Matha 27
27
1Agus nuair do bhí an mhaidin ann, do chuaidh uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobail i ndáil cómhairle i n‐aghaidh Íosa, chum go gcuirfidís chum báis é: 2agus do cheangladar é, agus thugadar suas do Phíoláid an riaghaltóir é.
3Annsin, ar n‐a fheicsin do Iúdás, an té do bhraith é, go raibh sé daortha, do ghabh aithreachas é, agus thug sé na deich bpíosaí fichead airgid ar ais d’uachtaránaibh na sagart agus do na seanóiribh, g‐á rádh, 4Do‐rinneas peacadh, nuair do dhíolas an fhuil neamh‐chionntach. Acht adubhradar‐san, Créad é sin dúinne? Féach féin chuige. 5Agus do chaith sé na píosaí airgid isteach sa teampall, agus d’fhág sé an áit, agus d’imthigh agus do chroch sé é féin. 6Agus do thóg uachtaráin na sagart na deich bpíosaí fichead airgid, agus adubhradar, Ní dleaghthach iad do chur sa gciste, mar is airgead fola iad. 7Agus do ghlacadar cómhairle le chéile, agus do cheannuigheadar leo gort an chriadóra, chum coimhighthigh d’adhlacadh ann. 8Ar an adhbhar sin do glaodhadh, gort na fola, ar an ngort úd, go dtí an lá indiu. 9Annsin do cóimhlíonadh a ndubhairt ieremias fáidh, Agus do ghlacas na deich bpíosaí fichead airgid, luach an té do bhí fá mheas, an té do bhí fá mheas ag clainn Israel; 10agus thugas iad ar ghort an chriadóra, mar d’órduigh an Tighearna dhom.
11Agus do bhí Íosa ’n‐a sheasamh i láthair an riaghaltóra: agus d’fhiafruigh an riaghaltóir dhe, g‐á rádh, An tusa Rí na nIúdach? Agus adubhairt Íosa leis, Adeirir é. 12Agus nuair do chuir uachtaráin na sagart agus na seanóirí neithe ’n‐a leith, níor fhreagair sé oiread agus focal. 13Annsin adubhairt Píoláid leis, Nach gcluineann tú an méid fiadhnaise atá aca san d’á chur id’ leith? 14Agus ní thug sé freagra ar bith ortha: i dtreo go raibh iongnadh mór ar an riaghaltóir. 15Ba ghnáth leis an riaghaltóir, le linn na féile, príosúnach amháin do scaoileadh chum an tsluaigh, an té ba mhian leo. 16Agus do bhí aca, an t‐am sin, cime iomráidhteach darbh ainm Barabbas. 17Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost? 18Óir do bhí a fhios aige gur le formad thugadar ar láimh é. 19Agus le linn bheith ’n‐a shuidhe dhó i gcathaoir an bhreitheamhnais, do chuir a bhean teachtaireacht chuige, g‐á rádh, Ná bíodh aon bhaint agat leis an duine fíréanta sin: óir is mór d’fhulaingeas i mbrionglóid indiu mar gheall air. 20Do spreag uachtaráin ná sagart agus na seanóirí an sluagh, ámh, chum Barabbas d’iarraidh, agus chum Íosa do chur chum báis. 21Acht d’fhreagair an riaghaltóir agus adubhairt sé leo, Cia aca de’n bheirt is áil libh go scaoilfinn chugaibh? Agus adubhradar, Barabbas. 22Adubhairt Píoláid leo, Agus créad do‐ghéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Adubhradar uile, Céastar é. 23Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é. 24Agus nuair do chonnaic Píoláid nach raibh aon mhaith dhó ann, acht go raibh gleo ag éirghe, do ghlac sé uisce chuige, agus do nigh sé a lámha i bhfiadhnaise an tsluaigh, g‐á rádh, Ní fhuilim‐se cionntach i bhfuil an fhíréin seo: féachaidh‐se chuige. 25Agus d’fhreagair na daoine go léir, Orainn féin agus ar ár gclainn a chuid fola! 26Annsin do scaoil sé saor chuca Barabbas: acht do sciúrsál sé Íosa agus thug sé suas é chum a chéasta.
27Annsin rug saighdiúirí an riaghaltóra Íosa leo isteach sa bpálás, agus do chruinnuigheadar chuige an bhuidhean iomlán. 28Agus do bhaineadar na h‐éadaighe dhe, agus do chuireadar brat corcra air. 29Agus do shníomhadar coróin spíne agus do chuireadar ar a cheann í, agus do chuireadar giolcach ’n‐a láimh dheis; agus do shléachtadar ar a nglúnaibh dhó, ag tabhairt masla dhó, g‐á rádh, Go mbeannuighthear duit, a Rí na nIúdach! 30Agus do chaitheadar seilí air, agus do ghlacadar an giolcach agus do bhuaileadar sa gceann leis é. 31Agus nuair do bhí an magadh déanta aca, do bhaineadar an brat de, agus do chuireadar a chuid éadaighe féin air, agus do threoruigheadar amach é chum a chéasta.
