YouVersion Logo
Search Icon

Matha 28

28
1Agus tar éis na sabóide, agus an chéad lá de’n tseachtmhain ag soillsiú, tháinig Máire Mhagdaléne agus an Mháire eile leis an tuama d’fheicsin. 2Agus féach, tháinig crioth mór talmhan; óir tháinig aingeal an Tighearna anuas ó neamh, agus d’iontuigh sé an chloch, agus do shuidh sé uirthi. 3Agus do bhí a ghnúis mar an teintreach, agus do bhí a éadaighe chomh geal leis an sneachta: 4agus le h‐eagla roimhe bhí an lucht coimhéadtha ar crioth, agus bhíodar i riocht daoine marbh. 5Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé leis na mnáibh, Ná bíodh aon eagla oraibh: tá a fhios agam go bhfuil sibh ar lorg Íosa, an té do céasadh. 6Ní annso atá sé; óir d’aiséirigh sé, fá mar adubhairt sé roimh ré. Tagaidh, féachaidh an áit ’n‐a raibh an Tighearna ’n‐a luighe. 7Agus imthighidh anois go luath, agus innisidh d’á dheisceablaibh, D’éirigh sé ó na marbhaibh; agus féach, atá sé ag dul rómhaibh do’n Ghalilé; chífidh sibh annsin é: féach, adubhras‐sa libh é. 8Agus d’imthigheadar‐san go luath ó’n tuama agus eagla agus an‐áthas ortha, agus do ritheadar chum an scéal d’innsin d’á dheisceablaibh. 9Agus féach, do casadh Íosa ortha, agus adubhairt sé, Go mbeannuighidh Dia dhaoibh. Agus thángadar agus rugadar ar chosaibh air, agus d’adhradar é. 10Annsin adubhairt Íosa leo, Ná bíodh eagla oraibh: imthighidh agus abraidh lem’ bhráithribh imtheacht do’n Ghalilé, agus do‐chífidh siad annsin mé.
11Agus ag imtheacht dóibh, féach, tháinig cuid de na gárdaibh isteach sa gcathair, agus d’inniseadar d’uachtaránaibh na sagart gach a dtarla. 12Agus nuair do chruinnigh siad le chéile i bhfochair na seanóir, agus do ghlacadar cómhairle le chéile, thugadar mórán airgid do na saighdiúiribh, 13g‐á rádh, Abraidh‐se, Tháinig a dheisceabail fá scáth na h‐oidhche, agus do ghoideadar é, nuair do bhío mairne ’n‐ár gcodladh. 14Agus má chluineann an riaghaltóir ’n‐a thaobh, labharfaimíd‐ne leis, agus cuirfimíd slán ó bhaoghal sibh‐se. 15Agus do ghlacadar‐san an t‐airgead, agus do‐rinneadar fá mar adubhradh leo: agus do leath an scéal sin i measc na nIúdach go dtí an lá indiu.
16Acht do chuaidh an t‐aon deisceabal déag do’n Ghalilé, go dtí an cnoc mar a ndearna Íosa coinne leo. 17Agus nuair do‐chonnacadar é, d’adhradar é: acht do bhí amhras ar chuid aca. 18Agus tháinig Íosa chuca agus do labhair sé leo, g‐á rádh, Tugadh dhamh‐sa gach cumhacht ar neamh agus ar talamh. 19Imthighidh‐se, d’á bhrigh sin, agus déanaidh deisceabail as na náisiúnaibh go léir, g‐á mbaisteadh i n‐ainm an Athar, agus an Mhic, agus an Spioraid Naoimh: 20g‐á theagasc dóibh gach ar órduigheas daoibh do chóimhlíonadh, agus féach, atáim‐se ’n‐bhúr bhfochair i gcómhnaidhe, go deireadh an tsaoghail.

Currently Selected:

Matha 28: ATN1951

Highlight

Share

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in