnaise ’n‐bhúr n‐aghaidh féin do‐ghní sibh, gur sibh‐se clann na ndaoine do mharbh na fáidhe. 32Líonaidh‐se, mar sin, tómhas bhúr sinnsear. 33A phiasta, a shliocht na nathrach nimhe, cionnas éalóchas sibh ó dhaor‐bhreith ifrinn? 34D’á bhrigh sin, féach, chuirim‐se chugaibh fáidhe, agus eagnaidhthe, agus scríobhaidhthe: marbóchaidh sibh cuid aca, agus céasfaidh sibh cuid aca; agus sciúrsálfaidh sibh cuid aca ’n‐bhúr sionagógaibh, agus ruaigfidh sibh ó chathair go cathair iad: 35go dtiocfaidh oraibh gach ar doirteadh d’fhuil na bhfíréan ar talamh, ó fhuil Aibéil fhíréanta go fuil Shachariais mhic Bharachiais, do mharbhabhar idir an sanctóir agus an altóir. 36Go fírinneach adeirimse libh, Tiocfaidh na neithe sin go h‐iomlán ar an díne seo.
37A Iarúsalem, a Iarúsalem, a mharbhas na fáidhe, agus ghabhas de chlochaibh ortha‐san curtar chugat! cad é a mhinicighe do b’áil liom do chlann do bhailiú chugam, fá mar bhailigheas an chearc a h‐ál fá n‐a sciathánaibh, agus níorbh áil libh é! 38Féach, fágfar bhúr dteach ’n‐a uaigneas agaibh. 39Oir adeirim libh, Ní fheicfidh sibh feasta mé go n‐abróchaidh sibh, Is beannuighthe an té thig i n‐ainm an Tighearna.

Currently Selected:

Matha 23: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in