YouVersion Logo
Search Icon

Matha 25

25
1Annsin béidh ríoghacht na bhflaitheas cosmhail le deichneabhar maighdean, do ghlac a lóchrainn, agus do chuaidh amach fá dhéin an fhir nua‐phósta. 2Agus do bhí cúigear díobh dí‐chéillidhe, agus do bhí cúigear eile céillidhe. 3Óir, iad‐san do bhí dí‐chéillidhe, nuair do ghlacadar a lóchrainn, ní thugadar íle leo: 4acht thug siad‐san a bhí cé illidhe íle ’n‐a soithighibh chómh maith leis na lóchrannaibh. 5Agus ó bhí moill ar an bhfear nua‐phósta, tháinig táimh‐néall ortha agus do‐chuadar a chodladh. 6Acht ar uair an mheadhon‐oidhche d’éirigh an gháir, Féach, an fear nua‐phósta! 7Téighidh amach ’n‐a airchis. Agus d’éirigh na maighdeana sin, agus do chuireadar a lóchrainn i bhfearas. 8Agus adubhairt an chuid aca a bhí dí‐chéillidhe leo‐san do bhí ciallmhar, Tabhraidh dhúinn beagán de bhúr gcuid íle; óir atá ár lóchrainn ag dul i n‐éag. 9Acht d’fhreagair an dream ciallmhar, agus adubhradar, Do b’fhéidir nach mbéadh ár ndóthain ann dúinne agus daoibh‐se: do b’fhearr daoibh dul chum na gceannaidhe, agus cuid do cheannach dhaoibh féin. 10Agus fad agus bhíodar ag imtheacht g‐á cheannach, tháinig an fear nua‐phósta; agus na daoine do bhí ullamh do chuadar isteach leisean chum na bainse: agus do dúnadh an doras. 11I n‐a dhiaidh sin tháinig na maighdeana eile, agus adubhradar, A Thighearna, a Thighearna, foscail dúinn‐ne. 12Acht d’fhreagair seisean agus adubhairt, Go deimhin adeirim libh, Ní fhuil aithne agam oraibh. 13Déanaidh‐se faire, d’á bhrigh sin, óir ní h‐eol daoibh an lá ná an uair.
14Óir is amhlaidh atá, mar do bhéadh duine, do ghlaodh chuige a searbhóntaí, ag imtheacht ar aistear dó, agus thug a mhaoin dóibh. 15Agus thug sé cúig tallanna do dhuine aca, agus dhá thalainn do dhuine eile, talann amháin do dhuine eile; do gach duine de réir a ghustail; agus d’imthigh sé ar a aistear. 16Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imthigh sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaidheacht leo, agus do ghnóthuigh sé cúig tallanna eile. 17Ar an gcuma chéadna, an duine fuair an dá thallainn, do ghnóthuigh seisean dhá thallainn eile. 18Acht an té fuair an aon talann amháin, d’imthigh sé agus do thochail sé poll sa talamh, agus do chuir sé airgead a thighearna i bhfolach ann. 19Agus tar éis tamaill fhada tháinig tighearna na searbhónta úd, agus do‐rinne sé cunntas leo. 20Agus an té fuair na cúig tallanna, tháinig sé agus thug sé cúig tallanna sa mbreis leis, agus adubhairt, A thighearna, thugais cúig tallanna dhom: féach, atá cúig tallanna eile gnóthuighthe agam. 21Adubhairt a thighearna leis, Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis: do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. 22Agus an té fuair an dá thallainn, tháinig sé agus adubhairt A thighearna, thugais dhá thallainn dom: féach atá dhá thallainn eile gnóthuighthe agam. 23Adubhairt a thighearna leis Go maith, a shearbhónta chóir, dhílis; do bhís dílis agus tú i mbun beagáin, cuirfead i mbun móráin thú: téir isteach i n‐aoibhneas do thighearna. 