32Agus ag dul amach dhóibh fuaradar duine ó Churéné darbh ainm Síomón: do chuireadar d’fhiachaibh airsean dul i n‐éinfheacht leo, agus an chroch d’iomchar dó. 33Agus nuair thángadar go h‐áit ar a dtugtar Golgotá, is é sin, áit cloiginn, 34thugadar dó fíon le n’ól agus domblas measctha leis: agus nuair do bhlais sé é ní ólfadh sé é. 35Agus nuair do chéasadar é, do roinneadar a chuid éadaighe eadortha, g‐á gcur ar crannaibh: agus do shuidheadar ag faire air. 36Agus do chuireadar os a chionn teideal a chúise i scríbhinn, 37IS É SEO ÍOSA RÍ NA nIÚDACH. 38Annsin do céasadh mar aon leis beirt bhitheamhnach, duine aca ar a láimh dheis, agus duine ar a láimh chlé. 39Agus na daoine do ghabhadh thairis thugadar masla dhó, ag crothadh a gceann, 40agus g‐á rádh, Thusa leagas teampall Dé agus thógas é i gceann trí lá, saor thú féin: má’s tú Mac Dé, tar anuas ó’n gcroich. 41Ar an gcuma chéadna do bhí uachtaráin na sagart mar aon leis na scríobhaidhthibh agus leis na seanóiribh, 42bhíodar ag magadh faoi, g‐á rádh, Do shaor sé daoine eile; ní fhuil ar chumas dó é féin do shaoradh. Is é Rí Israel é; tigeadh sé anuas ó’n gcroich, agus creidfimíd ann. 43Cuireann sé a mhuinighin as Dia; saoradh Sé anois é, má’s áil leis é, óir adubhairt sé, Is mé Mac Dé. 44Agus na bitheamhnaigh do bhí d’á gcéasadh mar aon leis, thugadar‐san an masla céadna dhó.
45Agus ó’n sémhadh h‐uair do leath dorchadas ar an tír go léir go dtí an naomhadh h‐uair. 46Agus timcheall na naomhadh h‐uaire do ghlaodh Íosa amach de ghuth árd, g‐á rádh, Élí, Elí, lamá sabachtaní? is é sin, A Dhia, a Dhia, cad chuige ar thréig tú mé? 47Agus ar n‐a chlos sin do chuid díobh‐san do bhí láithreach ’n‐a seasamh, adubhradar, Is ag glaodhach ar Élias atá sé sin. 48Agus ar an láthair do rith duine aca, agus ag glacadh spuinnc dó, do líon sé de bhínéagra é, agus chuir sé ar bhárr giolcaigh é, agus thug sé le n’ól dó é. 49Agus adubhairt an chuid eile, Leig dó; feicimís an dtiocfaidh Élias g‐á shaoradh. 50Agus d’éighimh Íosa arís de ghuth árd, agus thug sé a anam uaidh. 51Agus féach, do réabadh brat an teampaill ’n‐a dhá chuid ó bhárr go bun; agus do luasc an talamh; agus do scoilt na carraigeacha; 52agus do foscladh na tuamaí; agus d’éirigh mórán de chorpaibh na naomh do bhí n‐a gcodladh; 53agus ag teacht amach as na tuamaibh dóibh tar éis a aiséirighthe, do chuadar isteach sa gcathair naomhtha, agus d’fhoillsigheadar iad féin do mhórán. 54Agus an ceanntúir, agus na daoine do bhí ’n‐a fhochair ag faire ar Íosa, nuair do chonnacadar an crioth talmhan agus gach a dtarla, tháinig eagla mhór ortha, 55agus adubhradar, Go fírinneach do b’é Mac Dé é sin. Agus do bhí ann mórán ban i bhfad uaidh ag féachain air, mná do lean Íosa ó’n nGalilé, ag friotháileamh air: 56ortha‐san do bhí Máire Mhagdaléné, agus Máire máthair Shéamais agus Iósés, agus máthair clainne Sebedé.
57Agus nuair do bhí an tráthnóna ann, tháinig duine saidhbhir ó Arimatéa darbh ainm Seosamh, do bhí ’n‐a dheisceabal ag Íosa: 58do chuaid an duine sin chum Phíoláid, agus d’iarr sé corp Íosa air, agus d’órduigh Pioláid an corp do thabhairt dó. 59Agus do ghlac Seosamh an corp, agus d’fhill sé i línéadach glan é, 60agus do chuir sé ’n‐a thuama nua féin é, do bhí gearrtha i gcarraig aige: agus d’iontuigh sé leac mhór thar bhéal an tuama, agus d’imthigh sé. 61Agus do bhí Máire Mhagdaléné agus an Mháire eile ann, ’n‐a suidhe os cómha ir an tuama.
62Agus lá ar n‐a bhárach, an lá tar éis an Ullmuighthe, do bhí uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh cruinnighthe le chéile i láthair Phioláid, agus adubhradar, 63A thighearna, is cuimhin linn go ndubhairt an fealltóir úd, agus é beo, I gceann trí lá éireochad arís. 64Tabhair órdú, d’á bhrigh sin, gárda do chur ar an tuama go dtí an tríomhadh lá, ar eagla go dtiocfadh a dheisceabail agus go ngoidfidís é, agus go n‐abróchaidís leis na daoinibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh: agus ba mheasa an feall deireannach ’ná an chéad fheall. 65Adubhairt Píoláid leo, Atá gárda agaibh: imthighidh, daingnighidh é mar is eol daoibh. 66D’imtigheadar‐san, agus do dhaingnigheadar an tuama, ag cur séala ar an gcloich, agus an gárda ’n‐a bhfochair.
Currently Selected:
Matha 27: ATN1951
Highlight
Share
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932