YouVersion Logo
Search Icon

Matha 24

24
1Agus d’imthigh Íosa ó’n teampall, agus do bhí sé ag dul ar a bhóthár; agus tháinig a dheisceabail chuige le foirignighthe an teampaill do thaisbeánadh dhó. 2Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt sé leo, Nach bhfeiceann sibh na neithe seo go léir? go fírinneach adeirim libh, Ní fágfar cloch ar muin cloiche annso, nach leagfar.
3Agus ’n‐a shuidhe dhó ar chnoc na nOla‐chrann, tháinig na deisceabail chuige ar leithridh, g‐á rádh. Innis dúinn, cá fhaide go dtiocfaidh na neithe sin chum críche? agus cad é cómhartha do theachta, agus deiridh an tsaoghail? 4Agus d’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Tabhraidh aire ar eagla go meallfaidh aoinneach sibh. 5Óir tiocfaidh mórán im’ ainm‐se, g‐á rádh, Is mise an Críost; agus meallfaid‐sean a lán. 6Agus do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh: féachaidh chuige nach dtiocfaidh buaidhirt aigne oraibh: óir caithfidh na neithe sin do theacht chum críche; acht ní fhuil an deireadh ann fós. 7Óir éireochaidh cineadh i n‐aghaidh cinidh, agus ríoghacht i n‐aghaidh ríoghachta: agus béidh gortaí agus creatha talmhan ’n‐a lán áiteann. 8Acht ní fhuil ins na neithibh sin go léir acht tosach na buaidheartha. 9Annsin do‐bhéarfaidh siad chum géir‐leanamhna sibh, agus marbhóchaidh siad sibh: agus béidh fuath ag na cinidheachaibh go léir daoibh mar gheall ar m’ainm‐se. 10Annsin bainfear bárr‐thuisleadh as a lán, agus braithfid a chéile. 11Agus éireochaidh mórán fáidh bréige, agus meallfaid‐sean a lán. 12Agus de dheascaibh na cuirptheachta bheith ag dul i méid, fuaróchaidh carthannacht móráin. 13Acht an té bhéas buantseasmhach go deireadh, is é slánóchar. 14Agus craobhscaoilfear an soiscéal so na ríoghachta ar fud an domhain uile mar fhiadhnaise do na cinidheachaibh go léir; agus annsin tiocfaidh an deireadh.
15D’á bhrigh sin, nuair do‐chífidh sibh úr‐ghráin an léirscriosta, ar ar labhair Dainial fáidh, ’n‐a sheasamh sa naomh‐áit (an té léigheas, tuigeadh sé), 16annsin na daoine atá i nIúdaea, teichidís chum na gcnoc: 17an té atá ar mhullach an tighe, ná tigeadh sé anuas leis na neithe atá ’n‐a thigh do bhreith leis; 18agus an té atá ar an machaire, ná casadh sé ar ais le n‐a bhrat do thógáil. 19Agus is mairg do na mnáibh torrcha, agus dóibh‐sean do‐bheir cíoch ins na laethibh sin! 20Agus guidhidh nach sa ngeimhreadh bhéas bhúr dteicheadh, ná ar an tsabóid: 21óir béidh cruadhtan annsin nach raibh a leithéid ann ó thosac an domhain go dtí seo, nach raibh, agus nach mbéidh arís go deoidh. 22Agus muna mbéadh gur giorruigheadh na laethe sin, ní fuasclóchaidhe aon duine beo: acht ar son na bhfíréan toghtha giorróchar na laethe sin. 23Annsin má deir aoinneach libh, Féach, atá an Críost annso, nó, annso, ná creididh é. 24Óir éireochaidh Críostanna bréige, agus fáidhe bréige, agus taisbeánfaid‐sean cómharthaí agus iongantaisí móra, d’fhonn na fíréin toghtha féin do mhealladh, má’s féidir é. 25Féach atá inniste agam daoibh roimh ré. 26D’á bhrigh sin, má abróchar libh, Feach, atá sé sa bhfásach; ná téighidh‐se amach: Féach, atá sé istigh ins na cúil‐sheomraibh; ná creididh é. 27Óir, ar nós na teinntrighe thig ó’n domhan thoir, agus do‐chítear chómh fada leis an domhan thiar; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. 28Cibé áit ’n‐a mbíonn an conablach, is annsin chruinneochas na h‐iolair le chéile.