24Agus an té fuair talann amháin, tháinig sé agus adubhairt, A thighearna, do bhí a fhios agam gur duine cruaidh thú, ag baint i n‐áit nár chuiris riol, 25agus ag cnuasach i n‐áit nár cháithis: agus do bhí eagla orm, agus d’imthigheas agus do chuireas do thallann i bhfolach sa talamh; féach, sin é do chuid féin agat. 26Acht d’fhreagair a thighearna agus adubhairt sé leis, A dhroch‐shearbhónta dhíomhaoin, do bhí a fhios agat go mbainim i n‐áit nár chuireas síol, agus go gcnuasaim i n‐áit nár cháitheas; 27ba cheart duit, d’á bhrigh sin, mo chuid airgid thabhairt do na banncairibh, go bhfaighinn mo chuid féin le brabach ag teacht dom. 28Bainidh dhe, d’á bhrigh sin, an tallann, agus tabhraidh í do’n té sin ag a bhfuil na cúig tallanna. 29Óir an té ag a bhfuil nidh dobhéarfar dó, agus béidh flúirse aige: acht an té nach bhfuil nidh aige, tógfar uaidh fiú amháin a bhfuil aige. 30Agus caithidh amach an searbhónta neam‐hthairbheach sa dorchacht atá amuigh: annsin béidh gol agus gíoscán fiacal.
31Acht nuair thiocfas Mac an Duine ’n‐a ghlóir, agus na h‐aingil go léir i n‐éinfheacht leis, suidhfidh sé annsin i gcathaoir a ghlóire: 32agus cruinneochar na cineadhacha uile os a chómhair: agus deaghlóchaidh sé ó chéile iad, mar dheaghluigheas an t‐aodhaire na caoirigh ó na gabharaibh: 33agus cuirfidh sé na caoirigh ar a láimh dheis, agus na gabhair ar a láimh chlé. 34Annsin adéarfaidh an Rí leo‐san bhéas ar a láimh dheis, Tigidh, a dhaoine beannuighthe lem’ Athair, sealbhuighidh an ríoghacht atá ullmhuighthe ’n‐bhúr gcómhair ó bhunú an domhain: 35óir do bhí ocras orm, agus thugabhar rud le n’ithe dhom: bhí tart orm, agus thugabhar le n’ól dom: bhíos im’ choimhthigheach, agus d’fháiltigheabhar rómham: 36do bhíos lomnocht, agus do chuireabhar éadaighe orm: do bhíos breoite, agus thángabhar dom’ fhéachaint: bhíos i bpríosún, agus thángabhar chugam. 37Annsin freagróchaidh na fíréin é, g‐á rádh, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras agus go dtugamar biadh dhuit? nó fá thart, agus go dtugamar deoch duit? 38Agus cá h‐uair chonnacamar thú id’choimhthigheach agus gur fháiltigheamar rómhat? nó lomnocht, agus gur chuireamar éadaighe ort? 39No, cá h‐uair chonnacamar thú breoite, nó i bpríosún, agus go dtángamar chugat? 40Agus freagróchaidh an Rí agus adéarfaidh sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Cibé nidh do‐rinneabhar do’n duine is suaraighe dem’ bhráithribh annso, gur damh‐sa do‐rinneabhar é. 41Annsin adéarfaidh sé leo‐san bhéas ar a láimh chlé, Imthighidh uaim, a dhaoine malluighthe, isteach sa teinidh shíorraidhe do h‐ullmhuigheadh do’n diabhal agus d’á ainglibh: 42óir bhí ocras orm, agus ní thugabhar biadh dhom: bhí tart orm, agus ní thugabhar deoch dom: 43bhíos im’ choimhightheach, agus níor fháiltigheabhar rómham; bhíos lomnocht, agus níor chlúduigheabhar mé; breoite, agus i bpríosún, agus ní thángabhar chugam. 44Annsin freagróchaid siad‐san, leis, agus adéarfaidh siad, A Thighearna, cá h‐uair chonnacamar‐ne thú fá ocras, nó fá thart, nó id’ chomhightheach, nó lomnocht, nó breoite, nó i bpríosún, agus nach ndearnamar fortacht ort? 45Annsin freagróchaidh seisean, g‐á rádh, Adeirim libh go fírinneach, Ó’s rud é nach ndearnabhar é d’aoinneach de na daoinibh seo is suaraighe, nach ndearnabhar damh‐sa é. 46Agus imtheochaidh siad‐so isteach i bpeannaid shíorraidhe: acht imtheochaidh na fíréin isteach sa mbeathaidh shíorraidhe.

Currently Selected:

Matha 25: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in