29Acht annsin, tar éis anró na laethe sin, dorchóchaidh an ghrian, agus ní thiubhraidh an ghealach a solas, agus tuitfidh na réaltana ó’n spéir, agus na cumhachta atá ins na flaitheasaibh, béidh siad d’á suathadh: 30agus annsin do‐chífear cómhartha Mhic an Duine sa spéir: agus annsin caoidhfidh cinidheacha an domhain, agus do‐chífid Mac an Duine ag teacht ar scamallaibh neimhe le cumhacht agus le sárghlóir. 31Agus cuirfidh se a aingil amach le glaodh mór stuic, agus baileochaidh siad a fhiréin ó na ceithre gaothaibh, ó imeall go h‐imeall neimhe.
32Foghlaimidh samhlaoid ó’n gcrann fige: nuair bhíos a ghéag bog, agus an duilleabhar ag teacht uirthi, bíonn a fhios agaibh go bhfuil an samhradh i ngiorracht daoibh; 33mar sin daoibh‐se, nuair chífeas sibh na neithe sin go léir, bíodh a fhios agaibh go bhfuil sé i ngar daoibh, ins na dóirsibh féin. 34Go fírinneach adeirim libh, Ní imtheochaidh an ghlún seo go dtiocfaidh na neithe seo uile chum críche. 35Rachaidh spéir agus talam ar ceal: acht ní rachaidh mo bhriathra‐sa ar ceal. 36Acht i dtaobh an lae sin, agus i dtaobh na h‐uaire sin, ní fhuil a fhios ag aon duine, fiú amháin ag na h‐ainglibh ar neamh, ná ag an Mac, acht ag an Athair amháin. 37Agus fá mar bhí i laethibh Naoi, mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. 38Óir, fá mar bhíodar ins na laethibh roimh an dílinn, ag ithe agus ag ól, ag pósadh agus ag tabhairt le pósadh, go dtí an lá ’n‐a ndeachaidh Naoi isteach san airc, 39agus níor mheabhruigheadar éinnidh nó go dtáinig an díle agus gur scuab sí iad go léir léi; mar sin bhéas teacht Mhic an Duine. 40Annsin béidh beirt ar an machaire; tógfar duine aca, agus fágfar an duine eile: 41béidh beirt bhan ag meilt sa muileann; tógfar bean aca, agus fágfar an bhean eile. 42Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin; óir ní fios daoibh cá h‐uair thiocfas bhúr dTighearna. 43Acht bíodh a fhios so agaibh, dá mbéadh a fhios ag fear an tighe cé’n uair ’n‐a dtiocfadh an gadaidhe, do bhéadh sé ag faire agus ní cheadóchadh sé go mbrisfidhe isteach ’n‐a thigh. 44D’á bhrigh sin, bidhidh‐se ullamh, leis, óir an uair nach mbíonn sibh ag súil leis is eadh thiocfas Mac an Duine. 45Cia h‐é, mar sin, an seirbhíseach cóir, céillidhe, do chuir a thighearna i gceannas muinntire a thighe chum a mbiadh do thabhairt dóibh i dtráth? 46Is aoibhinn do’n tseirbhíseach úd, ar theacht d’á thighearna, go bhfaighidh sé é g‐á dhéanamh sin. 47Go fírinneach adeirim libh, go gcuirfidh sé os cionn a bhfuil aige é. 48Acht, má’s droch‐sheirbhíseach é, agus go n‐abrann sé ’n‐a chroidhe, 49Atá mo thighearna i bhfad gan teacht; agus go dtosnuigheann sé ar a chóimhsheirbhísigh do bhualadh, agus ar bheith ag ithe agus ag ól i bhfochair luchta meisce; 50tiocfaidh tighearna an tseirbhísigh úd an lá nach bhfuil coinne aige leis, agus an uair nach bhfuil a fhios aige, 51agus gearrfaidh sé as a chéile é, agus do‐bhéarfaidh sé a chuid dó i bhfochair luchta an fhuar‐chrábhaidh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.

Currently Selected:

Matha 24: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in